Tá ráite ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nach bhfuil aon dul chun cinn déanta ag an eagraíocht maidir lena sprioc go mbeadh modúil Ghaeilge ina gcuid d’oiliúint dochtúirí agus altraí in ollscoileanna ar fud na tíre.
Gheall an HSE in 2019 go raibh sé mar chuspóir ag an eagraíocht modúil Ghaeilge, mar atá san áireamh in oiliúint dochtúirí agus altraí in Ollscoil na Gaillimhe faoi láthair, a leathnú amach go coláistí tríú leibhéal eile sa stát mar bhealach chun cabhrú le seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil. Ceithre bliana ar aghaidh, tá admhaithe ag an HSE nach bhfuil aon dul chun cinn déanta ar an gceist, áfach.
Leagadh an cuspóir sin amach i Straitéis na Gaeilge 2019-2023 a d’eisigh an fheidhmeannacht.
Mar chuid den iarracht tacaíocht a chur ar fáil d’institiúidí tríú leibhéal, dúradh sa straitéis go bhféadfaí ábhar cúrsa a sholáthar d’institiúidí, scoileanna leighis agus altranais, chun modúil don bhunchúrsa agus deiseanna oiliúna teanga a chur i láthair mar chuid d’oiliúint chaighdeánach gairmithe cúraim sláinte agus sóisialta. D’fhéadfaí, mar shampla, modúl la chur ar fáil ar ‘Measúnú ar Chúram Othar a Dhéanamh i nGaeilge’, a dúradh.
In ainneoin go bhfuil a leithéid ar fáil do mhic léinn in Ollscoil na Gaillimhe, níl sé curtha i bhfeidhm in aon institiúid tríú leibhéal eile sa stát go fóill. Dúirt urlabhraí de chuid an HSE le Tuairisc go raibh an scéal “pléite le hinstitiúidí éagsúla” ach nach raibh aon dul chun cinn déanta go dtí seo.
Bhí an straitéis mar chuid de phlean an HSE cur le líon na ndaoine san eagraíocht atá in ann seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge.
Scéim eile a bhí ag an HSE chun tuilleadh Gaeilgeoirí a earcú, agus a chur ag obair sa Ghaeltacht ach go háirithe, ná scéim scoláireachtaí a cuireadh ar fáil chun mic léinn a bhfuil Gaeilge acu a mhealladh i dtreo cúrsaí leighis.
Faoin scéim, a reáchtáiltear i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, cuirtear scoláireachtaí luach €4,000 ar fáil do mhic léinn a bhíonn ag iarraidh staidéar a dhéanamh i réimsí ar leith – Teiripe Urlabhra agus Teanga, Leigheas, Teiripe Saothair, Altranas, Cógaisíocht agus Fisiteiripe. Beidh sé de chomaoin ar na daoine sin trí bliana a ghealladh ag obair sa Ghaeltacht i ndiaidh a gcuid staidéir a chríochnú.
Ó cuireadh tús leis an scéim in 2018, bronnadh scoláireachtaí ar 28 duine a bhí ag staidéar sna réimsí thuas agus deir an HSE go bhfuil ceathrar acusan anois ag obair sa Ghaeltacht. Tá deichniúr eile atá fós i mbun staidéir ag fáil scoláireachtaí i láthair na huaire.
Is minic a bhíonn ceist sheirbhís i nGaeilge ón HSE i mbéal an phobail agus deacrachtaí ann le fada maidir le hearcú dochtúirí agus cúramóirí sláinte le Gaeilge sa Ghaeltacht.
Cordelia Nic Fhearraigh
Caidé’n mhaith lucht leighis le cumas labhairt na Gaeilge acu nuair a bhíonn siad ag plé lena bpoist féin go hinmheánach trí mheán an Bhéarla?
An bhfuil sé fágtha ag na daoine seo iad féin a chuir in aithne don phobal ar bhun deonach go bhfuil cumas labhairt na Gaeilge acu??
Nuair atá sé de chleachtadh ag pobal na Gaeltachta a ngnóithe a dhéanamh leis an stáit trí mheán an Bhéarla – múinteoirí scoile ina measc – nach bhfuil dualgas ar an stáit an meon intinne sin a athrú? Nach bhfuil dualgas ar na seirbhísí sláinte an Ghaeilg a chuir chun cinn agus an pobal Gaeltachta a chuir ar an eolas go bhfuil an tseirbhís ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht agus má bhíonn seirbhís trí Bhéarla uait go mbeidh ort sin a lorg taobh amuigh den Ghaeltacht?
Mar atá sé faoi láthair, is seirbhís sláinte atá a lorg ag daoine sa Ghaeltacht – iad ina gcónaí i gceantair iargúlta atá faoi mhíbhuntáiste – mórchuid acu nach bhfuil árachas sláinte príobháideach acu – agus níl an t-am ná an foighid (foighne) acu bheith ag cuardú seirbhís trí Ghaeilg. Mar sin, tá sé suas ag an stáit bheith ina cheannródaí agus cuidiú le daonra na Gaeltachta an Ghaeilg a úsáid nuair a bhíonn siad ag plé leis na seirbhísí stáit.
Arís, bheinn den tuairim go bhfuil ról lárnach le plé ag an chóras oideachais anseo.