Gan aon fhocal i nGaeilge nó faoin nGaeilge i gclár ‘Comóradh 1916’ Pháirtí an Lucht Oibre

Níl tada faoin nGaeilge sa chlár imeachtaí oifigiúil do Chomóradh 1916 atá seolta ag Páirtí an Lucht Oibre ach gealltar go gcuirfear imeachtaí Gaeilge leis

Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland
An tAire Stáit Aodhán Ó Riordáin. Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Tá sé séanta ag Páirtí an Lucht Oibre gur i mBéarla amháin a bheas na himeachtaí atá beartaithe don bhliain seo chugainn ag an bpáirtí sin mar chomóradh 100 bliain ar Éirí Amach na Cásca 1916.

Ní luaitear aon imeachtaí trí Ghaeilge a bheith ar siúl nó ní dhéantar aon tagairt do ról lárnach na teanga sa tréimhse staire chinniúnach seo sa chlár oifgiúil a sheol an páirtí le linn na deireadh seachtaine. Ba i mBéarla amháin a foilsíodh an clár freisin.

Dúirt urlabhraí Pháirtí an Lucht Oibre le Tuairisc.ie gur ‘cáipéis bheo’ a bhí i gclár na n-imeachtaí agus go gcuirfí imeachtaí eile leis an gclár as seo go ceann bliana. Dúirt an t-urlabhraí go mbeadh fáilte á cur ag cathaoirleach an Chomórtha ag Páirtí an Lucht Oibre, an tAire Stáit Aodhán Ó Riordáin, roimh mholtaí ón bpobal agus ó bhaill Pháirtí an Lucht Oibre faoi imeachtaí ba cheart a chur leis an gclár.

Dúirt sé freisin go mbeadh deis ann ‘for the inclusion of Irish language elements’ i measc na na dtaispeántas, comórtais scoile, seimeanáir agus cruinnithe poiblí. Dhiúltaigh an t-urlabhraí glacadh leis gur imeachtaí trí Bhéarla amháin a bheadh i gceist.

“Nobody is for one moment suggesting that they are to be English-only events,” a dúirt sé le Tuairisc.ie

Fág freagra ar 'Gan aon fhocal i nGaeilge nó faoin nGaeilge i gclár ‘Comóradh 1916’ Pháirtí an Lucht Oibre'

  • Pól Ó Braoin

    Tá a fhios ag an saol agus ag madaí na sráide go raibh riamh, go mbíonn agus go mbeidh Páirtí an Lucht Oibre ag iarraidh deireadh sciobtha a chur lenár dteanga. Déanfar gach leithscéal a chur faoinár mbráid faoi ‘Irish language elements’ srl. ach creidigí é nach ndéanfar i nGaeilge iad…