‘Gamechanger’ do Chonamara a bheadh i dtógáil cuan domhainfharraige i Ros an Mhíl

Meastar gur idir €20-25 milliún a chosnódh an togra a bhfuil iarratas nua ar chead pleanála ina thaobh curtha faoi bhráid Chomhairle Chontae na Gaillimhe ag Roinn na Mara

‘Gamechanger’ do Chonamara a bheadh i dtógáil cuan domhainfharraige i Ros an Mhíl

“Gamechanger” a bheadh ann dá dtabhardaí cead cuan domhainfharraige a thógáil ag Calafort Ros an Mhíl, ach bheadh a bhfuil i ndán don chalafort i gConamara “idir dhá cheann na meá” mura rachfaí ar aghaidh leis an bhforbairt mar atá beartaithe le fada.

Tá fáilte curtha ag Rúnaí Choiste Tacaíochta Chalafort Ros an Mhíl roimh an scéala go bhfuil iarratas nua ar chead pleanála ar thógáil cuan domhainfharraige i Ros an Mhíl curtha faoi bhráid Chomhairle Chontae na Gaillimhe ag Roinn na Mara.

Dúirt Rúnaí an Choiste, Cathal Groonell, le Tuairisc.ie gur “gamechanger ní hamháin do Ros an Mhíl ach do Chonamara ar fad” a bheadh ann dá rachadh an fhorbairt ar aghaidh mar a bhí á éileamh.

Tugadh cead in 2004 dá leithéid d’fhorbairt, atá á éileamh ag Coiste Tacaíochta Chalafort Ros an Mhíl, le 20 bliain anuas, ach d’imigh an cead sin i léig agus tá iarratas nua déanta anois ag Roinn na Mara chun cuan domhainfharraige agus cé nua 200 méadar ar fhad a thógáil ag Calafort Ros an Mhíl.

Dar le Cathal Groonell nach mbeadh “tuairim is 80% de na báid iascaireachta atá anois ann” ábalta teacht i dtír i gCalafort Ros an Mhíl toisc gan an fharraige a bheith domhain a dhóthain ann.

Bheadh formhór na mbád iascaireachta sin agus longa coimeádán agus cúrsóirí ábalta teacht i dtír i Ros an Mhíl dá dtógfaí an cuan domhainfharraige.

“Bheadh sé iontach den cheantar ó thaobh gnó agus fostaíochta agus mar sin de. Tá sé thar a bheith tábhachtach go dtógfaí a leithéid agus táimid dóchasach go dtarlóidh sé an uair seo.

“Is fada an lá ó bhí aon fhorbairt ar scála mar seo sa taobh seo tíre agus cé go raibh an calafort atá againn ceart go leor go dtí seo, níl sé feiliúnach níos mó den chineál bád atá anois ann. Mura dtógtar an cuan domhainfharraige anois ní rómhaith a bheidh todhchaí Chalafort Ros an Mhíl ag breathnú,” a dúirt Cathal Groonell, Rúnaí Choiste Tacaíochta Chalafort Ros an Mhíl.

Meastar gur idir €20-25 milliúin a chosnódh an togra.

Táthar ag súil le cinneadh faoi iarratas Roinn na Mara roimh dheireadh na míosa seo chugainn agus tá go dtí tús na míosa seo chugainn ag daoine chun aighneachtaí faoin iarratas a chur faoi bhráid Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

Fág freagra ar '‘Gamechanger’ do Chonamara a bheadh i dtógáil cuan domhainfharraige i Ros an Mhíl'