Gaillimh agus Ciarraí ag súil leis an mbeart a dhéanamh sa bhaile

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar na cluichí i Roinn 1 na sraithe peile tráthnóna

Gaillimh agus Ciarraí ag súil leis an mbeart a dhéanamh sa bhaile

Thomas Flynn (Gaillimh) agus Brian Kennedy (Tír Eoghain). Pictiúr: INPHO/Lorcan Doherty

Gaillimh v Tír Eoghain

Tuaim

2pm (Beo ar TG4)

Tabharfaidh a mbua ar Dhún na nGall an-mhuinín d’fhoireann Pádraic Joyce agus iad ag fáil réidh chun aghaidh a thabhairt ar fhoireann láidir eile as Cúige Uladh, Tír Eoghain. Bhí an Ghaillimh seacht bpointe chun deiridh ag tráth amháin sa dara leath sa chluiche sin i Leitir Ceanainn ach tháinig siad ar ais go láidir.

Tá i bhfad níos mó saoirse ag imreoirí na Gaillimhe i mbliana ná mar a bhí le roinnt blianta agus chonacthas sin ina gcluiche in aghaidh Dhún na nGall nuair a fuair beirt a bhí ag imirt sa líne lánchúil, Johnny Heaney agus Seán Kelly, cúl an duine.

Tá Shane Walsh ag imirt ar fheabhas ar fad i láthair na huaire chomh maith má bhíonn Damien Comer ar a bhuaic arís, beidh Gaillimh ar mhuin na muice.

Bualadh buille orthu i rith na seachtaine áfach nuair a fuarthas an drochscéal nach mbeidh fáil ar an leathchúlaí láir John Daly, a bhí ag imirt go maith go dtí seo sa tsraith, ach beidh lucht tacaíochta na Gaillimhe sásta gurb é sárchosantóir Chora Finne Liam Silke atá tagtha isteach ina áit.

Measadh go mbeadh Tír Eoghain ag streachailt i rith an earraigh agus imreoirí mór le rá in easnamh orthu ach tá dhá chluiche as trí cinn buaite ag foireann Mickey Harte go dtí seo. Tá siad sa dara háit i Roinn 1 agus fuair siad an ceann is fearr ar Chiarraí coicís ó shin. Tháinig Cathal McShane isteach mar ionadaí sa chluiche sin agus is cinnte go bhfeicfear an lántosach arís tráthnóna agus Tír Eoghain ag iarraidh líne lánchúil na Gaillimhe, nach bhfuil mórán taithí acu, a chur faoi bhrú.

Nuair a chas na foirne seo ar a chéile i dTuaim cúpla bliain ó shin bhí an lá le Gaillimh i gcluiche crua ar pháirc fhliuch. Beidh cluiche an lae inniu mar a chéile agus beidh Gaillimh ag súil go mbeidh an toradh céanna air.

Rogha Tuairisc.ie: Gaillimh

Stephen O’Brien (Ciarraí) agus Conor McGill (An Mhí). Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Ciarraí v An Mhí

Cill Airne

1pm

Chaill an dá fhoireann seo a gcluichí i mBabhta 3 agus gá acu le bua dá réir. Má chailleann contae na Mí beidh gach cluiche go dtí seo caillte acu agus bheadh sé beagnach cinnte gur i Roinn 2 a bheadh siad ag imirt an bhliain seo chugainn.

Beidh Andy McEntee míshásta nár éirigh le fir na Mí an ceann is fearr a fháil ar Mhaigh Eo san Uaimh coicís ó shin agus iad níos fearr ná a gcéilí comhraic don chuid is mó. Bhí na foirne ar comhscór agus beagnach 70 nóiméad imeartha ach d’aimsigh Kevin McLoughlin cúl do Mhaigh Eo chun an cluiche a bhaint.

Ní thabharfaidh turas chomh fada le Staid an Ghearaltaigh mórán faoisimh d’fhoireann na Mí ach an oiread.

Beidh foireann Chiarraí spreagtha i ndiaidh an chluiche in aghaidh Thír Eoghain. Measadh go ndearnadh éagóir ar David Clifford nuair a cuireadh den pháirc é agus an choimhlint idir dhá cheann na meá agus d’éirigh le Tír Eoghain an cluiche a bhuachan faoi dheireadh.

Beidh Clifford ar fáil ag Ciarraí, buntáiste ollmhór dóibh, ach beidh Peter Keane ag súil le taispeántas níos fearr ó na tosaithe eile chomh maith agus an baol ann go bhfuil Ciarraí ag brath rómhór ar a gcaptaen.

Tá ceisteanna ann chomh maith faoi cé chomh láidir agus atá cosantóirí Chiarraí. Tá níos mó scóranna géillte acu ná mar atá ag aon fhoireann eile sa tsraith go dtí seo ach níor cheart go mbeadh fir na Ríochta faoin oiread sin stró inniu.

Níor éirigh le contae na Mí ach 3-21 a scóráil sa trí chluiche a bhí acu go dtí seo, deich bpointe an chluiche ar an meán, agus sin ceann de na príomchúiseanna go bhfuil siad ag bun an tábla i Roinn 1.

Rogha Tuairisc.ie: Ciarraí

Aidan O’Shea (Maigh Eo) agus Karl O’Connell (Muineachán). Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Muineachán v Maigh Eo

Cluain Eois

2pm (Athbheo ar TG4)

Bhí Kevin McLoughlin ina laoch ag Maigh Eo coicís ó shin nuair a fuair siad an ceann is fearr ar chontae na Mí chun cluiche a bhuachan den chéad uair i sraith na bliana seo. Níorbh é an chéad uair go bhfuair McLoughlin scóranna cinniúnacha d’fhoireann James Horan chun iad a thabhairt slán.

Tháinig McLoughlin isteach mar ionadaí an lá eile ach imreoidh sé ón tús inniu agus Maigh Eo agus aghaidh á tabhairt acu ar Mhuineachán i gCluain Eois. Tá trí cinn d’athruithe déanta ag Horan i measc na gcosantóirí agus Pádraig OHora, Oisín Mullin agus Eoghan McLoughlin, a bheidh ag tosú i gcluiche sa tsraith den chéad uair, uile ag teacht isteach.

Is léir nach raibh Horan sásta leis an dtaispeántas i gcoinne na Mí. Níl Keith Higgins fillte fós agus tá drochghortú ag cur as do Colm Boyle agus is faoi imreoirí eile a bheidh na fadhbanna atá acu a réiteach dá bharr.

Trí phointe atá ag Muineachán go dtí seo i Roinn 1 agus d’fhéadfadh go mbeadh an trí chluiche atá imeartha acu go dtí seo buaite acu.

Bua aon phointe amháin a bhí ag Gaillimh orthu sa chéad bhabhta agus chuir Muineachán deiseanna amú sa chluiche céanna. Thug siad taispeántas maith uathu chun Tír Eoghain a chloí ina dhiaidh sin ach beidh aiféala ar Shéamus McEnaney nár éirigh leo Áth Cliath a shárú i bPáirc an Chrócaigh coicís ó shin. Bhí Muineachán naoi bpointe chun tosaigh agus seasca nóiméad caite agus bhí siad fós sé phointe chun tosaigh agus seachtó nóiméad caite. Níor éirigh leo ach comhscór a fháil.

Mar sin féin, tá cuma láidir orthu agus is léir go bhfuil go leor oibre déanta acu agus béim á leagan ar an tsraith acu.

Tá déanta go maith ag Maigh Eo agus iad ag imirt as baile sa tsraith le roinnt blianta anuas agus i bPáirc an Chrócaigh agus i Staid an Phiarsaigh amháin a chaill siad cluichí ó 2017. Ach tá cluiche crua rompu i gCluain Eois agus cuma na maitheasa ar Mhuineachán.

Rogha Tuairisc.ie: Muineachán

Fág freagra ar 'Gaillimh agus Ciarraí ag súil leis an mbeart a dhéanamh sa bhaile'