Gan aon chosúlacht air go bhfuil deireadh i ndán don chogadh, Iosrael ag géarú ar a ionsaithe 

Dúirt comhairleoir náisiúnta slándála Iosrael Tzachi Hanegbi go bhféadfadh go mairfeadh an cogadh roinnt míonna eile 

Gan aon chosúlacht air go bhfuil deireadh i ndán don chogadh, Iosrael ag géarú ar a ionsaithe 

Tá rabhadh tugtha ag Iosrael go bhféadfadh go leanfadh an cogadh ar aghaidh tamall maith eile.

Tá deisceart Gaza fós á bhombardú ag arm Iosrael agus dhá mhí caite ó thosaigh an cogadh.

Tá brú mór idirnáisiúnta á chur ar rialtas Iosrael deireadh a chur leis an gcoimhlint.

D’ionsaigh Iosrael ón aer ar maidin na cathracha Khan Younis agus Rafah agus dhírigh a gcogadh le talamh ar champaí teifeach.

Dúirt comhairleoir náisiúnta slándála Iosrael Tzachi Hanegbi go bhféadfadh go mairfeadh an cogadh roinnt míonna eile.

I lár Gaza rinne tancanna Iosrael ionsaithe sliogán ar champaí teifeach Bureij agus Maghazi.

Tá ordú tugtha acu do dhaoine teitheadh as lár Khan Younis.

Tá na daoine atá ar a dteitheadh ó na hionsaithe plódaithe isteach i gceantar beag sa deisceart ar an teorainn leis an Éigipt, áit a bhfuil bia, uisce agus cógais gann.

Deir na Náisiúin Aontaithe go bhfuil an baol ann go dteipfeadh ar fad ar an gcóras daonnúil fóirithinte in Gaza agus go bhféadfadh an t-ord poiblí ar fad titim as a chéile ansin.

Deir Hamas nach scaoilfidh siad saor oiread agus giall amháin eile mura ngéilltear dá n-éileamh maidir le saoradh príosúnach Palaistíneach.

Deir Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu go bhfuil na scórtha trodaire de chuid Hamas i ndiaidh iad féin a thabhairt suas agus mhaígh sé go raibh “deireadh a ré” ag druidim leis an ngrúpa.

Mhaígh Hamas nach raibh aon bhunús le caint Netanyahu.

Maraíodh 1,200 duine nuair a thug Hamas ruathar thar teorainn ar Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair agus fuadaíodh thart ar 240 duine idir óg is aosta mar ghialla.

Deir aireacht sláinte Gaza atá faoi cheannas Hamas go bhfuil breis is 18,000 duine, curtha den saol ó shin in ionsaithe díoltais Iosrael.

B’éigean do 1.8 million duine, ceathrar as gach cúigear de phobal Gaza, teitheadh óna mbailte ó thosaigh an choimhlint.

Fág freagra ar 'Gan aon chosúlacht air go bhfuil deireadh i ndán don chogadh, Iosrael ag géarú ar a ionsaithe '