Galfchúrsa Gaeltachta aitheanta ar cheann de na cinn is fearr ar domhan

D’fhoilsigh an iris ‘Golf’ an tseachtain seo a rogha den 100 cúrsa is fearr ar domhan agus bhain cúrsa Naomh Pádraig i dtuaisceart Dhún na nGall áit amach ar an liosta

Galfchúrsa Gaeltachta aitheanta ar cheann de na cinn is fearr ar domhan

Tá galfchúrsa nua Gaeltachta aitheanta ar cheann de na cinn is fearr ar domhan i gceann de na hirisí gailf is mó cáil.

I mbliana a osclaíodh cúrsa Naomh Pádraig i gCumann Gailf Mhachaire Loiscthe i dtuaisceart Dhún na nGall ach tá clú ar na gcúrsa cheana mar cheann de na cúrsaí is deise sa tír.

D’fhoilsigh an iris Golf an tseachtain seo a rangú den 100 cúrsa is fearr ar domhan agus roghnaíodh cúrsa Naomh Pádraig sa 55ú háit. Ba é an cúrsa i nGaeltacht Dhún na nGall an cúrsa nua is airde ar an liosta agus bhí cúrsa Naomh Pádraig chun cinn ar mhórán cúrsaí mór le rá eile, Whistling Straits, áit ar imríodh Corn Ryder 2021 san áireamh.

Is é cúrsa Naomh Pádraig an tríú ceann atá oscailte ag Cumann Gailf Mhachaire Loiscthe, atá díreach ó dheas de na Dúnaibh.

An Meiriceánach Tom Doak, duine de na dearthóirí is mó clú ar domhain, a chruthaigh cúrsa Naomh Pádraig, an chéad chúrsa atá cruthaithe aige in Éirinn. Tá an cúrsa suite ar bheagnach 300 acra agus cuireadh tús leis an obair in 2019.

Tá súil ann go meallfaidh an cúrsa nua, chomh maith leis na cúrsaí eile atá ann, turasóirí i dtreo an cheantair.

Sé chúrsa in Éirinn a bhain áit amach ar an liosta den 100 cúrsa is fearr ar domhan. Chomh maith le cúrsa Naomh Pádraig, bhí Royal County Down ar an liosta agus é sa séú háit, bhí Royal Portrush (Dún Libhse) sa 15ú háit, bhí Baile an Bhuinneánaigh (an seanchúrsa) sa 24ú háit, An Leacht (seanchúrsa) sa 36ú háit agus Port Mearnóg (seanchúrsa) sa 53ú háit.

Pine Valley i Meiriceá a roghnaíodh mar an cúrsa is fearr ar domhan ar liosta Golf.

Fág freagra ar 'Galfchúrsa Gaeltachta aitheanta ar cheann de na cinn is fearr ar domhan'