GAILEARAÍ/TUAIRISC: Cloch chinn nochtaithe ar uaigh Bhanríon Alasca i Ros Muc

Is mór an chreidiúint atá ag dul do Ghairmscoil na bPiarsach i Ros Muc as cloch chinn a chur ar uaigh Bhríd Aylward, Bríd Ní Mhainín roimh phósadh di

Mórshiúl ó Choláiste na bPiarsach go dtí Reilig Chill Eoghain in onóir Bhanríon Alasca Bríd Aylward le bratach na hÉireann agus bratach Alasca.
Mórshiúl ó Choláiste na bPiarsach go dtí Reilig Chill Eoghain in onóir Bhanríon Alasca Bríd Aylward le bratach na hÉireann agus bratach Alasca.

Is mór an chreidiúint atá ag dul do Ghairmscoil na bPiarsach i Ros Muc as cloch chinn a chur ar uaigh Bhríd Aylward, Bríd Ní Mhainín roimh phósadh di.

Seo í an bhean ar tugadh Banríon Alasca uirthi.

Ar an taobh eile den scéal, b’fhéidir nach cúis iontais ar bith go dtabharfadh ionad oideachais ómós di mar nuair a d’fhill sí as Alasca agus sparán teann go leor aici ní dhearna sí dearmad ar riachtanais oideachais cheantar Ros Muc.

Chuir sí scéim scoláireachta ar fáil le cuidiú le daltaí meabhracha a raibh beagán cúnamh airgid ag teastáil uathu.

An slua bailithe ag an gcomóradh.
An slua bailithe ag an gcomóradh.

Ar dhuine acu siúd a bhain leas as ceann de na scoláireachtaí bhí an t-aisteoir cáiliúil Bríd Ní Neachtain.

D’fhág Bríd Ní Mhainín Ros Muc thart ar 1885 agus í ina cailín óg. Go St. Paul i Minnesota a chuaigh sí ar dtús. Bhí gaolta léi ansin.

Thug sí a haghaidh ar Chicago ina dhiaidh sin agus níorbh fhada go raibh sí fostaithe ina cócaire ann ag fear darbh ainm Portus B. Weare.

Bhí comhlacht trádála aigeasan i gceantar abhainn an Yukon.

Lá dá raibh Éireannach dárbh ainm John J. Healy ar dinnéar ag Weare shocraigh siad beirt ionad trádála eile a bhunú in áit ar a dtugtar Forty Mile Creek ar abhainn an Yukon.

Gaolta Bríd Aylward Frank Ó Máille, ar ch-é, agus Coilimín Ó Mainín ag nochadh na cloiche cinn.
Frank Ó Máille, ar chlé, agus Coilimín Ó Mainín ag nochadh na cloiche cinn.

Thairg Bríd Ní Mhainín a dhul ó thuaidh í féin agus freastal a dhéanamh ar bhean chéile John J. Healy. Glacadh leis an tairiscint.

Ní raibh ach 28 bean bhán i gceantar an Yukon ar fad an uair sin i gcomparáid le 1,000 fear. Cén t-ionadh go bhfuair Bríd 150 tairiscint phósta gan mórán achair.

Ní dhearna siad aon mhaith; phós sí Edward Aylward as Cill Chainnigh sa mbliain 1894.

Ba é barúil a lán narbh áit fheiliúnach ar bith do bhean bhán an áit a raibh cónaí orthu.

Ní bhíodh acu ach ceithre huaire solais sa ngeimhreadh agus corruair thiteadh an teocht go dtí 55 céim faoi bhun an reophointe.

Amhrán Mhuinse á rá ag Briocán Bairéad.
Amhrán Mhaínse á rá ag Briocán Bairéad.

A mhalairt a tharlaíodh sa samhradh: bhíodh teas mór ann agus daoine cráite ag an mosquito.

Thugadh dúchasaigh an cheantair feoil úr dóibh scaití ach thairis sin bhí an bia go dona.

Bhíodh píosaí móra bagúin trí troithe ar fad ann agus dath buí air. “Yard bacon” a thugtaí air.

Bhíodh caonach liath ar an bplúr agus cnapanna sa rís.

Ní dhearna Bríd dearmad ar Ros Muc i rith an ama seo ar fad. Dúirt sí uair amháin gur mhaith léi leamhnacht Ros Muc a ól aríst sula bhfaigheadh sí bás.

Ach bhí ór le fáil in aice le habhainn an Yukon.

Sa mbliain 1897, scríobh a fear céile litir as Klondike chuig an New York Times. Dúirt sé go raibh a bhean imithe go hÉirinn agus 150 cnap óir aici.

Ár gcolúnaí Seosamh Ó Cuaig ag tabhairt óráide in omós do Bhanríon Alasca.
Seosamh Ó Cuaig ag tabhairt óráide in omós do Bhanríon Alasca

Í féin a phioc iad, a dúirt sé.

Nuair a bhí a dtréimhse istigh acu in Alasca tháinig siad anuas go Seattle agus d’oscail siad teach aíochta ansin. Chuaigh deirfiúr Bhríd a chónaí in éineacht leo.

Ina dhiaidh sin aríst, nuair a bhí Bríd amach sna blianta agus a fear céile caillte, d’fhill sí ar Ros Muc ar fad. Ansin a cailleadh í.

Ba chorraitheach an ócáid a bhí i reilig Chill Eoin nuair a nochtaíodh an chloch chinn ar uaigh Bhanríon Alasca, le taobh a máthar.

Mháirseáil daltaí Ghairmscoil na bPiarsach go dtí an reilig agus píobaire chun tosaigh orthu.

Ba iad Proinsias Ó Máille agus Colm Ó Mainín a nocht an chloch chinn agus ba é an tAthair Mícheál Ó Braonáin a bheannaigh í.

Ócaid bhróid agus cheiliúrtha a bhí inti. Bhí lámh ag roinnt daoine san obair ach tá an chuid is mó den bhuíochas ag dul do Bhridie Uí Chonámha, múinteoir sa nGairmscoil, agus do Phríomhoide na Gairmscoile, Peadar Ó Loideáin.

An cloch chinn nua.
An cloch chinn nua.

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ/TUAIRISC: Cloch chinn nochtaithe ar uaigh Bhanríon Alasca i Ros Muc'