Gan aon sciorta den ádh ar Barr ná English

Bhí mí-ádh ar Thomas Barr agus Mark English i gCraobhchomórtais Raoin is Faiche an Domhain i mBéising ag an deireadh seachtaine

Thomas Barr. Pictiúr: INPHO/Ian MacNicol
Thomas Barr. Pictiúr: INPHO/Ian MacNicol

Cliathrás 400m

Faraor, níor éirigh le Thomas Barr (CL Ferrybank, Port Láirge) áit a bhaint amach i mbabhta ceannais an chliathrása 400m i gCraobhchomórtais Raoin is Faiche an Domhain i mBéising na Síne ag an deireadh seachtaine.

Rith sé 49.20 soicind ar an Satharn chun áit a fháil sa rás leathcheannais, ach faraor, socraíodh go rithfeadh sé an rás amuigh i lána 9. Mar sin féin, d’éirigh leis 48.71 a rith sa chéad rás leathcheannais, 0.25 soicind níos moille ná Yasmani Capello na Tuirce, a bhain curiarracht náisiúnta amach sa dara rás chun an áit dheireanach a bhaint amach.

In ainneoin nach raibh aon sciorta den ádh air inniu, is féidir leis a bheith bródúil as an dul chun cinn iontach atá déanta aige i mbliana. I mí Bealtaine, bhain sé an tríú háit amach ina chéad rás riamh sa tSraith Dhiamantach i nDoha nuair a rith sé 48.99 soicind. Sa Róimh, cúpla seachtain ina dhiaidh sin, tháinig sé sa cheathrú háit ach rith sé rás níos fearr – 48.65 an t-am a bhí aige agus an líne á trasnú aige. Faoi dheireadh, bhuaigh sé an bonn óir i gCluichí Domhanda na nOllscoileanna i mí Iúil.

Mark English. Pictiúr: INPHO/Ian MacNicol
Mark English. Pictiúr: INPHO/Ian MacNicol

800m

Bhí mí-ádh ar Mark English (CL UCD) freisin sa rás 800m. Rith English sa tríú rás leathcheannais agus mar sin, bhí a fhios aige go raibh air an líne a thrasnú faoi bhun 1:45.02 chun áit sa rás cheannais a bhaint amach. Cé go bhfuil 1:44.84 mar sháriarracht phearsanta aige, níor éirigh leis an tsáriarracht sin a shárú.

D’fhan sé thiar i ndeireadh an ghrúpa ar dtús, mar a dhéanann sé go rialta, ag fanacht leis an dara cuairt den raon chun dul ar an ionsaí. De ghnáth, téann sé amach chuig lána a 3 nó a 4 chun a chríoch ráibe a dhéanamh ach bhí beirt eile ag iarraidh an rud céanna a dhéanamh; b’fhéidir gur chuir sin a intinn ar strae ar feadh leathshoicind, leathshoicind a bhí riachtanach chun fanacht sna craobhchomórtais.

Déanfaidh David Rudisha, an Céiniach a bhfuil an Bráthair Colm O’Connell as Luimneach mar thraenálaí aige, iarracht a chraobh 800m a chosaint amárach, Dé Máirt ag 13.55 pm.

Rás sealaíochta 4x400m

Beidh seans eile ag Barr agus English sna craobhchomórtais seo, áfach, nuair a ghlacfaidh siad páirt sa rás sealaíochta 4x400m maidin Dé Sathairn. Tá Brian Gregan (CL Clonliffe Harriers), Brian Murphy (CL Crusaders), Richard Morrissey (CL Crusaders) agus Timmy Crowe (CL Clonliffe Harriers) ar an bhfoireann sealaíochta freisin.

Fág freagra ar 'Gan aon sciorta den ádh ar Barr ná English'