GAILEARAÍ/TUAIRISC: Ceiliúradh 10 mbliana de Chiste Craoltóireachta

Rinneadh ceiliúradh i mBéal Feirste inniu ar dheich mbliana den Chiste Craoltóireachta

Bhí na scórtha de lucht craolacháin agus de lucht labhartha na Gaeilge i measc an tslua i Leabharlann iomráiteach Halla an Línéadaigh i mBéal Feirste ar an Déardaoin le deich mbliana den Chiste Craoltóireachta Gaeilge a cheiliúradh. Taca an ama seo i 2005 a mhaoinigh an Ciste clár teilifíse den chéad uair. Ó shin i leith tá 800 uair an chloig de chláir maoinithe idir dhrámaíocht, chláir páistí, bheochan, chláir faoi nósanna maireachtála agus chláir fhíriciúla.

I measc an tsaothair a mhaoinigh an Ciste, tá Rónán san Aifric ar TG4, Seacht agus Scúp ar BBC Thuaisceart Éireann agus TG4, Teorainn ar BBC, an scannán Kings, Raidio Fáilte Bhéal Feirste agus an suíomh idirlin Meon Eile.

Dúirt Áine Walsh, Ceannasaí an Chiste Craoltóireachta Gaeilge, go raibh siad “iontach bródúil as a bhfuil déanta ag an Chiste.

“Tá rún againn tógáil ar an obair rathúil seo sna blianta amach romhainn lena chinntiú go mbeidh lucht oibre sainiúil ann le leanúint de na cláir iontacha sultmhara a sholáthar,” a dúirt sí.

Bhí Áine, céimí ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar de bhunadh Mhaigh Eo agus Thír Eoghain í, ar dhuine den bheirt phríomhchainteoirí ag an ócáid  cheiliúrtha don deichiú lá breithe.

Leag sí béim ar obair an Chiste i réimse na hoiliúna chomh maith le réimse na léiriúchán. Thug Aodán Mac Póilín, ball de choiste an Chiste, cuntas ar an ‘réamhstair’ mar a thug sé air; achoimre ar an bhfeachtas a rith Iontaobhas Uladh chun cláir Ghaeilge a fháil i dTuaisceart Éireann roimh bhunadh an Chiste. 

Bí an láithreoir teilifíse agus raidió Máire Bhreathnach bean an tí don cheiliúradh. D’inis sise faoi na cúrsaí traenála a rinne sí le cabhair an Chiste. Mar fhorbairt ar an earnáil léirithe Gaeilge i dTuaisceart Éireann, tugadh tacaíocht do thraenáil 200 cainteoir Gaeilge i réimsí éagsúla. Oileadh printísigh sa léiriúchán agus i scileanna teicniúla, tugadh maoiniú do Raidio Fáilte le haghaidh traenála agus tugadh tacaíocht Meon Eile, go háirithe i leith na ngnéithe físe den suíomh.

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ/TUAIRISC: Ceiliúradh 10 mbliana de Chiste Craoltóireachta'