Gaillimh ainmnithe mar Chathair Scannán

Cathair na dTreabh ainmnithe ina Cathair Scannán ag meánoíche aréir i bPáras. Níl ach cúig chathair eile ar domhan a bhfuil an stádas céanna bainte amach acu.

 

Quay_Street,_Gaillimh-Galway_City_-_geograph.org.uk_-_1249982

Tá aitheantas idirnáisiúnta mar Chathair Scannán bainte amach ag Gaillimh.

Bhronn Stiúrthóir-Ginearálta UNESCO Irina Bokova an stádas ar Chathair an dTreabh i bPáras na Fraince ag meánoíche aréir.

Beidh an ‘stádas’ seo go buan ag Cathair na Gaillimhe.

Ba iad Ionad Scannán na Gaillimhe i gcomhpháirt le Comhairlí Cathrach agus Contae na Gaillimhe a chur an t-iarratas faoi bhráid UNESCO i mí Márta na bliana seo.

Bhí leathchéad cathair eile ar an ngearrliosta.

Níl ach cúig chathair eile ar domhan a bhfuil an stádas céanna acu; Sydney na hAstráile, Busan na Cóiré Theas, Bradford Shasana agus Sóifia na Bulgáire.

Tá os cionn trí scór cathair eile ar Ghréasan na gCathracha Cruthaitheacha a chuireann an comhoibriú chun cinn i measc cathracha a bhfuil cáíl an ‘chultúir’ orthu.

Ar an gclár Iris Aniar ar RTÉ RnaG ar maidin, dúirt Eibhlín Ní Mhunghaile ó Ionad Scannán na Gaillimhe go rachadh ‘stádas’ nua na Gaillimhe chun leas na cathrach agus an cheantair mháguaird.

“Tá go leor daoine fostaithe san earnáil seo, go háirithe an earnáil teilfíse.

“Nuair atá muid ag labhairt faoi Chathair na Gaillimhe mar chathair UNESCO, tá muid ag caint ar cheantar Chonamara agus na comhlachtaí léiriúcháin atá ann agus an méid atá ar bun ann, agus cuideoidh an t-aitheantas domhanda seo go mór leis an gceantar agus an chathair a chur chun cinn mar áit ar féidir gnó a dhéanamh.”

Dúirt sí go raibh straitéis ann tabhairt faoi oiliúint, go háirithe I measc daoine óga, agus chomh maith leis sin lucht féachana a mhealladh “go scannáin chruthaitheacha, nach gnáthscannáin iad”.

Ag labhairt di ar an gclár céanna, dúirt Miriam Ní Néill ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil ‘fíor-ríméad’ ar an Údarás faoin ngradam.

“An rud is tábhachtaí ná go dtugann sé aitheantas idirnáisiúnta don chathair mar chathair a bhfuil earnáil chruthaíoch go láidir ann agus go bhfuil aitheantas á thabhairt don méid atá tarlaithe san earnáil sin.”

Dúirt Miriam Ní Néill go raibh Údarás na Gaeltachta lárnach i mbunú earnáíl na scannánaíochta sa Ghaeltacht ó dheireadh na n-ochtóidí ar aghaidh. Tugann an t-aitheantas nua deis dóibh an gnó atá a ‘idirnáisiúnú’ anois.

“Tá na scileanna ann, na háiseanna ann agus na daoine ann. Is deis iontach í agus tá fíor-ríméad orainn an t-aitheantas seo a bheith bainte amach.

“Seo céim eile chun cinn i bhforbairt na hearnála; níl aon dabht faoi gur earnáil thábhachtach í ó thaobh fás an chontae agus an cheantair.”

Meastar gur fiú €72 milliún don gheilleagar áitiúil tionscal na scannán cheana féin agus tá os cionn 600 duine ag obair san earnáil.

 

Fág freagra ar 'Gaillimh ainmnithe mar Chathair Scannán'