‘Gairm chun gnímh’ – os cionn 1,000 othar Covid-19 sna hospidéil faoi láthair

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu gur bhásaigh 17 duine eile a raibh an coróinvíreas orthu

‘Gairm chun gnímh’ – os cionn 1,000 othar Covid-19 sna hospidéil faoi láthair

Ba chóir féachaint ar an scéala go bhfuil os cionn míle othar Covid-19 sna hospidéil mar “ghairm chun gnímh”, a deir Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ó na húdaráis sláinte, 1,022 duine a bhfuil Covid-19 orthu atá sna hospidéil faoi láthair, níos mó ná mar a bhí aon lá eile ó thús na paindéime. 881 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil an lá ba mheasa a bhí cúrsaí roimhe seo, an 15 Aibreán 2019.

95 duine atá in aonad dianchúraim faoi láthair, i gcomparáid le 161 duine ag buaic na chéad mhaidhme. 31 leaba ICU atá folamh faoi láthair, 20 do dhaoine fásta agus 11 do pháistí.

Is in Ospidéal Beaumont i mBaile Átha Cliath atá an líon is mó othar Covid-19. 86 othar atá san ospidéil sin agus tá deichniúr acu in ICU. 78 othar Covid atá in Ospidéal na hOllscoile, Luimneach agus tá seisear díobhsan in ICU. Seisear atá in ICU in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh mar a bhfuil 71 othar atá buailte leis an ngalar.

Dúirt Paul Reid gur chóir go spreagfadh na figiúirí is déanaí daoine chun tacú leis an gcóras sláinte agus leis na hoibrithe sláinte “atá ag troid ar fud na tíre chun beatha daoine a thabhairt slán”.

Dúirt Reid gur ar éigean a d’fhéadfaí a shamhlú tamall ó shin go dtiocfadh ardú chomh mór sin ar líon na gcásanna den ghalar agus líon na n-othar sna hospidéil.

Dúirt sé áfach go raibh comharthaí áirithe ann go raibh feabhas beag ag teacht ar chúrsaí – laghdú ar ráta fáis líon na gcásanna agus laghdú ar líon na dteagmhálaithe ar an meán a bhíonn ag daoine a tholgann an galar.

Idir an dá linn, d’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu gur bhásaigh 17 duine eile a raibh an coróinvíreas orthu. Le lá anuas a bhásaigh 14 de na daoine sin. 1,410 cás nua den choróinvíreas a deimhníodh.

Tá sé deimhnithe go bhfuil an víreas tolgtha ag 205,800 duine in Éirinn ó thús na paindéime – 121,154 duine ó dheas den teorainn agus 84,646 duine ó thuaidh di.

3,713 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,299 duine ó dheas den teorainn agus 1,414 duine ó thuaidh di.

599 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 44 díobhsan atá in aonad dianchúraim. Bhí 103% de leapacha ospidéil an Tuaiscirt lán inniu.

Fág freagra ar '‘Gairm chun gnímh’ – os cionn 1,000 othar Covid-19 sna hospidéil faoi láthair'