Gaiscí á ndéanamh ag dornálaithe agus peileadóirí óga Gaeltachta

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar scéalta móra spóirt an deireadh seachtaine

Gaiscí á ndéanamh ag dornálaithe agus peileadóirí óga Gaeltachta

Gaiscí déanta ag dornálaithe Gaeltachta

Christina Desmond agus Tomás Ó Tuathail

Reáchtáladh Craobhchomórtas Náisiúnta Dornálaíochta Scothaicme IABA na hÉireann an deireadh seachtaine seo i mBaile Átha Cliath agus chruthaigh beirt trodaithe Gaeltachta go maith ann.

Beidh bean Chill na Martra, Christina Desmond, ag díriú feasta ar áit a bhaint amach ag na Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo tar éis di craobh mharcmheáchain na mban a thabhairt léi oíche Dé Sathairn. Tá bonn cré-umha buaite cheana ag Desmond ag Craobh na hEorpa sa rannóg 75kg ach tá sí chun tabhairt faoin rannóg 69kg chun áit a bhaint amach ag na Cluichí Oilimpeacha.

Ba é craobhchomórtas an deireadh seachtaine seo an chéad chomórtas inar throid sí sa rannóg marcmheáchain agus beidh sí anois ag fáil réidh do Chraobh na hEorpa sa bhFrainc mí Bealtaine.

Bhí ceiliúradh chomh maith i gCeantar na nOileán i gConamara oíche Dé Sathairn agus craobh na hÉireann buaite ag Tomás Ó Tuathail sa Staid Náisiúnta. Bhuaigh fear Leitir Mealláin ar Tommy Hyde sa rannóg trommheáchain (81kg).

Bhuaigh Ó Tuathail Craobh Shinsir na hÉireann anuraidh ach is céim eile ar aghaidh an comórtas scothaicme atá buaite anois aige. Agus é ag labhairt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin, dúirt Ó Tuathail nach bhfuil sé ag díriú ar na Cluichí Oilimpeacha in 2020 mar go bhfuil sé ag iarraidh a chuid oideachais a chríochnú ar dtús.

Lá eile ag an bPobalscoil a bhuíochas dá gcuid cosantóirí

Ruaidhrí Ó Beaglaoich. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Rachaidh peileadóirí Phobalscoil Chorca Dhuibhne agus Choláiste Bhréanainn, Cill Airne, chun catha arís Dé Sathairn seo chugainn tar éis dóibh críochnú ar comhscór i gcluiche ceannais Chorn Uí Mhuirí an deireadh seachtaine seo.

Cé go raibh tosaithe den scoth ag an dá fhoireann, seans gurbh iad na cosantóirí is fearr a chruthaigh i Staid an Ghearaltaigh.

Ba iad Coláiste Bhréanainn ba mhó a chruthaigh deiseanna sa chluiche ach cuireadh brú damanta ar a gcuid tosaithe agus bhí cluiche iontach ag Tomás Ó Dubháin, Séamus Ó Loingsigh agus Gearóid Ó Leidhinn na Pobalscoile.

Seachas le linn na tréimhse deich nó cúig nóiméad déag i ndiaidh leath ama, tráth ar aimsigh scoil Chill Airne cúl agus cúig chúilín, bhí an lámh in uachtar ag cosantóirí na Pobalscoile ar a gcéilithe comhraic. Níor aimsigh Coláiste Bhréanainn ach dhá chúilín sa gcéad leath ar fad agus rinne buachaillí na Pobalscoile an-obair Paul O’Shea agus a chomhghleacaithe a choinneáil faoi chois.

Ba iad Dylan Ó Géibheannaigh agus Ruaidhrí Ó Beaglaoich ba mhó a chruthaigh deiseanna agus scóranna don Phobalscoil agus ba é Ó Beaglaoich a d’aimsigh an scór a chinntigh go mbeadh athimirt ann.

Imríodh cúig nóiméad eile ina dhiaidh sin agus beidh díomá ar an dá fhoireann nár éirigh leo an scór breise sin a fháil.

Duine eile d’iardhaltaí na Pobalscoile ina laoch do shinsir an chontae

Tomás Ó Sé. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Bhí an-tionchar ag beirt d’iardhaltaí Phobalscoil Chorca Dhuibhne ar an gcluiche idir Ciarraí agus Gaillimh inné i dTuaim.

Tháinig Tomás Ó Sé isteach mar ionadaí do Chiarraí sa chluiche i Roinn 1 na sraithe agus an t-am beagnach caite. Ba é an séú himreoir ó fhoireann na Pobalscoile a bhuaigh Corn Uí Ógáin in 2014 le háit a fháil ar fhoireann shinsir na Ríochta.

50 soicind a bhí fear Dhún Chaoin ar an bpáirc nuair a fuair sé seilbh na liathróide 55m amach ó chúl na Gaillimhe. Chuaigh fear na Gaeltachta ar ruathar fada suas an pháirc, chuir sé beirt de chosantóirí na Gaillimhe de agus sheol sé iarracht bhreá thar an trasnáin ó uillinn ghéar, iarracht a d’fhág go raibh Ciarraí chun tosaigh agus am cúitimh linn.

Nóiméad ina dhiaidh sin, thug Ó Sé pas do Tom O’Sullivan, iardhalta eile de chuid na Pobalscoile, agus d’aimsigh fear an Daingin an cúilín cinniúnach a d’fhág go bhfuil gach ceann de na ceithre chluiche atá imeartha acu buaite ag Ciarraí i Roinn 1.

Drochoíche ag Maigh Eo i bPáirc an Chrócaigh

Keith Higgins ag imirt i bPáirc an Chrócaigh. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

I bPáirc an Chrócaigh oíche Dé Sathairn fuaireamar léargas ar an obair atá le déanamh ag James Horan. Agus Horan ar ais i gceannas ar Mhaigh Eo, measadh go raibh siad ar cheann de na foirne a raibh seans acu Áth Cliath a shárú i mbliana ach thug foireann Jim Gavin greadadh dóibh an oíche cheana.

Tá imreoirí nua curtha isteach i measc na dtosaithe ag Horan – Brian Reape, Fionn McDonagh agus Ciarán Treacy – ach níl aon instealladh beochta faighte ag na cosantóirí.

Bhí Keith Higgins ag imirt do Mhaigh Eo den 150ú huair i bPáirc an Chrócaigh agus cé go bhfuil fear Bhéal Átha hAmhnais ar dhuine de na cosantóirí ab fhearr a bhí ann le deich mbliana anuas, bhí sé ciaptha ag Cormac Costello i gcaitheamh na hoíche. Gach uair dá bhfuair Costello an liathróid, thug sé dúshlán an chosantóra agus bhí an choisíocht aige lena bhealach a dhéanamh timpeall ar Higgins agus murach Rob Hennelly sa gcúl, ba mheasa fós an greadadh a bheadh faighte ag fir Mhaigh Eo.

Ní chuirfidh drochthaispeántas amháin deireadh le Higgins ná le Maigh Eo ach léirigh an cluiche go soiléir cuid de na deacrachtaí atá rompu.

Fág freagra ar 'Gaiscí á ndéanamh ag dornálaithe agus peileadóirí óga Gaeltachta'