Gan aon stad ar mheath an DUP sa phobalbhreith is déanaí

Sí mian an DUP gur reifreann faoin bPrótacal iarBhreatimeachta a bheidh sa toghchán, ach ní léir gurb í sin mian an phobail

Gan aon stad ar mheath an DUP sa phobalbhreith is déanaí

Aon seachtain déag ón lá amárach rachaidh toghthóirí Thuaisceart Éireann chuig na bothanna vótála do thoghchán a cheaptar a bheidh stairiúil. 

Sí mian an DUP gur reifreann faoin bPrótacal iarBhreatimeachta a bheidh ann, a gceannaire ag maíomh gurb í sin an cheist is tábhachtaí ar fad d’aontachtaithe, d’ainneoin iliomad comharthaí go bhfuil dul amú air. 

Ó táthar ag tuar gurb í Michelle O’Neill, Sinn Féin, a bheidh i dteideal na chéad-aireachta in Stormont tá an DUP ag iarraidh a chur ina luí ar aontachtaithe gurb é an DUP amháin agus a fheachtas in aghaidh an Phrótacail a sheasann idir iad agus an tromluí sin. 

Má fhiafraíonn Jeffrey Donaldson de féin i ndorchadas na hoíche cén cat mara a ghreamaigh an DUP (go fonnmhar, fórsúil) i líon an ERG agus Boris Johnson, lucht an Bhreatimeachta chrua, níl sé á admháil. Bhí titim thubaisteach ar thacaíocht an pháirtí de réir na bpobalbhreitheanna go léir le bliain. Bhí láimhseáil chiotach an pháirtí ar an mBreatimeacht, agus a iarmhairt an Prótacal, ar chuid de na príomhchúiseanna leis an meath sin.

I bhfianaise na pobalbhreithe is deireanaí a foilsíodh san Irish News inné agus arú inné dúirt Jeffrey Donaldson go raibh an bhearna idir iad agus Sinn Féin á cúngú ag an DUP. Ar chéad amharc d’fhéadfá a rá go raibh an ceart aige ach botún a bheadh ann. 

Léirigh an suirbhé de chuid Institiúid an Léinn Éireannaigh in Ollscoil Learphoill san Irish News go raibh tacaíocht an DUP ag 19.4% agus Sinn Féin ag 23.2%. 

Sin bearna níos lú ná a bhí eatarthu i bpobalbhreith Lucid Talk san Belfast Telegraph le déanaí ina raibh 17% ag DUP agus 25% ag Sinn Féin. Bheadh comparáid leis an suirbhé a rinne Ollscoil Learphoill i mí na Samhna níos ábhartha. Sa cheann sin bhí 20.6% ag an DUP agus 23.5% ag Sinn Féin. Lean an meath cé go raibh na tuairimí á mbailiú nuair a tharraing an DUP an Chéad-Aire as an bhFeidhmeannas mar chuid den fheachtas i gcoinne an Phrótacail.

Bhí aistarraingt Paul Givan as an gcéad-aireacht dírithe cuid mhór ar na vótóirí a bhí ag tréigean an DUP chun tacú le seasamh neamhghéilliúil Jim Allister agus an TUV maidir leis an bprótacal. 

Fuair Jeffrey Donaldson dea-scéal amháin de bharr an ghnímh sin nuair a d’fhógair Allister go molfadh sé do lucht tacaíochta an TUV aistriú chuig aontachtaithe eile. Luíonn sé le réasún gur dóichí gur chuig an DUP a rachaidh na vótaí seachas an UUP.  

Caolseans gur leor é, áfach, chun a chinntiú go gcoinneodh an DUP an chéad-aireacht. Má tá an DUP chun casadh drámatúil a chur sa scéal sna 77 lá idir seo agus an 5 Bealtaine beidh clár feachtais faoi cheisteanna thairis an Prótacal riachtanach. 

Mar a léirigh sé nó seacht bpobalbhreith eile le bliain, ní hé an prótacal an gad is giorra don scornach ag mórán. 6.7% den bpobal trí chéile a dúirt sa bpobalbhreith is deireanaí gurb é an prótacal an t-ábhar ba mhó ba chás leo. Mhéadaigh an líon sin go 11.7%, duine as ochtar, nuair is aontachtaithe amháin a bhí i gceist ach chuir siad sláinte, 30%, eacnamaíocht, 23%, agus atógáil i ndiaidh na paindéime, 17%, chun tosaigh air.

Ní féidir talamh slán a dhéanamh d’aon toradh chomh luath seo sa bhfeachtas. Is minic cheana a bhris béal polaiteora a shrón nó a srón le linn an fheachtais mar a rinne Arlene Foster le ‘crogaill’ na Gaeilge in 2017. Ina theannta sin bhí céatadán ard de thoghthóirí éiginnte, nó ní raibh siad toilteanach a meon a nochtadh. Duine as gach cúigear a bhí i gceist agus ba aontachtaithe nó daoine den lár a bhformhór.

 Is cosúil gur Sinn Féin a bheidh i dtús áite, iad chun tosaigh ar gach páirtí eile sna suirbhéanna uilig le breis is bliain. 

Ní dhéanfaidh sé dochar ar bith dóibh go bhfuil aontachtaithe, idir an DUP agus an UUP, ag diúltú a rá go mbeidís toilteanach cumhacht a roinnt le Sinn Féin dá mbeadh siad sa chéad-aireacht. Gríosú é sin do lucht tacaíochta na bpoblachtach a dhul amach ag vótáil. Bhí an vóta náisiúnach san iomlán san suirbhé nua an-íseal ag 33%. Níor léir cé acu an patuaire ba chúis leis nó vótóirí a bheith ag bogadh chuig Alliance nó an Comhaontas Glas.

Tá páirtí an Alliance sa tríú háit ag 15.6%, stádas a bhí seasta go leor le bliain. Faigheann an páirtí aistrithe as gach treo agus dá réir ní féidir a chur as an áireamh go mbeadh seans acu ar an gcúigiú suíochán i gcuid mhaith de na toghcheantair. Dá mbeadh siad ar an dara grúpa is mó, an gcaithfí na rialacha a athrú le go mbeidís i dteideal na leasChéad-Aireachta? Caisleáin óir seans, ach bhainfeadh sé croitheadh as an seanreacht.

Fág freagra ar 'Gan aon stad ar mheath an DUP sa phobalbhreith is déanaí'