Gan aon radharc ar Ros Muc ar chomhartha bóthair toisc nach ‘ceann scríbe’ é

Moladh ag cruinniú de Choiste Chomhairleoirí Chonamara go mbainfí ‘Scríb’ den chomhartha bóthair ag an Teach Dóite agus ‘Ros Muc’ a chur ina áit

parade012
Pictiúir: Lydia Hébras Hernon

Ba mhór i gceist é an Stáisiún Ginte Leictreachais i Scríb agus ní lú ná sin an cháil atá ar Theach Scríbe i gConamara.  Ach níl a leithéid d’áit ann agus Scríb.  Sin é a dúirt an Comhairleoir Contae, Seosamh Ó Cualáin, ag cruinniú de Choiste Chomhairleoirí Chonamara ar an bhFáirche trathnóna Dé Máirt:

“Dá scríobhfá síos Scríb mar sheoladh do dhuine a thabharfaí chun cúirte, chaithfí amach an chúis”, a deir an Comhairleoir Ó Cualáin, iarSháirsint sna Gardaí Síochána.

Ros Muc a tharraing an chaint i dtosach.  Dúirt an Comhairleoir Ó Cualáin go mba mhór an botún é nach raibh Ros Muc luaite ar chomharthaí ag crosbhóthar Dhoire an Fhéidh i ndeisceart Chonamara ná ag crosbhóthar an Tí Dhóite:

“Tá €4 mhilliún á gcaitheamh ar Ionad na bPiarsach, agus ní fiú agus go bhfuil ainm na háite le feiceáil ar chomharthaí leathscór míle ó bhaile,” a dúirt Ó Cualáin.

Mhínigh Kurt Ó Loideáin, feidhmeannach de chuid na Comhairle Contae, gur tháinig comhlacht comhairleoireachta RPS, a bhí ag obair do Chomhairle Chontae na Gaillimhe, ar an gcinneadh nach mbeadh ‘Ros Muc’ á chur ar chomharthaí an Dhóite.

Dúirt na comhairleoirí nach ‘ceann scríbe’ é Ros Muc.  Cuireadh Carna ar an gcomhartha ar an Teach Dóite mar go mba ‘ceann scríbe’ é, a dúradh.

Ach pé míniú atá ar ‘cheann scríbe’, dúirt an Comhairleoir Ó Cualáin gur cheart ‘Scríb’ a bhaint den chomhartha ag an Teach Dóite agus ‘Ros Muc’ a chur ina áit. 

Dúirt feidhmeannaigh na Comhairle Contae go ndéanfadh siad plé ar an ábhar.

Fág freagra ar 'Gan aon radharc ar Ros Muc ar chomhartha bóthair toisc nach ‘ceann scríbe’ é'