Níl aon chinneadh déanta fós faoi cathain a íocfar le hÚdarás na Gaeltachta an t-ardú ar a bhuiséad caipitil atá geallta sa Phlean Forbartha Náisiúnta.
Gealltar sa Phlean Forbartha Náisiúnta, Project Ireland 2040, go méadófar buiséad caipitil Údarás na Gaeltachta go €12 milliún in aghaidh na bliana. Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh sa Dáil, áfach, gur “le linn an ghnáthphróisis meastacháin sna blianta atá amach romhainn” a dhéanfar cinneadh maidir “le hamchlár” an deontais mhéadaithe.
D’fhógair an Rialtas sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027 go gcuirfí €178 milliún ar fáil mar airgead caipitil do thograí Gaeilge, Gaeltachta agus oileán as seo go ceann 10 mbliana. B’ionann sin agus €78 milliún sa bhreis ar an €100 milliún atá ar fáil mar bhuiséad caipitil faoi láthair, a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh.
Chuir an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív i leith an Aire Stáit sa Dáil an tseachtain seo go mbíonn sé ag déanamh “gaisce” as an maoiniú caipitil a chuirtear ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ach gurb é fírinne an scéil go raibh an caiteachas sin tite ó €71 milliún in 2008 go dtí €10 milliún in 2018.
Mhaígh Ó Cuív go raibh an scéal amhlaidh in ainneoin go raibh mórán an méid chéanna caiteachais caipitil – €62 billiún – á dhéanamh ag an Rialtas i mbliana is a bhí á dhéanamh in 2008.
Deir Joe McHugh go dtugann an Plean Forbartha Náisiúnta “aitheantas láidir” do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.
I measc na dtograí nua in ‘Project Ireland 2040’, tá ionad Gaeilge agus cultúrtha i lár chathair Bhaile Átha Cliath, a mhaítear go gcuirfidh sé le fás phobal na Gaeilge san ardchathair.
Déanfar ionaid teanga a fhorbairt chomh maith, a deirtear, sna bailte atá luaite sa chóras pleanála teanga mar bhailte seirbhíse Gaeltachta agus sna ceantair atá luaite mar Líonraí Gaeilge.
Deirtear sa phlean go neartóidh an infheistíocht atá geallta an Ghaeilge mar phríomhtheanga phobal na Gaeltachta agus go gcuirfidh sé leis na deiseanna atá ar fáil an Ghaeilge a labhairt lasmuigh den Ghaeltacht.
Deirtear chomh maith go bhfuil cuid de cheantair na Gaeltachta i measc na gceantar is mó sa tír atá faoi mhíbhuntáiste agus gur gá dá réir 1,000 post in aghaidh na bliana a chruthú sa Ghaeltacht. Chuige sin, gealltar go n-ardófar buiséad caipitil Údarás na Gaeltachta de réir a chéile go dtí €12 milliún.
Maítear go gcuirfidh sé seo ar chumas an Údaráis 400 post nua in aghaidh na bliana a chruthú i dtús thréimhse an phlean agus go n-ardófaí an sprioc sin go dtí 1,000 post sa bhliain ina dhiaidh sin.
Fág freagra ar 'Gan aon chinneadh fós faoi cathain a thabharfar maoiniú breise d’Údarás na Gaeltachta'