Gan aon chinneadh déanta fós ag Kyne faoin bpróiseas tairisceana do sheirbhís aeir d’Oileáin Árann

Cruinniú le bheith ag Aire na Gaeltachta Dé hAoine le Teachtaí Dála agus Seanadóirí Ghaillimh Thiar leis an gceist a phlé

 

Seán Kyne

Níl aon chinneadh déanta fós ag Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne faoina bhfuil i ndán don phróiseas tairisceana do sheirbhís aeir d’Oileáin Árann.

Dúirt an tAire sa Dáil tráthnóna go gcaithfeadh sé a bheith “cúramach” faoin méid a déarfadh sé faoin bpróiseas de bharr cúinsí dlí, ach níor chuir sé as an áireamh go gcaithfí i dtraipisí an próiseas agus go dtosófaí as an nua.

Bhí an tAire ag freagairt ceisteanna ó Éamon Ó Cuív, urlabhraí Gaeltachta Fhianna Fáil, sa Dáil tráthnóna.

Thug an tAire Kyne cuireadh do Theachta Dála Fhianna Fáil, agus do Theachtaí Dála agus Seanadóirí eile Ghaillimh Thiar, teacht ag cruinniú Dé hAoine leis féin agus oifigigh a Roinne chun an próiseas tairisceana a phlé.

Dúirt sé nach mbeadh an Seanadóir nua Pádraig Ó Céidigh i láthair ag an gcruinniú. Is le Ó Céidigh Aer Arann Islands, an comhlacht a chuireann an tseirbhís aeir d’Oileáin Árann faoi láthair.

Dúirt an tAire an tseachtain seo caite go bhfuil gach gné den phróiseas tairisceana á scrúdú aige, agus go bhfuil sé ag féachaint go háirithe ar cheisteanna faoin bpróiseas a bhaineann le cúrsaí dlí agus soláthair.

Dúirt Ó Cuív go raibh gá le soiléire maidir le cé acu ar phléigh nó nár phléigh an Roinn an costas a bhainfeadh le soláthar Aerfort na Mine don aersheirbhís nua sular cuireadh tús leis an bpróiseas tairisceana.

Mhaígh Seán Kyne sular ceapadh ina Aire é gur cheart an próiseas a fógraíodh i mí Aibreáin a chaitheamh i dtraipisí agus tosú as an nua.

Dar le hÉamon Ó Cuív gur cheart go gcaithfí an próiseas i dtraipisí le cinntiú gur seirbhís eitleáin a bheadh i gceist agus nach mbeadh aon ardú táille i gceist leis an tseirbhís.

Is é an 17 Meitheamh an sprioc do thairiscintí don aersheirbhís.

Is é seo an dara próiseas tairisceana don aersheirbhís a cuireadh ar bun le cúpla bliain anuas.

Bhain conspóid mhór le fógra na bliana seo caite gurbh iad Executive Helicopters Limited a roghnaíodh le seirbhís aeir a chur ar fáil do mhuintir Árann.

Chuir muintir Árann feachtas ar siúl an uair sin ag éileamh gur sheirbhís eitleáin ó Aerfort na Mine in Indreabhán go dtí na hoileáin a bheadh ann seachas seirbhís héileacaptair as an gCarn Mór sa Ghaillimh.

Ba é toradh na conspóide sin ná gur fhógair iar-aire stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, ar an 25 Meán Fómhair 2015, go raibh deireadh curtha aige leis an bpróiseas tairisceana don aersheirbhís agus go raibh próiseas nua á chur ar bun aige.

Is do sheirbhís aeir as Aerfort na Mine amháin atá tairiscintí á lorg mar chuid den phróiseas tairisceana nua a fógraíodh i mí Aibreáin.

Chuir muintir Árann i gcoinne an phróisis nua chomh maith agus iad míshásta nár dúradh nach bhféadfaí seirbhís héileacaptair a sholáthar.

Bhíothas buartha leis go dtiocfadh ardú ar tháille na seirbhíse i ndiaidh an chomórtais.

Is fiú suas le €3.6 milliún an conradh nua ceithre bliana.

Fág freagra ar 'Gan aon chinneadh déanta fós ag Kyne faoin bpróiseas tairisceana do sheirbhís aeir d’Oileáin Árann'