Gan aon chinneadh déanta ag an INTO go fóill faoi cheist an liúntais Gaeltachta i scoileanna nach bhfuil ag iarraidh ‘stádas’ Gaeltachta

Níor chuir 30% de scoileanna atá lonnaithe i gceantar Gaeltachta isteach ar aitheantas mar scoil Ghaeltachta roimh an chéad sprioclá an tseachtain seo caite

Gan aon chinneadh déanta ag an INTO go fóill faoi cheist an liúntais Gaeltachta i scoileanna nach bhfuil ag iarraidh ‘stádas’ Gaeltachta

Níl aon chinneadh déanta ag an INTO go fóill faoi cheist an liúntais Gaeltachta i gcás múinteoirí atá ag obair i scoileanna atá lonnaithe sa Ghaeltacht oifigiúil ach a bheartaíonn gan cur isteach ar stádas Gaeltachta.  Tá deis á tabhairt faoi láthair do scoileanna cur isteach ar ‘aitheantas Gaeltachta’ faoin scéim nua aitheantais do scoileanna atá á cur i bhfeidhm ag an Roinn Oideachais i láthair na huaire mar chuid den pholasaí oideachais nua don Ghaeltacht.

Thug urlabhraí de chuid INTO le fios do Tuairisc.ie go bhfuil sé “róluath” a bheith ag caint ar a leithéid de cheist agus gan an spriocdháta chun léiriú spéise i stádas Gaeltachta a bhaint amach istigh go fóill.

Déardaoin seo caite an sprioclá a bhí luaite le hiarratais ar aitheantas mar ‘scoil Ghaeltachta’ agus tugadh síneadh ama go dtí deireadh na míosa do scoileanna. Níor chuir 30% de scoileanna atá lonnaithe i gceantar Gaeltachta isteach ar aitheantas mar scoil Ghaeltachta roimh an chéad sprioclá an tseachtain seo caite.

Dúirt an t-urlabhraí ón INTO le Tuairisc.ie freisin, áfach, go gcaithfí a a chur san áireamh go bhféadfadh go ndiúltódh scoil do stádas Gaeltachta a bhaint amach in aghaidh thoil an mhúinteora a bhfuil liúntas Gaeltachta aige. Ní rogha an mhúinteora an ‘scoil Ghaeltachta’ a fhágáil a bheadh i gceist i gcás mar sin, a dúirt an t-urlabhraí, agus ní chóir go mbeadh an múinteoir thíos leis dá bharr.

Faigheann múinteoirí a bhí ag múineadh roimh an 1 Feabhra 2012 €3,063 breise sa bhliain más i gceantar oifigiúil Gaeltachta atá siad ag múineadh agus tá lucht ceardchumainn ag éileamh le tamall go dtabharfaí an liúntas ar ais do mhúinteoirí nua chomh maith.

Níor chuir 30% de na bunscoileanna atá lonnaithe i gceantar oifigiúil Gaeltachta isteach ar an stádas mar scoil Ghaeltachta faoin scéim nua atá ag an Roinn.

Ní bheadh aon dualgas ar na scoileanna sin teagasc i nGaeilge den chuid is mó ná obair bhreise a dhéanamh an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga phobail san áit ina bhfuil siad lonnaithe.

Tá cuid mhaith de na múinteoirí atá ag obair sna scoileanna sin a bheartaigh gan stádas Gaeltachta a lorg ag fáil an liúntais Gaeltachta faoi láthair. Ní léir go fóill an bhfuil sé i gceist ag an Roinn an liúntas sin a tharraingt siar ó mhúinteoirí nach bhfuil ag obair i scoileanna a bhfuil stádas Gaeltachta faoin scéim nua acu.

Dúirt urlabhraí INTO le Tuairisc.ie go bhfuil sé inghlactha go gcaillfeadh múinteoir an liúntas Gaeltachta dá bhfágfadh sé scoil Ghaeltachta dá dheoin féin le dul ag obair in áit éigin taobh amuigh den Ghaeltacht oifigiúil. Dúradh, áfach, gur scéal eile a bheadh ann i gcás múinteora a bheadh i bhfách an scoil a chur chun cinn do stádas oifigiúil Gaeltachta ach ar vótáil pobal a scoile ina aghaidh sin.

Fág freagra ar 'Gan aon chinneadh déanta ag an INTO go fóill faoi cheist an liúntais Gaeltachta i scoileanna nach bhfuil ag iarraidh ‘stádas’ Gaeltachta'

  • Pat

    Ní chóir an liúntas a íoch do dhaoine nach bhfuil ag múineadh trí Ghaeilge ís fíminteachas atá ann. Ní h-aon chara don Ghaeilge an cur i gcéill.

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Cá bhfuil an 30% (agus go deimhin an 70%) seo de scoileanna Gaeltachta?
    Back dheas léarscáil chun é a chur i dtuiscint.

  • Mánus

    Ní bhaineann liúntas “Gaeltachta” na múinteoirí le teanga teagasc na scoile ach bhaineann sé le scoil a bheith lonnaithe sa “Ghaeltacht” Oifigiúil. Tá liúntas mar sin ag gardaí sna condaetha “Gaeltachta” freisin agus ní bhaineann an liúntas go praiticiúil le teanga oibre na nGardaí sna condaetha sin.