Gan an Ghaeilge agus pobal na Gaeilge níl aon tábhacht le TG4

Agus 25 bliain ar an bhfód á cheiliúradh ag TG4 Oíche Shamhna tá ualach bainte amach ag TG4, ach an bhfuil iomarca bunphrionsabal á dtréigean acu?

Gan an Ghaeilge agus pobal na Gaeilge níl aon tábhacht le TG4

Míorúilt ab ea é gur tháinig ann in aon chor don stáisiún teilifíse Gaeilge atá ag ceiliúradh 25 bliain ar an bhfód oíche Shamhna.

Tá mórán le ceiliúradh ag lucht TG4 agus b’fhurasta beag is fiú a dhéanamh de na gaiscí atá déanta ag lucht na teilifíse Gaeilge ó 1996 i leith, go háirithe an t-éacht brandála a dheineadar ar son na teanga.

An cleas draíochta úd a d’athraigh meon daoine an ceann ab fhearr ar fad i mála cleas TG4.

Rud leochaileach ab ea aisling na teilifíse Gaeilge ó thús, agus ba cheart síorchúram a dhéanamh den chonair chaol achrannach a chaitear a shiúl i gcónaí chun í a choimeád beo.

Ní haon dóithín é na cúraimí go léir a bhíonn ar TG4 a láimhseáil go cothrom agus is deacair gach trá a fhreastal.

Is mar a chéile é ag aon stáisiún teanga mhionlaigh a bhíonn ag iarraidh fanacht dílis don mhionlach agus dóthain den mhóramh a mhealladh ag an am céanna a choimeádfaidh na cníopairí ó dhoras.

Ach dá mhéid na dúshláin a bhíonn le sárú ag TG4 agus dá mhéid atá le ceiliúradh acu, botún a bheadh ann chomh maith a bheith ag cóisireacht amhail is gur oíche Shamhna 1996 atá ann.

Tá mórán ceisteanna le cur i gcónaí faoi TG4, ní lú ina measc cá bhfuil a thriall tar éis 25 bliain?

An cheist is tábhachtaí ar fad, áfach, ná an bhfuil iomarca bunphrionsabal á dtréigean ar bheagán toraidh?

Straitéis dhépholach nó ‘twin pole’ a bhíonn ag TG4 faoina ndéantar cláracha go speisialta do dhá chineál lucht féachana ar leith – an croíphobal nó pobal na Gaeilge, agus an lucht féachana náisiúnta nó mórphobal an Bhéarla.

Ach thaibhseofaí uaireanta duit gur straitéis polla-go-leith atá sa treis agus gur ag pobal na Gaeilge atá an leathpholla.

Ainneoin mealltacht chuid den ábhar a dhéantar go speisialta do phobal na Gaeilge, is minic gur saghas bolscaireachta ar son na Gaeltachta agus na Gaeilge a bhíonn i gcuid de na cláracha sin agus sna míreanna a bhíonn ar líne ag Molscéal.

Seachas na cláir nuachta, a dhéanann RTÉ do TG4, is saghas ‘cártaí poist’ a bhíonn á seoladh chuig an gcroíphobal.

Ach d’éireofá bailithe de bheith ag féachaint ar chártaí poist ón mbaile tar éis tamaill, go háirithe agus é le braistint gur áit éigin eile atá an t-aicsean dáiríre.

De réir tuarascáil a d’fhoilsigh an comhlacht Sasanach Mediatique don BAI i mbliana, as an 8,760 uair an chloig a craoladh ar TG4 in 2019 bhí 2,393 díobh, nó 27%, dírithe ar an gcroí-lucht féachana. 6,397 uair an chloig a díríodh ar an lucht féachana náisiúnta.

As an 2,393 clár don chroí-lucht féachana Gaeilge, cláir do pháistí a bhí i gceist le 63% díobh, nó 1,503 uair an chloig.

De réir na tuarascála, tháinig laghdú 13% in 2019 ar líon na n-uaireanta an chloig a rinneadh don chroí-lucht féachana i gcomparáid leis an mbliain 2018.

Laghdú 14% ar líon na n-uaireanta an chloig a bhí dírithe ar chroí-lucht féachana na Gaeilge a bhí ann an bhliain roimhe sin.

Más cóngaraí don idé-eolaíocht ná don straitéis go minic an cur chuige dépholach, ní hin le rá nach bhfuil lucht an stáisiúin sásta na rialacha a athrú de réir mar a oireann sé dóibh.

Agus Mediatique i mbun a gcuid taighde, dhein lucht an stáisiúin iarracht a chur in luí gaidhte orthu gur clár don chroí-lucht féachana aon chlár Gaeilge a bhíonn acu. Níor shlog údair na tuarascála an méid sin agus dúradar go rabhadar chun cloí leis an eolas sna spriocanna a leag TG4 féin síos i dtaobh na gcláracha a deineadh go speisialta don chroí-lucht féachana.

Ní cosúil mar sin go bhfuil aon sainmhíniú docht ag an stáisiún ar cad is clár do phobal na Gaeilge ann agus cad is clár don lucht féachana náisiúnta ann.

Níl sé soiléir ach oiread cad iad na critéir a bhíonn ag TG4 chun go n-áireofaí clár mar chlár Gaeilge.

Maítear i dtuarascáil Mediatique gur craoladh 4,484 uair an chloig de chláracha Gaeilge in 2019, nó 51% den sceideal iomlán.

Ach, an leor 60% Gaeilge chun go mbeadh clár Gaeilge agat, nó an ndéanfaidh 40%, nó 20% nó 10% an gnó? Ní heol dúinn agus más eol do TG4 féin nílid chun a rá linn.

Tá dóthain fianaise ón scáileán againn, áfach, go bhfuil pé sainmhíniú oifigiúil nó neamhoifigiúil a bhíodh ag an stáisiún ar chlár Gaeilge ag éirí níos scaoilte agus níos iomrallaí de réir a chéile.

Tá an Béarla ar mhaithe le Béarla ina chomhartha sóirt anois ar chuid mhór de chláracha ‘Gaeilge’ an stáisiúin agus is minic lucht na Gaeilge i dtaobh le reacaireacht Ghaeilge agus cúpla agallamh ar Ghaeilgeoir sna cláracha is mó a dhéantar.

Is in olcas a rachaidh seo mura gcuirtear stop leis anois.

Mar sin mar a bhíonn sna cúrsaí seo.

Sampla beag amháin an clár Trom agus Éadrom, a bhíodh á chraoladh ar RTÉ sna 1970idí agus 1980idí. Faoin am go raibh a bhuille tugtha ag an gclár siamsaíochta úd, bhí sé ar an sampla is fearr den chur i gcéill agus den chúpla foclachas a bhain le cur chuige dátheangach áirithe, ach déantar dearmad gur i nGaeilge den chuid is mó a bhíodh Trom agus Éadrom nuair a thosaigh sé amach.

Diaidh ar ndiaidh a thosaigh an Béarla ag dul in uachtar ar an nGaeilge nó gur beag eile a bhí fágtha sa deireadh seachas an ‘Bualadh bos!’.

Thuigfeá don té a mbeadh imní ag teacht air go bhfuil trom-agus-éadromú á dhéanamh ar TG4 diaidh ar ndiaidh agus nach mbeidh sa deireadh againn ach sceideal lán cláracha lán Béarla agus corrcheann deas Gaelach do na dúchasaigh dheireanacha.

Imní chéadach go ndéanfaí neamhní de TG4 atá taobh thiar de go leor dá pholasaí teanga, nó a easpa polasaí teanga.

Labhair Alan Esslemont, an tArdstiúrthóir, go minic faoin mbaol atá ann go dtitfidh an stáisiún isteach sa ‘digital jungle’, mar a thugann sé ar na cainéil dhigiteacha ar fad a bhfuil sciar níos lú ná 1% den lucht féachana náisiúnta acu.

Tá an baol sin ann, ach dá mhéid suirí a dhéanann TG4 le mórphobal an Bhéarla ní bhíonn ag an stáisiún ach sciar 1.8% den lucht féachana.

An bhfuil aon chruthúnas ann go dtiocfadh aon laghdú mór ar na figiúirí féachana sin dá mbeadh céatadán níos airde de chláracha faisnéise ‘náisiúnta’ TG4 i nGaeilge nó dá gcaithfí níos mó ama agus airgid ar chláracha a dhéanamh don chroí-lucht féachana agus iad a dhíol leis an mórphobal ina dhiaidh sin?

Dá fheabhas an chabaireacht chorparáideach faoi chothú sineirgí cruthaitheacha agus faoin ‘national resonance’, ní féidir an fhírinne a cheilt nach bhfuil ach cúis amháin gurb ann do TG4 agus sin gur ann don Ghaeilge.

Gan an Ghaeilge agus pobal na Gaeilge níl aon tábhacht le TG4.

Stáisiún niche aon stáisiún i dteanga mhionlaigh agus ní haon údar náire sin.

Fágann an obair mhór atá déanta ag an stáisiún le 25 bliain anuas go bhfuil dea-thoil i gcónaí do TG4 i measc an chroí-lucht féachana, cé go gcuirtear tástáil mhaith go minic ar a bhfoighne.

Bíonn leisce ar phobal na Gaeilge a ndíomá a ligean leis na comharsana rómhinic, ach ní gá go mairfeadh an dea-thoil sin go deo.

Maidir leis an lucht féachana náisiúnta, taobh amuigh de chúrsaí spóirt agus ceoil is léir gur cuma leo faoi TG4 dáiríre.

Cad ba chóir a dhéanamh mar sin?

A bheith ag tindeáil ar an dream ar cuma leo an ann nó as do TG4 nó freastal níos fearr a dhéanamh ar an dream ar bunaíodh an stáisiún chun freastal orthu?

Deir TG4 gur gá a thuilleadh airgid chun níos mó cláracha Gaeilge a dhéanamh. Tá maoiniú níos mó tuillte ag an stáisiún ach faoin tráth seo ba cheart go mbeadh coinníoll teanga ag baint le haon mhaoiniú breise a chuirfí ar fáil dóibh.

Idir an dá linn, bímis ag ceiliúradh ach ná bímis ag rith le brothall go fóill.

An lá go n-éireoidh le TG4 aird na tíre a mhealladh le sceideal a thugann tús áite go neamhleithscéalach don Ghaeilge, sin an lá go mbainfidh sé a bhuaic amach agus sin an lá go mbeidh an ceiliúradh mór againn.

  • Foilsíodh an t-alt seo ar dtús san eagrán is déanaí den iris Comhar

Fág freagra ar 'Gan an Ghaeilge agus pobal na Gaeilge níl aon tábhacht le TG4'

  • Seán ÓM

    Tuairimí spéisiúla agus scríbhneoireacht den scoth! Ba chóir clár ar TG4 a thabhairt don scríbhneoir!

  • Cluain Sceach

    Seo alt maith. Aréir arís, as Béarla ar fad beagnach a bhí an mór-chlár faoi Dhomhnach na Fola. Agus fiú fear ann a labharfadh as Gaeilge dá n-iarrfaí air … Tá géarchéim i gceist. Ar éigean gur fiú TG4 ann mar atá!

  • Éilís Ní Anluain

    An-alt

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Ta tg4 de shíor ag bogadh i dtreo an Béarla cosúil leis an domhain mór. Cheapas féin go bhfuil obair mhór le deanamh ag TG4 chun níos mó daoine a mhealladh chun Gaeilge a fhoghlaim. Ba cheart sraith maith ranganna a chur ar siúl chun cur le líon na ndaoine a labhrann an Gaeilge, cur leis an gcroí luch féachana más maith leat. Muna ndéanfar é sin aontaoim le Seán Tadhg nách mbeidh fágtha ach an diall ” Bualadh Bos”.

  • Liam O

    An bhfuil aon polasaí leagtha síos ag TG4 gurb í an Ghaeilge teanga oibre an stáisiún? Táim ag ceapadh go bhfuil siad ag obair go príomhá trì Bhéarla ar a laghad taobh thiar den cheamara