Gan aon bhaint ag Aire na Gaeltachta le córas nua dhíolúine na Gaeilge

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne i dtús na bliana gur chóir go mbeadh cosc ar dhaltaí a fhaigheann díolúine ón nGaeilge staidéar a dhéanamh ar theangacha Eorpacha eile

Gan aon bhaint ag Aire na Gaeltachta le córas nua dhíolúine na Gaeilge

Ní raibh aon phlé ag Roinn na Gaeltachta, an roinn atá freagrach as polasaí Gaeilge an stáit, le córas nua dhíolúine na Gaeilge ó scaipeadh meamram faoin ábhar ar na ranna rialtais go léir bliain ó shin.

Dheimhnigh Aire Stáit na Gaeltachta Séan Kyne sa Dáil nach raibh aon teagmháil ag a Roinn leis an Roinn Oideachais faoin gcóras nua díolúintí thairis mar a bhí ag gach roinn eile.

Dúirt Seán Kyne gur faoin Aire Oideachais agus Scileanna amháin atá sé na critéir a leagan síos maidir le díolúine ó staidéar na Gaeilge agus “nach raibh aon ról aige féin mar Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin maidir leis an ábhar”.

Thug Kyne le fios nach raibh aon teagmháil ag a Roinn leis an Roinn Oideachais faoi cheist chonspóideach na ndíolúintí ó ghlac an Rialtas mí na Samhna seo caite leis na rialacha nua a mhol an tAire Oideachais.

“Chuaigh an Roinn Oideachais agus Scileanna i gcomhairle le mo Roinn sa ghnáthbhealach i dtaca leis an gceist seo, mar a rinneadh leis na ranna Rialtais go léir, tríd Mheamram don Rialtas i mí na Samhna 2018,” a dúirt Seán Kyne.

Ó shin i leith reáchtáladh próiseas comhairliúcháin poiblí faoi na ciorcláin nua maidir leis an díolúine ón nGaeilge agus tugadh isteach iad i scoileanna na tíre mí Mheán Fómhair na bliana seo.

Dúirt Seán Kyne mí Eanáir na bliana seo gur chóir go mbeadh cosc ar dhaltaí a fhaigheann díolúine ón nGaeilge staidéar a dhéanamh ar theangacha Eorpacha eile.

Dúirt sé go raibh sé “soiléir” go raibh “fadhbanna suntasacha” leis an gcóras a bhí ann agus go raibh sé ag dul deacair air a thuiscint conas a d’fhéadfadh dalta a raibh díolúine ón nGaeilge acu dul ar aghaidh agus staidéar a dhéanamh ar theanga nó teangacha eile.

Tá lánchead fós ag daltaí a bhfuil díolúine ón nGaeilge acu tabhairt faoi theangacha eile sa chóras oideachais faoin gcóras nua a tháinig i bhfeidhm i mí Mheán Fómhair.

Faoin gcóras nua níl aon ghá tuairisc shíceolaíochta a chur isteach mar thacú le hiarratas ar dhíolúine ón nGaeilge agus ní úsáidtear níos mó tástálacha IQ mar bhonn le díolúine a cheadú.

Mhaígh an Roinn freisin gur rud “annamh” agus “eisceachtúil” a bheadh feasta i ndíolúine ó staidéar na Gaeilge. Bhí an saineolaí oideachais an tOllamh Pádraig Ó Duibhir den bharúil, áfach, nach raibh “bunús oideachasúil, eolaíoch” leis an gcóras nua díolúintí agus nach raibh sé “maith go leor” a rá go raibh an córas sin ag teacht le tuairimí an phobail.

Dúirt urlabhraí de chuid na Roinne Oideachais le Tuairisc.ie nach bhfuil aon fhianaise ann go dtiocfaidh “ardú suntasach” ar líon na ndaltaí a fhaigheann díolúine ón nGaeilge faoin gcóras nua.

Nuair a tugadh an córas nua isteach ag tús na scoilbhliana seo, mhaígh an Roinn go gcinnteodh na leasuithe gur rud “annamh” agus “eisceachtúil” a bheadh i ndíolúine ón nGaeilge feasta.

Ach mhaígh saineolaithe oideachais éagsúla gur a mhalairt a tharlódh agus gurbh amhlaidh go dtiocfadh ardú ar líon na daoine a fhaigheann díolúine faoin gcóras nua.

Fág freagra ar 'Gan aon bhaint ag Aire na Gaeltachta le córas nua dhíolúine na Gaeilge'

  • Gabriel Rosenstock

    Tá díolúine ón mBéarla uaim.

  • Daor Mac an tSaoir

    Bail ó Dhia ar an gcréatúr bocht