Gaillimh ag súil le cluiche ceannais eile a bhaint amach, ach idir Corcaigh agus Cill Chainnigh atá an choimhlint mhór

Tá Corcaigh agus Cill Chainnigh tar éis casadh ar a chéile sa chraobh go minic le roinnt blianta anuas agus is minice a bhíonn an lámh in uachtar ag na Muimhnigh

Gaillimh ag súil le cluiche ceannais eile a bhaint amach, ach idir Corcaigh agus Cill Chainnigh atá an choimhlint mhór

Davina Tobin (Cill Chainnigh) agus Orla Cotter (Corcaigh) i gcluiche ceannais na hÉireann 2018. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Corcaigh v Cill Chainnigh – Páirc Uí Chaoimh, 12.30i.n. (Beo ar RTÉ 2)

Tá foireann Chill Chainnigh ag iarraidh cluiche ceannais na craoibhe camógaíoctha a bhaint amach den seachtú huair le hocht mbliana anuas ach beidh sárthaispeantas ag teastáil más leo Corcaigh a shárú i bPáirc Uí Chaoimh tráthnóna.

Is í seo an chéad bhliain ag Brian Dowling i gceannas ar fhoireann na gCat agus ní gan dua a bhí sí go dtí seo.

Níor bhuaigh Cill Chainnigh ach ceann de na trí chluiche a d’imir siad sa tsraith i rith an earraigh. Bhuaigh siad ar Uíbh Fhailí ach chaill siad i gcoinne an Chláir agus i gcoinne Chorcaí sular cuireadh deireadh leis an gcomórtas mar thoradh ar an gCovid-19.

Tá cúrsaí feabhsaithe dóibh ó thús na craoibhe ach ní raibh Cill Chainnigh sa ghrúpa is deacra a bhí ann. Bhí bua maith acu ar Phort Láirge sa chéad bhabhta agus bhí siad i bhfad róláidir don Iarmhí agus do Luimneach sa dá chluiche ina dhiaidh sin.

Níl ach cúl amháin géillte ag Cill Chainnigh go dtí seo sa chraobh, ach arís, beidh cluiche i bhfad níos crua acu tráthnóna. Tá Corcaigh agus Cill Chainnigh tar éis casadh ar a chéile go minic le roinnt blianta anuas agus is minice an lámh in uachtar ag na Muimhnigh.

Thug Corcaigh greadadh do Chill Chainnigh sa chluiche sraithe sin mí an Mhárta agus bearna trí phointe dhéag idir na foirne, 2-16 in aghaidh 0-9. Na sé chluiche craoibhe atá imeartha ag na foirne i gcoinne a chéile ó 2013, tá cúig cinn acu buaite ag Corcaigh.

Is mó freisin a bhí le déanamh ag Corcaigh chun cluiche leathcheannais an lae inniu a bhaint amach, cé go bhfuair siad bua gan choimhlint ó Uíbh Fhailí sa chéad bhabhta den chraobh.

Bhí bua maith acu ar Loch Garman sa dara babhta agus nuair a bhuaigh Gaillimh ar Chorcaigh sa bhabhta deireanach, bhí ar fhoireann Paudie Murray tabhairt faoi chluiche ceathrú ceannais in aghaidh an Chláir.

Cé gur bhuadar an cluiche go héasca ar deireadh, 3-15 in aghaidh 0-8, thóg sé tamall fada ar Chorcaigh na Cláirínigh a chur de dhroim seoil. Mar sin féin, seans go seasfaidh an taithí sin dóibh tráthnóna agus iad ag iarraidh na Cait a chloí uair amháin eile.

Orlaith McGrath (Gaillimh) agus Izzy O’Regan (Corcaigh). Pictiúr: INPHO/Lorraine O’Sullivan

Gaillimh v Tiobraid Árann – Páirc Uí Chaoimh, 2.15i.n. (Beo ar RTÉ 2)

Beidh seaimpíní na hÉireann san iomaíocht sa chluiche leathcheannais eile agus Tiobraid Árann ag tabhairt aghaidh ar Ghaillimh.

Fuair Tiobraid Árann an ceann is fearr ar na Gaillimhigh sa tsraith níos túisce i mbliana ach níl aon amhras ach gurb iad foireann Chathail Murray rogha na coitiantachta tráthnóna.

Tabharfaidh an bua a bhí acu ar Chorcaigh sa gcluiche cinniúnach i nGrúpa 1 an-mhisneach d’imreoirí na Gaillimhe agus iad ag iarraidh Craobh na hÉireann a bhuachan dhá bhliain as a chéile, an chéad uair riamh a dtarlódh sin.

Thug siad taispeántas cumasach uathu ina gcéad chluiche sa chraobh agus an fhoireann bhaile cloíte acu agus cúig chúl scóráilte acu i Loch Garman, 5-17 in aghaidh 3-9. Bhí siad i bhfad róláidir ansin d’Uíbh Fhailí agus níor ghéill siad ach trí phointe sa 60 nóiméad agus farasbarr 19 pointe acu ar deireadh, 3-13 in aghaidh 0-3.

Ní bheidh aon easpa misnigh ar Thiobraid Árann agus na trí chluiche atá imeartha acu i gcraobh na bliana seo buaite acu. Bhuaigh siad ar an gClár agus ar Áth Cliath i nGrúpa 3 agus bhain cluiche ceathrú ceannais amach i gcoinne Phort Láirge.

Is beag a bhí idir na foirne sa choimhlint sin ach scóráil Karen Kennedy an cúl cinniúnach sa dara leath do Thiobraid Árann, 1-12 in aghaidh 0-10.

Is í seo an tríú bliain as a chéile ag Tiobraid Árann na babhtaí leathcheannais a bhaint amach ach tá siad ag fanacht ó 2006 le deis a fháil ar chluiche ceannais. Seans go mbeidh bliain eile ar a laghad ag fanacht orthu agus foireann láidir na Gaillimhe rompu.

Fág freagra ar 'Gaillimh ag súil le cluiche ceannais eile a bhaint amach, ach idir Corcaigh agus Cill Chainnigh atá an choimhlint mhór'