Gaillimh chun dúléim na guaise a thabhairt in aghaidh Dhoire

B’fhéidir gur sa chliar tacaíochta a bheidh an difríocht idir bris is bua sa chluiche leathcheannais idir Gaillimh agus Doire

Gaillimh chun dúléim na guaise a thabhairt in aghaidh Dhoire

Más dóigh le daoine i gcónaí gur fás aon oíche atá in aistear Dhoire i mbliana, ní bheidh an tuairim sin róbhuan ina gceann tar éis cluiche an tráthnóna i bPáirc a’ Chrócaigh. Aoinne a bhíonn ag faire ar na rudaí seo, tuigeann siad nach de thaisme atá cluiche leathcheannais na hÉireann sroichte ag Doire. Tá obair na mbeach á déanamh sa chontae le tamall agus lucht oiliúna agus forbartha na gcluichí luite amach orthu féin ag iarraidh an cluiche a thabhairt chun cinn. Tá san le feiscint i ngrád na mionúr agus Doire san iomaíocht i sé cinn as an ocht gcluiche ceannais deireanach a bhí i gCúige Uladh le bua nótálta in aghaidh Chiarraí sa ghrád anuraidh sa bhrothall i dTulach Mhór chun craobh na bliana 2020 a bhreith leo.

Dob é ceapachán Rory Gallagher mar bhainisteoir ar an bhfoireann shinsir an sméar mhullaigh ar obair na mblianta ag scata ach, díreach mar a bhí déanta deich mbliana ó shin aige féin agus Jim McGuinness i nDún na nGall, tá an cultúr athraithe ó bhonn ag leibhéal na sinsear ag Gallagher agus más ag teacht le súil thairis  a gcuid a bhíodar coicíos ó shin i gcoinnibh an Chláir, tá boladh na fola fachta anois acu agus ní stadfaidh siad nó go mbeidh coicíos eile bainte acu as.

An bhfuil sé iontu?

Ná bíodh aon amhras ort ná go bhfuil.

Cad a chaithfidh an Ghaillimh a dhéanamh chun iad a chloí?

Bhuel, caithfidh an taispeántas is fearr atá tugtha le linn réimeas trí bliana Phádraic Joyce teacht uathu an uair seo.

Bhí gnéithe áirithe dá mbua in aghaidh Ard Mhacha coicíos ó shin a thabharfaidh sásamh ar leith dóibh. Bhíodar ana-mhaith sa chosaint agus sa chomhimirt chosanta sa chéad leath in aghaidh Ard Mhacha. Bhí an chuma ar an imirt luath sa chluiche go ndéanfadh tosaithe ar nós Rian O’Neill, Jason Duffy agus Aidan Nugent ana-dhíobháil ach léirigh cosantóirí na Gaillimhe a gcumas foghlama agus faoin dtráth go raibh leath am sroichte agus na foirne ar chomhtharrac, 0-7 an taobh, ní raibh oiread is scór amháin aimsithe ag Ard Mhacha sa trí nóimeataí déag deireanacha den gcéad leath san.

Bhí an obair chruaidh déanta sa dara leath ag foireann na Gaillimhe agus bhí an chuma ar an scéal go raibh Ard Mhacha curtha de dhroim seoil acu agus iad ag déanamh ar dheireadh na himeartha. Sin an uair go dtugadh na ceachtanna is luachmhaire dóibh a gheobhaidh siad i gcoinne na bhfoirne ó chúige Uladh – ní bhíonn rath ach mar a bhíonn smacht agus ní féidir bheith neafaiseach le seilbh na caide agus tú ag tabhairt fé am cúitimh gortuithe i ndeireadh na huaire.

Tá go leor scríte agus ráite faoi phas coise iomrallach Shane Walsh agus ní gá domsa cur leis an allagar,  ach má tá ceachtanna le foghlaim agus más áil leis an nGaillimh múnla a aimsiú chun tabhairt fé stíl Dhoire, bhí sé ar fad sa chéad dhá nóimeat is 44 soicind a bhí acu in aghaidh Ard Mhacha. Ní thabharfadh sé taitneamh súl dúinn agus ní raibh de thoradh acu ar sheilbh na caide ach cic saor a tugadh i gcoinne Rob Finnerty ach sna nóimeataí sin i bhfíorthús na himeartha, bhí éachtaint don nGaillimh ar conas Doire a chrá agus a shuaitheadh. Caithfear amhlaidh a dhéanamh chun ná beadh an cluiche á imirt ar théarmaí Dhoire mar a tharla i ngach cluiche craoibhe go nuige seo.

Bhíomar go léir ag cáiseamh cur chuige Dhún na nGall i gcluiche ceannais Uladh in aghaidh Dhoire. B’fhéidir go raibh na Conallaigh rócháiréiseach, róthomhaiste ina gcur chuige ach caithfear bheith amhlaidh luath san imirt chun an ghaoth a bhaint as seolta Dhoire. Dála Dhún na nGall deich mbliana ó shin, tá mórán ag brath do Dhoire ar sheilbh na caide a bhaint díot agus ar an gcóras cosanta a pholladh le luas is le fuadar ar an bhfrith-ionsaí ina dhiaidh sin.

Tá gach a ndeineann Doire cleachtaithe go minic. Tóg a dtríú cúl ag Paul Cassidy in aghaidh an Chláir coicíos ó shin mar shampla de seo. Bhí cúigear istigh sa líne lántosach acu. Déarfadh aoinne leat go bhfuil an iomarca imreoirí chun tosaigh acu ach toisc go bhfuil sé cleachtaithe chomh minic agus toisc go bhfuil gach cinneadh a deintear i mbéal an bháide chomh tomhaiste, éiríonn leo cúil a fháil nuair ná éireodh le foirne eile. Tá deich gcinn de chúil fachta go dtí seo sa chraobh ag Doire – níos mó ná aon fhoireann atá fós san iomaíocht.

Cé go bhfuil sé ráite go minic ó thosach na bliana go gcaithfidh siad a bheith ag aimsiú níos mó cúilíní in aghaidh na bhfoirne láidre, is dóigh liom go dtuigeann imreoirí Dhoire (agus is léir óna ghothaí is a gheáitsí ar an dtaobhlíne go dtuigeann Rory Gallagher) luach an chúil níos fearr ná aoinne nuair a thagann sé.

Beidh caint as seo go dtí 5:30 tráthnóna maidir le conas na cúil seo a cheilt ar Dhoire agus maidir le conas spás (agus cúil) a cheilt ar leithéidí Shane McGuigan, Gareth McKinless, Conor Glass agus Benny Heron. Táthar ag tuar, leis, go gcuirfear Brendan Rogers anonn ar Damien Comer agus go mbeidh Chrissy McKaigue á chur ar Shane Walsh d’fhonn draíocht agus dainséar na Gaillimhe a cheilt orthu siúd.

Sin iad príomhghníomhairí na bhfoirne.

Beidh tuiscint againn ar gach beart agus ar gach seift faoina seacht a chlog tráthnóna ach measaim féin gur sa chliar tacaíochta a bheidh an difríocht idir bris is bua. Tá an dá chliar ón dá thaobh cumasach cruthanta ach le teacht in inmhe Chillian McDaid an lá deireanach, bláthú leanúnach Rob Finnerty agus Matthew Tierney chun tosaigh agus cruachtaint Dylan McHugh agus Jack Glynn thiar, tá an chuma ar an nGaillimh go bhfuil dubhléim bhreise na guaise sin iontu.

 

Fág freagra ar 'Gaillimh chun dúléim na guaise a thabhairt in aghaidh Dhoire'