Gan aon áit do ‘Arracht’ ar ghearrliosta do ghradam Oscar

Fógraíodh aréir an 15 scannán a bhain áit amach ar an ngearrliosta sa rannóg don scannán idirnáisiúnta is fearr ach ní raibh Arracht ina measc

Gan aon áit do ‘Arracht’ ar ghearrliosta do ghradam Oscar

Níor éirigh le Arracht a bheith ar an gcéad scannán Gaeilge le háit a fháil ar ghearrliosta na ngradam Oscar i mbliana.

Fógraíodh aréir an 15 scannán a bhain áit amach ar an ngearrliosta sa rannóg don scannán idirnáisiúnta is fearr ach ní raibh Arracht ina measc

Bhí 93 scannán eile san iomaíocht d’áit ar an ngearrliosta.

Is é Arracht an tríú scannán Gaeilge a chuir IFTA chun cinn do na gradaim.

Roghnaigh IFTA an scannán, scéinséir atá lonnaithe in iarthar na hÉireann le linn an Ghorta Mhóir, le dul in iomaíocht ar son na hÉireann sa rannóg.

Scéal iascaire a thugann dídean do strainséir ar iarratas an tsagairt áitiúil in aimsir an Ghorta Mhóir, is ábhar do Arracht, a bhfuil go leor duaiseanna agus léirmheasannna moltacha saothraithe cheana féin aige.

Bhí an scannán a stiúir Tom O’Sullivan ar an dara scannán a léiríodh faoi Cine4, scéim atá á maoiniú ag TG4, an BAI agus Fís Éireann chun fadscannáin Ghaeilge a fhorbairt. 

Thug Arracht, léiriú de chuid Macalla Teo, leis gradaim ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath Virgin Media agus ag Féile Scannán Ghlaschú agus bronnadh tuilleadh gradam air ag an bhFéile Scannán Idirnáisiúnta ‘American Golden Picture’.

Fuair sé níos mó ainmniúchán IFTA ná mar a fuair léiriú ar bith eile i mbliana.

Tá sé i gceist go mbeidh Arracht le feiceáil i bpictiúrlanna in Éirinn níos deireanaí i mbliana.

Fág freagra ar 'Gan aon áit do ‘Arracht’ ar ghearrliosta do ghradam Oscar'