Gan ach 40% d’iarratais phleanála Údarás na Gaeltachta i nGaeilge amháin

14 den 33 iarratas ar chead pleanála a rinne Údarás na Gaeltachta le cúig bliana a rinneadh i nGaeilge amháin 

Gan ach 40% d’iarratais phleanála Údarás na Gaeltachta i nGaeilge amháin

Bhí níos lú ná leath de na hiarratais ar chead pleanála a rinne Údarás na Gaeltachta le cúig bliana anuas i nGaeilge amháin.

14 den 33 iarratas ar chead pleanála a rinne Údarás na Gaeltachta sa tréimhse sin a rinneadh i nGaeilge amháin. 

De réir na bhfigiúirí nua a cuireadh ar fáil don Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, dhá iarratas a rinneadh i mBéarla amháin.

I gcás formhór na n-iarratas – 17 acu –  cuireadh cuid den ábhar a bhain leo ar fáil do na húdaráis i mBéarla.

Mar fhreagra ar cheist Dála Uí Snodaigh, dúirt Aire na Gaeltachta Catherine Martin, go ndéanann an tÚdarás féin iarratais phleanála a réiteach i nGaeilge amháin “i gcás tograí beaga neamhchasta”.

I gcás tograí “casta” a mbíonn staidéir agus tuairiscí “níos casta” i gceist leo “is minic nach mbíonn an dara rogha ach comhairleoirí neamhspleácha ar bheagán Gaeilge a earcú”.

Dúirt an tAire chomh maith “gur minic” a lorgaíonn na húdaráis áitiúla leaganacha Béarla de cháipéisí agus eolas breise i mBéarla.

Thug an tÚdarás le fios go raibh scagadh le déanamh acu ar cheist na dteangacha a bhíonn in úsáid acu ina n-iarratais phleanála. 

“Tá aghaidh á tabhairt ag an Údarás ar an gceist seo faoi láthair chun leanúnachas agus caighdeán cuí teanga a bhaint amach sna hiarratais phleanála a dhéanann gníomhairí tríú páirtí thar ceann na heagraíochta,” a dúirt Aire na Gaeltachta.

Thug an tÚdarás le fios nach bhfuil aon sonraí acu maidir le hiarratais phleanála a rinne cliantchomhlachtaí dá gcuid. 

Bhí conspóid anuraidh ann nuair a tháinig sé chun solais gur i mBéarla amháin a bhí an t-iarratas pleanála a rinne Údarás na Gaeltachta i dtaobh Pháirc na Mara i gConamara, ceann de na tograí is mó i stair na heagraíochta fiontraíochta agus pleanála teanga.

Dúirt an tÚdarás an uair sin go raibh athbhreithniú le déanamh ar chóras an Údaráis maidir le fostú comhairleoirí lena chinntiú nach dtarlódh a leithéid arís.

Ghéill an tÚdarás “gur chóir treoir shonrach” a bheith tugtha do na comhairleoirí an t-iarratas pleanála a dhéanamh i nGaeilge.

Dúirt Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, gur údar díomá a bhí i líon íseal na n-iarratas a bhí i nGaeilge amháin.

“Tá sé sin ag teacht salach ar an dualgas reachtúil atá ar an Údarás an Ghaeilge a úsáid agus a chur chun cinn sa Ghaeltacht.Fiú mura bhféadfaí teacht ar shaineolaí i réimse áirithe a bheadh ábalta cáipéis a scríobh  i nGaeilge ba chóir ar a laghad an cháipéis sin a aistriú go Gaeilge sula gcuirtear í faoi bhráid an údaráis áitiúil,” a deir Ó Snodaigh. 

Dar leis go bhféadfadh an tÚdarás an bunleagan Béarla a dhíol leis an údarás áitiúil, ma lorgaíonn sé é, rud a chuideodh leo íoc as an aistriúchán.

Dúirt an Teachta go nglacann sé leis ón bhfreagra “nach bhfuil an tacar sainscileanna go fóill san Údarás nó sna húdaráis áitiúla chun tabhairt faoin obair chasta phleanála trí Ghaeilge” ach mhol sé gur chóir plean a bheith leagtha síos “sna scéimeanna teanga do na comhlachtaí sin, nó sna caighdeáin nua atá á moladh ag an Aire” chun na bearnaí sin a líonadh go luath.

“Ar a laghad ba chóir go mbeadh na bundoiciméid san iarratas féin – na fógraí agus an míniúchán – i nGaeilge. Níl aon leithscéal faoi dhá iarratas a bheith curtha isteach ag Údarás na Gaeltachta i nGaillimh, go hiomlán i mBéarla,”a dúirt sé.

Mhol an Teachta Ó Snodaigh gur chóir d’Údarás na Gaeltachta agus institiúidí tríú leibhéal a bheith ag obair as lámha a chéile chun daoine a bhfuil Gaeilge acu a oiliúint i réimsí éagsúla saineolais. 

Fág freagra ar 'Gan ach 40% d’iarratais phleanála Údarás na Gaeltachta i nGaeilge amháin'

  • Donncha

    Tá ag a fhios ag madraí an bhaile go bhfuil an tÚdarás ag feidhmiú i mBéarla le cúpla bliain agus tuige nach mbeadh leis an easpa líofacht i nGaeilge atá ag an bhainistíocht. An mbeidh scrúdú Gaeilge i gceist sa phróiseas earcaíochta do na poist nua atá fógraithe? Ar déanadh aon fiosrúchán inmheánach ar an chúis gur déanadh na hiarratais pleanála seo i mBéarla? Ní bheidh agus ní déanadh, mar is cuma leo ach freagra doiléir a bheith acu do na meáin go bhfuil siad “tiomanta” don Ghaeilge in ainneoin a mhalairt a bheith le feiceáil gach lá.

  • Bríd

    Agus tá muid fós ag glacadh le leithscéalta.

  • Tuairisg

    Dhéarfainn go raibh sé seo náireach ach ní féidir iad a náireadh. Is cuma le Údarás faoin nGaeilge. Cé mhéid scéal, cé mhéid sampla a chaithfear a fheiceáil agus alt a chaithfear a scríobh futhu go ndéanfar cinneadh athbhreithniú ceart a dhéanamh ar bhainistiú Údarás na Gaeltachta?

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Leoga, ní chuireann seo iontas ar bith orm, agus chan inniu na inné a tharla seo. Ach níl a fhios agam i ndáiríre caidé atá in ‘Údarás na Gaeltachta’ nuair nach bhfuil duine ar bith eile sa ‘Ghaeltacht’ ag déanamh iarrataisí pleanála i nGaeilg.

    An bhfuil comhlachtaí ailtireachta ar fáil sa stáit seo atá ábalta iarrataisí pleanála a dhéanamh thar ceann a gcliaint trí mheán na Gaeilge?? Agus cumarsáid a dhéanamh leis an chomhairle contae/cathrach trí mheán na Gaeilge??

    Cad chuige nach bhfuil ACHAN iarratas pleanála a dhéantar sa ‘Ghaeltacht’ á chuir faoi bhráid Údarás na Gaeltachta? Cad chuige nach bhfuil ÚnaG ag déanamh monatóireacht ar na hiarrataisí ‘Gaeltachta’ uilig? Dar ndóighe, níl coinníoll láidir Gaeilge ar bith ann leis an Ghaeilg a choamhnú sa ‘Ghaeltacht’ – go cinnte níl anseo i dTír Chonaill. An bhfuil eagraíocht ar bith sa stáit seo a bhfuil sé de cheart acu iarratas pleanála a dhiúltú de thairbhe easpa Gaeilge – san iarratas féin agus/nó ag an t-iarratasóir?

    ‘…gur chóir d’Údarás na Gaeltachta agus institiúidí tríú leibhéal a bheith ag obair as lámha a chéile chun daoine a bhfuil Gaeilge acu a oiliúint i réimsí éagsúla saineolais.’

    Aontaím leis an mholadh seo. Tá cuid mhór téarmaí teicniúla ag baint le hearnáil na tógála agus tá géarghá le saineolaithe atá ábalta a ngnóithe a dhéanamh trí mheán na Gaeilge – agus b’fhéidir go ndéanfadh Údarás na Gaeltachta seirbhís comhairliúcháin a chuir ar fáil do mhuintir na Gaeltachta – saor in aisce agus trí mheán na Gaeilge, chun tábhacht na Gaeilge a mhíniú daofa agus iad ag smaointiú teach a thógáil nó gnó a bhunú sa ‘Ghaeltacht’.