Gan aon phlean ar leith ag an Roinn Oideachais d’athoscailt scoileanna lán-Ghaeilge

Tá imní ar lucht an ghaeloideachais go mbeidh dúshláin bhreise le sárú acu ar athoscailt dóibh, go háirithe i dtaobh múinteoirí breise le Gaeilge a fháil

Gan aon phlean ar leith ag an Roinn Oideachais d’athoscailt scoileanna lán-Ghaeilge

Níl aon phlean ar leith ag an Roinn Oideachais chun a chinntiú go gcuirfear múinteoirí a bhfuil Gaeilge líofa acu ar fáil do scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge mar chuid den phlean d’athoscailt na scoileanna.

Dheimhnigh an Roinn Oideachais an méid sin do Tuairisc.ie tráth a bhfuil imní agus díomá léirithe ag lucht Gaeloideachais faoi chuid de phlean an Rialtais d’athoscailt na scoileanna an mhí seo chugainn.

Mar chuid den phlean €375 milliún a d’fhoilsigh an Rialtas an tseachtain seo, cuirfear breis is míle múinteoir breise ar fáil do scoileanna, ach thug urlabhraí ón Roinn Oideachais le fios do Tuairisc.ie gur faoi na scoileanna féin a bheidh sé a chinntiú go mbeidh na múinteoirí breise oiriúnach dóibh.

Ag leibhéal na hiarbhunscoile, tabharfar maoiniú breise do na scoileanna chun múinteoirí breise a earcú agus is faoi na scoileanna féin a bheidh sé ina dhiaidh sin a chinntiú go bhfuil an múinteoir oiriúnach don “earnáil” agus don fholúntas atá acu.

Maidir le bunscoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna, beidh siad ag tarraingt ar na painéil chéanna múinteoirí a mbeidh gach scoil eile ag brath orthu do mhúinteoirí breise.

Agus ganntanas múinteoirí le Gaeilge líofa ann cheana, tá imní ar eagraíochtaí amhail Gaeloideachas go mbeidh níos mó dúshlán le sárú ag scoileanna lán-Ghaeilge ná mar a bheidh ag scoileanna eile.

Dúirt Bláthnaid Ní Ghreacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas gur léir gurb í sábháilteacht agus sláinte dhaltaí agus bhaill foirne na scoileanna an rud is tábhachtaí ach go gcaithfí cás na Gaeilge a chur san áireamh sa phlean athoscailte a foilsíodh Dé Luain.

“Ní mór dúinn a chinntiú nach mbeidh impleachtaí móra ann don Ghaeilge mar theanga an teagaisc, na foghlama agus na cumarsáide agus go mbeidh an Ghaeilge lárnach sa phleanáil ag leibhéal na Roinne agus na Ranna,” arsa Bláthnaid Ní Ghreacháin.

Bhí ceist ann chomh maith, a dúirt sí, faoin ngá a bhí ann a chinntiú go mbeidh Gaeilge líofa ag aon chúntóir riachtanais speisialta, ball foirne riaracháin, maoirseoir, treoirchomhairleoir nó síceolaí a chuirfear ar fáil do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta faoin bplean.

Dúirt Uachtarán Gaeloideachas, Seán Ó hArgáin, go raibh “míshástacht” léirithe cheana féin ag scoileanna faoi easpa acmhainní agus cumarsáide i nGaeilge ón Roinn Oideachais le linn na paindéime.

Dúirt Séan Ó hArgáin go raibh Gaeloideachas “sásta” gur eisíodh leagan Gaeilge den treochlár d’athoscailt na scoileanna ach gur “ábhar díomá” é nach raibh na cáipéisí tacaíochta do bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna ar fáil i nGaeilge, ina measc an Plean Freagartha do scoileanna.

“Agus achar ama chomh teoranta ann go dtí athoscailt na scoileanna, tá ag méadú go suntasach ar an mbrú ar scoileanna a fheidhmíonn trí Ghaeilge.

“Beimid ag súil go mbeidh na buntacaíochtaí seo curtha ar fáil trí Ghaeilge mar aon leis na tacaíochtaí eile atá luaite, ina measc oiliúint ar líne d’fhoireann na scoile móide an líne chabhrach ar fáil mar rogha trí Ghaeilge,” arsa Cathaoirleach Gaeloideachas, Seán Ó hArgáin.

Dúirt Dónal Ó hAiniféin, Cathaoirleach COGG, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, go raibh deis eile caillte le forbairt a dhéanamh ar an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta.

Dúirt sé gur ábhar suntais dó nach raibh aon cheann den 58 painéal soláthair atá le bheith ann lonnaithe sa Ghaeltacht.

“Is cúis díomá dúinn nach bhfuil aon cheann de na painéil lonnaithe i gceantar tíreolaíochta Gaeltachta chun tacú leis an bPolasaí don Oideachais Gaeltachta,” a dúirt Ó hAiniféin.

“Níl sé soiléir dúinn faoi láthair an mbeidh na painéil is giorra do na Gaeltachtaí lonnaithe i nGaelscoileanna, nó ceangailte le Gaelscoileanna, chun deimhniú go bhfuil ardchumas Gaelainne ag na múinteoirí iontu.”

“Dá mbeadh painéal ceangailte le Gaelscoil, thitfeadh sé ar bhainistíocht na scoile an córas agallaimh a dhéanamh don phainéal sin agus d’fhéadfaí béim a chur ar an tuiscint a bhí ag iarrthóirí ar an nGaelscolaíocht agus ar chumas a gcuid Gaeilge.”

Fág freagra ar 'Gan aon phlean ar leith ag an Roinn Oideachais d’athoscailt scoileanna lán-Ghaeilge'

  • Bríd

    Cad atá ar siúl ag lucht an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta? An bhfuil aon rud?