Gan aon chás nua den choróinvíreas deimhnithe i gCiarraí seacht lá as a chéile

Níor aimsíodh aon chás nua den choróinvíreas i gCiarraí idir an 17 Bealtaine agus an 23 Bealtaine agus níor deimhníodh ach cás nua amháin i nDún na nGall sa tréimhse chéanna

Gan aon chás nua den choróinvíreas deimhnithe i gCiarraí seacht lá as a chéile

Níor tháinig aon ardú ar líon na gcásanna deimhnithe de Covid-19 i gCiarraí seacht lá as a chéile.

De réir na bhfigiúirí is deireanaí ón Roinn Sláinte, níor aimsíodh aon chás nua den choróinvíreas sa chontae idir Dé Domhnaigh, an 17 Bealtaine, agus Dé Sathairn seo caite, an 23 Bealtaine.

Tá 308 cás deimhnithe i gCiarraí ó thús na paindéime de réir na tuairisce is deireanaí ón Roinn.

Bhí triúr a raibh sé deimhnithe go raibh Covid-19 orthu a bhí ag fáil cóir leighis in Ospidéal Ollscoile Chiarraí Dé Sathairn seo caite agus duine acusan a bhí san aonad dianchúraim. Measadh go raibh Covid-19 ar othar amháin eile a bhí ag fáil cóir leighis san ospidéal an lá céanna.

Níor deimhníodh ach cás nua amháin de Covid-19 i nDún na nGall sa tréimhse chéanna. Bhí 477 cás deimhnithe ar an 17 Bealtaine agus 478 ceann ann ar an 23 Bealtaine. Níor fógraíodh aon ardú ar líon na gcásanna i nDún na nGall ceithre lá as a chéile.

Bhí Coivd-19 ar 15 othar a bhí ag fáil cóir leighis in Ospidéal Leitir Ceanainn Dé Sathairn seo caite agus measadh go raibh an coróinvíreas ar 12 othar eile.

Is é Gaillimh an contae Gaeltachta is mó ina raibh ardú ar líon na gcásanna deimhnithe Covid-19 sa tréimhse seacht lá idir an 17 Bealtaine agus 23 Bealtaine.

Aimsíodh 23 cás nua i nGaillimh sa tréimhse sin, ardú 5.3% ar líon iomlán na gcásanna atá sa chontae. Tá 461 cás deimhnithe sa chontae ó thús na paindéime, de réir na bhfigiúirí a foilsíodh aréir.

Bhí ardú 4.8% ar líon na gcásanna i gCorcaigh agus 66 cás nua Covid-19 a deimhníodh sa chontae idir an 17 Bealtaine agus 23 Bealtaine. 1,438 cás deimhnithe atá sa chontae anois, nó 6% de líon iomlán na gcásanna sa Stát.

Ardú idir 2-3% a bhí i gceist le líon na gcásanna nua i Maigh Eo, sa Mhí agus i bPort Láirge sa tréimhse seachtaine seo.

I dtíortha áirithe, sprioc thábhachtach is ea tréimhse seacht lá as a chéile gan aon chás nua den choróinvíreas.

An mhí seo caite, scaoil Vítneam le cuid de na srianta dianghlasála a bhí i bhfeidhm sa tír nuair nár aimsíodh aon chás nua in achar seacht lá as a chéile. Ní raibh an tír buailte ródhona ag an ráig, áfach.

Tá breis agus 95 milliún duine i Vítneam ach níor deimhníodh ach 325 cás de Covid-19 sa tír go dtí seo. Níor bhásaigh duine ar bith le Covid-19 i Vítneam go dtí seo.

D’fhógair an Roinn Sláinte inné nach raibh aon bhás nua de thoradh Covid-19 curtha ar an taifead acu le lá anuas, an chéad lá nár fógraíodh aon bhás nua ó mhí an Mhárta.

Fág freagra ar 'Gan aon chás nua den choróinvíreas deimhnithe i gCiarraí seacht lá as a chéile'

  • Con Ó Murchú

    Dea sceál.