Tháinig na foirne na Gaeltachta agus a lucht tacaíochta chun Na Méilte in Íochtar an Rosann, Dún na nGall le haghaidh Chomórtas Peile na Gaeltachta 2023. an deireadh seachtaine seo caite. Seo blaiseadh den chomórtas... Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie
Bhulf Tón, seaimpíní chraobh na sinsear 2023. Comhchaptaein Bhulf Tón, Seán Mac Fhloinn agus Brughach Ó Fionnagáin agus Corn an Aire buaite acu
An ghrian, an spórt is an chraic. Radharc ar Pháirc na Méilte le linn Chomórtas Peile na Gaeltachta 2023
Clann na nGael, Co na Mí, i gcoinne Lios Póil, Co Chiarraí
Súil chíocrach Chlann na nGael ar an liathróid
Farragh óg, Na Rosa
Béal Átha an Ghaorthaidh abú!
Laochra Loch Lao in aghaidh Chill Chomáin i gcluiche ceathrú ceannais na sóisear
Na Gardaí aa bhí ar dualgas ag an gcomórtas
Luas agus cumas. Ethan Ó Domhnaill, Naomh Conaill ag éalú ó Éanna Ó Duinnín, Béal Átha an Ghaorthaidh
Ard san aer
Athmhuintearas i ndiaidh aighnis bhig… Ethan Ó Domhnaill, Naomh Conaill, agus Cian Ó Duinnín, Béal Átha an Ghaorthaidh
Bhí neart tacaíochta ar fáil ó mhaoirseoirí an chomórtais le linn an deireadh seachtaine
Ag dul malairt slí…Gearóid Ó Goillídhe, Cill na Martra agus Pádraic Ó Ceallaigh, Naomh Anna, Leitir Móir
Ciarán Ó Duinnín, Cill na Martra agus Evan Ó Flatharta, Naomh Anna Leitir Móir i gcluiche ceathrú ceannais na sinsear
Muintir Thír Chonaill ag sú na gréine
Carna Caiseal, Conamara, in aghaidh Lios Póil, Ciarraí
Seán Ó Cuirrín, Carna Caiseal ag lascadh na liathróíde i dtreo chúl Lios Póil agus cúl ag teastáil go géar uathu sna soicindí deiridh
Lios Póil ag filleadh ar an seomra feistis tar éis a mbua ar Charna Caiseal, Conamara
Foireann Chlann na nGael ag féachaint ar chluiche na Mí ar an teilifís
Lucht leanta na foirne baile, Naomh Muire, réidh do chluiche leathcheannais na sóisear in aghaidh Chill Chomáin, Dé Domhnaigh
Liam Ó Maoldomhnaigh, Chill Chomáin ag iarraidh cic Phádraig Mhic Eamharcaigh, Naomh Muire, a bhlocáil
Búir ard na sástachta ó Eoghan Mac Graith tar éis dó cúl cinniúnach a scóráil in aghaidh Naomh Muire sa chluiche leathcheannais
Tá an t-imreoir óg seo réidh le dul ar an bpáirc do Chill Chomáin!
Liadh Nic Craith, Cill Chomáin ag tabhairt aghaidh ar Niamh Ni Chnáimhsí, An Tearmann, i gcluiche leathcheannais na sinsear
Comórtas gheansaithe na Gaeltachta
Cill na Martra sa tóir ar Sharan Ó Fionnagáin, Bhulf Tón, i gcluiche leathcheannais na sinsear
Daniel Barrett agus Séamus Howard ó Bhéal a’Mhuirthead, ar chlé, agus Eoghan McGettigan, Naomh Conaill sna sodair
Sciorr Eoghan McGettigan, Naomh Conaill agus choinnigh Anthony Barrett, Béal a’Mhuirthead súil ghéar air
An Earagail aoibhinn sa chúlra le linn an chomórtais
A ceann faoi ag Ciana Ní Churraoin, Micheál Breathnach agus imreoirí An Chlocháin Léih ar a tóir i i gcluiche ceannais shóisir na mban, Dé Luain
Saskia Boyle, An Clochán Liath, ag casadh ar Aghna Nic Dhonncha, Micheál Breathnach
An bua ag an gClochán Liath
Sorcha Ní Bhaoill, ar chlé, agus Saskia Boyle ag glacadh Corn Raidió na Gaeltachta ó Uachtarán Pheil na Mban, Micheál Naughton
Níl ár sárú le fáil. An Clochán Liath ag ceiliúradh
An Clochán Liath, seaimpíní Chraobh Shóisir na mBan, Comórtas Peile na Gaeltachta 2023
Muintir Mhic Fhionnachtaigh as Oileán Thoraí ag baint taitnimh as na cluichí ceannais
Peileadóir an chomórtais, dar lena lán: Geraldine McLaughlin, Tearmann, leis an liathróid in aghaidh Mhaigh Cuilinn na Gaillimhe sa chluiche ceannais
Ellen de Paor, Maigh Cuilinn, ag cur tús le hionsaí nua
An bua ag An Tearmann
Uachtarán Pheil na mBan Micheál Naughton ag bronnadh Corn Chraobh Shinsir na mBan ar Geraldine McLaughlin
An Tearmann: buaiteoirí Chraobhchomórtas Peile na Gaeltachta 2023
Tiarnach Mac Menamin, peileadóir An Tearmainn, ag fáil barróg óna haintín, Laura Nic Eamharcaigh tar éis a bua
Ard san aer d’fhoirne Ghaoth Dobhair agus Chill Chomáin sa chluiche ceannais
Tá an gaisce déanta ag Caoimhín Ó Casaide
Mairtín Ó hOireachtaigh, ar dheis, ag ceiliúradh pointe cinniúnach a chomhghleacaí Jason Ó Murraithe
Is iad Cill Chomáin na buaiteoirí
Darragh Ó Murchú agus Justin Ó hÉil ag ardú an choirn
Cill Chomáin, seaimpíní na sóisear ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2023
An té is óige ag an gcomórtas? Réaltín, coicís d’aois, ina suí sa chorn taobh lena deartháir Cuán, a máthair Louise agus a hathair Mairtín Ó hOireachtaigh, peileadóir Chill Chomáin
Oisín Ó Máirtín, Bhulf Tón, chun tosaigh ar Shéamus Corcoran agus Caolán McGill, Naomh Conaill i gcluiche ceannais an sinsear
Fiachra Mac an Bhaird tar éis cúl a scóráil sa chéad chúpla nóiméad
Seán Ó Máille ag cur Naomh Conaill chun tosaigh in am breise
Tá sé buaite ag Bhulf Tón
Eoin Ó Dunagáin agus Tomás Ó Gaibhneacháin ag ceiliúradh
Brughach Ó Fionnagáin ag gabháil buíochais le lucht eagraithe Chomórtas Peile na Gaeltachta agus ag tabhairt misnigh don fhoireann chloíte, Naomh ConaillBhulf Tón: Seaimpíní shinsir Chomórtas Peile na Gaeltachta 2023
Céad slán leis Na Méilte agus Comórtas Peile na Gaeltachta 2023
KH
Chomh fada lem’ bharúil, Páraic Ó Ceallaigh an chéad imreoir de chuid Naomh Anna Leitir Móir atá le feiceáil thuas, seachas Seosamh Mac an tSaoir.