Gan aon stad i gCiarraí leis an sceanairt agus an doirteadh fola

Agus cluiche ceannais na hÉireann faoi-21 ar siúl amárach molann ár gcolúnaí go dtabharfaí a gceart d’imreoirí óga ach go dtabharfaí a gceart chomh maith dóibh siúd a bhfuil siad ag súil le dul i gcomharbacht orthu

INPHO/Morgan Treacy
INPHO/Morgan Treacy

Níor tháinig aon stad i gCiarraí le seachtain anuas leis an sceanairt agus leis an ndoirteadh fola.

Thosnaigh an leagadh, mar is dual oidhreachta i gCiarraí dúinn, tráthnóna Dé Domhnaigh. Lean an ghlágarnach isteach go dtí an Luan mar a raibh cead a gcinn ag saineolaithe agus saoithe na caide ar Terrace Talk de chuid Raidió Chiarraí, agus faoin tráth go raibh a gcuid ráite ag lucht na giolcaireachta i dtreo na hAoine, bhí an saol is an domhan ag titim ar a chéile.

‘Mo dhá shúil a chonaic é, mo dhá chluais a chuala é agus ag bun mo phrompa thiar a buaileadh é go lom cruaidh daingean,’ a dúirt Cearc an Phrompa fadó ach ní raibh aon ní ag an gcearc chéanna ar lucht leanúna Chiarraí.   

Tá an bhuíon imreoirí a thug náire orthu féin agus ar an gcontae lena stánáil in aghaidh Átha Cliath róchríonna, róchúbtha agus róchaite, a dúradh, chun aon ní cóir a dhéanamh feasta i ngarraithe fairsinge ar nós Pháirc a’ Chrócaigh.

Is mó ráiteas níos tréine agus níos teanntásaí ná san cloiste againn ach b’fhéidir gurb é an ceann is mó a chuir conach orm féin ná an ceann a d’áitigh go raibh sé thar am cuid de sheanphlandaí na foirne, leithéidí Mharc Uí Shé, Aidan O’Mahony, Kieran Donaghy agus an Gooch féin, a chur amach chun féaraigh agus scaoileadh le cuid den fhoireann fé bhliain is fiche a mianach a thaispeáint dúinn sa tsamhradh.

Is iad seo na himreoirí céanna a bhí ró-óg, róthámáilte agus róghlas chun dul sa ghleo ag leibhéal na sinsear dar leis an húdair chéanna nuair a bhuaigh Corcaigh orthu sa ghrád faoi bhliain is fiche fé bhun míosa ó shin.

Tá sé ráite riamh gur fearr an té a éiríonn ná an té a thiteann agus táim lán-siúráilte go dtógfaidh bainistíocht agus foireann Chiarraí na ceachtanna a thug Áth Cliath dóibh Dé Domhnaigh seo caite agus go dtiocfaidh siad as an sciúrsáil agus an ciapadh atá á fháil anois acu níos aontaithe agus níos ullmhaithe chun tabhairt faoin gcraobh sa Mheitheamh.

B’fhéidir faoin dtráth sin leis go mbeadh duine nó beirt ón bpainéal faoi bhliain is fiche istigh leo agus má sea, b’fhéidir go mbeadh sé le feiscint go soiléir ag daoine nach ionann bheith id imreoir maith sa ghrád faoi bhliain is fiche sa bhliain 2016 agus bheith id imreoir maith sinsir.

Bheadh duine nó beirt ag imirt le Corcaigh agus le Maigh Eo i gcluiche ceannais na hÉireann in Inis chontae an Chláir tráthnóna amárach, áfach, a bhréagnódh an ráiteas sin.

Tá oiread bainte amach ag Diarmuid O’Connor Mhaigh Eo le bliain nó dhó anuas gur dheacair do dhuine a chreidiúint go bhfuil sé fós ag imirt sa ghrád faoi bhliain is fiche. Ar an dtaobh eile, tá Peter Kelleher Chorcaí tar éis sárfheachtas sraithe a chur de leis an bhfoireann shinsir agus an neart agus an cumas ann cheana féin chun lánchúlaithe na tíre a shuaitheadh.

Ní túisce an dá chluiche leathcheannais buaite ag Corcaigh agus Maigh Eo coicís ó shin ná go raibh daoine ag cásamh an chinneadh a deineadh ag Comhdháil Bhliantúil CLG, i ndeireadh mhí Feabhra, deireadh a chur leis an ngrád tar éis na bliana seo chugainn.

Bhí seo amhlaidh toisc sárchaighdeán na caide sa dá chluiche ach b’fhéidir go bhfuil sé cuí agus ceart go mbeifí ag éirí as nuair is mó atá an choimhlint ina theas.

Caithfear cuimhneamh, leis, go raibh cúiseanna maithe fónta leis an athrú atá le déanamh ó chomórtas faoi bhliain is fiche i gceartlár an earraigh go dtí comórtas d’imreoirí faoi bhun fiche bliain d’aois a imreofar i rith an tsamhraidh. Ar chúis amháin acu sin tá, nach mbeadh an brú céanna ar ógánaigh na tíre ná go deimhin orthu siúd atá in ainm is riaradh a dhéanamh ar chlár cluichí dos na hógánaigh chéanna.

Beag beann ar bhrú agus ar bhráca, ba cheart go ndéanfadh cluiche an lae amáraigh tine a adú sna himreoirí óga i gcomhair fuacht agus fán an tsaoil atá rompu amach mar imreoirí sinsir.

Tá splanc éigin fós beo ón ngríosach thine a fágadh an uair dheireanach ar chas Maigh Eo agus Corcaigh ar a chéile i gcluiche ceannais faoi bhliain is fiche na hÉireann deich mbliana ó shin. ’Siad laochra Mhaigh Eo ón gcluiche sin – leithéidí Keith Higgins, Ger Cafferkey, Séamie O’Shea, Chris Barrett agus Colm Boyle – a spreag athbheochan an chontae i ngrád na sinsear cúig bliana ina dhiaidh agus níl géillte go fóill ag na himreoirí sin ar a n-aisling corn Sam Mhic Uidhir a bhreith leo lá breá éigin.

Maidir le Corcaigh, tá ceannairí na foirne a bhuaigh a gcraobh dheireanach sa ghrád seo i 2009 – Colm O’ Neill, Ciarán Sheehan, Aidan Walsh, Colm O’ Driscoll agus Mark Collins  tar éis a rian féin a fhágaint ar fhoirne sinsir an chontae le blianta beaga anuas.

Beidh muintir Chorcaí ag faire, dá rá réir sin, i bPáirc Chíosóig tráthnóna amárach ar leithéidí Mhichael Hurley, Seán O’Donoghue, Seán Powter agus Kieran Histon féachaint an bhféadfaidís an dubhléim sin ó faoi-21 go sinsear a chur díobh, rud atá déanta cheana ag a gcomhghleacaithe Stephen Cronin agus Peter Kelleher.

Tá an chuma ar an scéal go mbeidh Stephen Coen, Liam Irwin, Conor Loftus, Michael Hall agus dornán beag eile maith go leor sara fada chun bláthú ag an leibhéal is airde mar atá déanta go paiteanta anuraidh ag Diarmuid O’Connor.

Muna mbláthóidh féin, tá súil agam go mbeidh níos mó foighne á chaitheamh leo ná mar a chaitear i gCiarraí! Mol an óige is tiocfaidh sí.

Fág freagra ar 'Gan aon stad i gCiarraí leis an sceanairt agus an doirteadh fola'

  • padraig

    ‘buail an óige agus tiocfaidh sí’ a chleachtaítí i gcónaí ar scoil againne agus bhí imreoirí breátha againn!