Gaillimh agus Cill Chainnigh réidh chun catha arís i gcluiche ceannais na hÉireann

Bhí na cúil a d’aimsigh Gaillimh sa chéad leath cinniúnach i gcluiche ceannais na bliana seo caite

Gaillimh agus Cill Chainnigh réidh chun catha arís i gcluiche ceannais na hÉireann

Sarah Spellman (Gaillimh) agus Meighan Farrell (Cill Chainnigh) i gcluiche ceannais na hÉireann 2019. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Cill Chainnigh v Gaillimh – Páirc an Chrócaigh, 7pm (Beo ar RTÉ)

Na foirne céanna a d’imir i gcluiche ceannais na bliana seo caite a bheidh againn i bPáirc an Chrócaigh anocht nuair a thabharfaidh Gaillimh agus Cill Chainnigh aghaidh ar a chéile i gcluiche mór na bliana.

Cluichí crua a bhí acu beirt sna babhtaí leathcheannais coicís ó shin. Ní raibh Cill Chainnigh ag súil lena mhalairt nuair a thug siad aghaidh ar Chorcaigh agus ní raibh ach dhá phointe idir na foirne ar deireadh, 2-10, 1-11.

Bhí cúl agus trí phointe géillte ag Cill Chainnigh sular éirigh leo a gcéad scór a fháil sa chluiche ach tháinig siad ar ais de réir a chéile agus faoi leath ama, bhí na Cait pointe chun tosaigh.

Scóráil Miriam Walsh cúl cinniúnach dóibh luath sa dara leath agus d’éirigh leo fanacht chun tosaigh ar a gcéilí comhraic as sin go deireadh.

Bua sé phointe a bhí ag Gaillimh ar Thiobraid Árann, 1-11, 0-8, ach níor ligeadh seaimpíní na hÉireann ar a sáimhín só i gcaitheamh an chluiche. Is í lánchúlaí agus captaen na Gaillimhe, Sarah Dervan, a roghnaíodh mar laoch na himeartha, rud a léiríonn an dúshlán a tugadh do Ghaillimh.

Chuir na Gaillimhigh roinnt deiseanna ar chúil amú sa chluiche céanna ach, mar sin féin, beidh bainisteoir na foirne Cathal Murray an-sásta gur scóráil gach duine den seisear tosaithe a thosaigh an cluiche do Ghaillimh.

Chuir Gaillimh tús iontach le cluiche ceannais 2019 nuair a scóráil Ailish O’Reilly cúl gan ach dhá nóiméad imeartha agus bhí trí chúl aimsithe ag Gaillimh roimh leath ama, ceann faighte ag Niamh Hannify agus an ceann eile scóráilte arís ag O’Reilly.

Ní raibh an tionchar céanna ag sárimreoir na Gaillimhe, Niamh Kilkenny, ar imirt na foirne go dtí seo i mbliana ach d’fhéadfadh sí fós taispeántas cinniúnach a thabhairt sa chluiche ceannnais, mar a rinne sí anuraidh.

Déanfaidh Cill Chainnigh a seacht ndícheall an briseadh croí i gcluiche ceannais eile a sheachaint. Tá an lá mór bainte amach ag foireann na gcat sé huaire le seacht mbliana anuas ach níor éirigh leo ach ceann de na cluichí ceannais sin a bhuachan (2016).

Ní ró-iontach an tús a chuir an fhoireann le ré Brian Dowling mar bhainisteoir ag tús na bliana ach ó neart go neart atá siad ag dul ó shin. Ba cheart go dtabharfadh an bua in aghaidh Chorcaí an-mhisneach dóibh agus deis iontach acu Corn Uí Dhufaigh a thabhairt leo inniu.

Fág freagra ar 'Gaillimh agus Cill Chainnigh réidh chun catha arís i gcluiche ceannais na hÉireann'