I 1916 chuaigh Colm Ó Gaora as Ros Muc go Gaillimh chun páirt a ghlacadh san Éirí Amach. 100 bliain ina dhiaidh sin, bhailigh rothaithe taobh amuigh dá theach leis an turas stairiuil céanna a dhéanamh. Lean Seán Ó Mainnín iad lena cheamaara do Tuairisc.ie
Dé Luain, Márta 28 2016 ag 6:45 pm
Clann Uí Ghaora ag cur fáilte roimh na rothaithe go dtí a dteach féin in Inbhear, Ros Muc
Clann Uí Ghaora: ar dheis ar fad tá Nan Uí Choirbín, iníon Choilm Uí Ghaora, lena taobh ar chúl tá Peadar, mac Choilm, agus lena taobh tá a hiníon, Conchita, agus a mac Noel. Ar chlé tá Aodán Ó Rúnaigh, fear chéile Chonchita, agus a n-iníon, Aisling
Clann Ui Ghaora agus na rothaithe agus lucht eagraithe roimh thús an turais
John “Tess” Ó Conghaile ag taispeáint boinn chomórtha 1916. Sa lár tá an scríbhneoir Pádraig Ó Cíobháin a ghlac páirt sa turas
Seosamh Ó Cuaig ag inseacht scéal Choilm Uí Ghaora
Nan Uí Choirbín agus Peadar Ó Gaora, iníon agus mac Choilm, ag cur tús leis an turas rothair
Ag dul thar Theach an Phiarsaigh.
Na rothaithe ar a mbealach go Camus
Giorraíonn beirt bóthar…
Na rothaithe ag dul trí Leitir Mucú
Páidí Ó Lionáird, TG4 ar chlé agus comrádaí
Cuan Chasla
Ag sroichint an Spidéal
Na rothaithe á spreagadh le ceol sa Spidéal
Tuilleadh pictiúr anseo