Gaillimh agus Port Láirge ag súil le leorghníomh a dhéanamh

Theip ar an dá fhoireann i gcluichí ceannais a gcúigí ach beidh siad i gcoinne foirne a bhfuil speach iontu i ndiaidh na gcluichí cáilithe

Bainisteoir Phort Láirge, Derek McGrath. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Bainisteoir Phort Láirge, Derek McGrath. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Loch Garman v Port Láirge, Staid Semple, 2i.n.

Seans nár cheap ceachtar de na foirne seo, Loch Garman ná Port Láirge, go mbeadh siad páirteach sa chuid seo den chraobh cúpla seachtain ó shin.

I Loch Garman, ní raibh cuma rómhaith ar chúrsaí. Tar éis dóibh taispeántais lag go maith a thabhairt uathu sa tsraith, thug Baile Átha Cliath greadadh dóibh ina gcéad chluiche craoibhe. Bhí an bainisteoir Liam Dunne agus a gcuid imreoirí faoi bhrú ach sheas siad an fód agus tá buanna faighte acu ó shin ar Uíbh Fhailí agus, níos fearr fós, ar Chorcaigh, foireann nach bhfuair siad an ceann is fearr orthu sa chraobh ó chluiche ceannais na hÉireann i 1956.

Agus dul chun cinn déanta acu sna craobhacha faoi aois, go háirithe an Chraobh faoi-21 a bhuaigh siad trí bliana as a chéile idir 2013 agus 2015, ba léir go raibh imreoirí maithe ag Loch Garman. I mbliana, áfach, a thosaigh cuid de na himreoirí sin ag bláthú sa chraobh shinsir.

Beidh díomá ar Phort Láirge nach bhfuil siad imithe díreach ar aghaidh go dtí cluiche leathcheannais na hÉireann. Chlis ar chóras na nDéiseach go hiomlán i gcluiche ceannais na Mumhan in aghaidh Thiobraid Árann agus beidh sé suimiúil a fheiceáil an gcloífidh Derek McGrath leis an stíl chéanna.

Agus dhá bhliain caite aige ag tabhairt an chórais chéanna chun foirfeachta, is beag seans go gcaithfidh McGrath in aer ar fad é, ach is cinnte go bhfuil gá le hathruithe anseo agus ansiúd má faoi Phort Láirge an ceann is fearr a fháil ar leithéidí Thiobraid Árann agus Chill Chainnigh sa chraobh.

Nuair a chas na foirne seo ar a chéile i gcraobh 2014, ba iad Loch Garman a thug an lá leo, 3-15 in aghaidh 2-15, i mBabhta 2, ach tá dul chun cinn déanta ag na Déisigh ó shin agus fiú má baineadh tuisle astu in aghaidh Thiobraid Árann, ba cheart go mbeadh a ndóthain acu le teacht slán tráthnóna.

Rogha Tuairisc.ie: Port Láirge

Joe Canning. INPHO/Tom Beary
Joe Canning. INPHO/Tom Beary

Gaillimh v An Clár, Staid Semple, 4i.n.

Is in 2013 sa bhabhta céanna agus ar an bpáirc chéanna a d’imir na foirne seo a chéile go deireanach sa chraobh.

Ach an oiread le cluiche an lae inniu, bhí Gaillimh an uair sin ag iarraidh teacht aniar a dhéanamh i ndiaidh dóibh a seans a chur amú i gcluiche ceannais na hÉireann in aghaidh Chill Chainnigh. Ach beidh foireann Micheál Donoghue ag súil nach aon leid atá ansin dá bhfuil i ndán dóibh inniu. Bhí Gaillimh go hainnis sa choimhlint sin dhá bhliain ó shin. 2-14 in aghaidh 1-23 a chríochnaigh an cluiche agus an  oiread sin gaoithe sna seolta ag an gClár ina dhiaidh gur éirigh leo an chraobh a bhuachan ag deireadh na bliana.

Bhí drochlá ag Joe Canning in 2013 agus fiú baineadh cúram na bpocanna saora de sa dara leath, ach beidh sé tábhachtach do Ghaillimh tráthnóna. Ní fios fós cén t-ionad is fearr Canning ach seans go mbeadh tionchar níos mó aige ar an imirt dá mbeadh sé timpeall lár na páirce i gcoinne an Chláir.

Leis na cosantóirí breise a bhíonn in úsáid ag Davy Fitzgerald, bheadh sé deacair an sliotar a chur chomh fada le Canning agus fiú dá mbeifí in ann é sin a dhéanamh, chruthaigh Cian Dillon go maith roimhe seo agus é ag marcáil fhear Phort Omna. Bhí Canning ciúin go maith arís in aghaidh Chill Chainnigh i gcluiche ceannais Laighean agus is cinnte go mbeidh sé ag iarraidh cúiteamh a dhéanamh as an méid sin inniu.

Tugann an cluiche seo deis don Chlár anam a chur san fheachtas craoibhe acu. Cé go raibh siad ar fheabhas i rith na sraithe, ní raibh an t-anam céanna iontu in aghaidh Phort Láirge ná in aghaidh Luimnigh.

Cé go bhfuil an-seans ann nach mbeidh Davy Fitzgerald, atá ag teacht chuige féin ón obráid a cuireadh air i rith na seachtaine, ag siúl suas síos an taobhlíne, tá dóthain taithí ag Dónal Óg Cusack, Louis Mulqueen agus Paul Kinnerk chun a chinntiú nach n-aireoidh siad uathu rómhór a mbainisteoir.

Má imríonn Gaillimh chomh maith is a d’imir siad sa chéad leath in aghaidh Chill Chainnigh ach é sin a dhéanamh ar feadh seachtó nóiméad an turas seo, ba cheart go mbeidís acmhainneach go leor leis an gceann is fearr a fháil ar na Cláirínigh.

Rogha Tuairisc.ie: Gaillimh

Fág freagra ar 'Gaillimh agus Port Láirge ag súil le leorghníomh a dhéanamh'