Cé go raibh neart cluichí ag Comórtas Peile na Gaeltachta sna Dúnaibh an deireadh seachtaine seo, bhí neart iontas eile le feiceáil freisin. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie
Colm Óg Breathnach ag cásamh deis a chuir a fhoireann amú. Cé gur as Leitir Ceanainn do Cholm bhí dhá uncail leis ag imirt d’fhoireann na Rinne
Saineolaí óg peile ag tabhairt tacaíochta dá fhoireann
‘Tá súil agam gur duine de lucht Laochra Loch Lao thú!’ Duine de lucht leanta óg fhoireann lán-Ghaeilge Bhéal Feirste, Luisne Ní Leannáin lena madra Lola
Lá álainn grianmhar le breathnú ar chluiche sna Dúnaibh
Imní ar chailín sa slua le linn nóiméid dheiridh na himeartha
An tráchtaire spóirt, Antaine Ó Conghaile, RTÉ Raidió na Gaeltachta
Smaoineamh maith sa teas. Chuaigh foireann na Ceathrún Rua ag snámh i gCuan na Long i ndiaidh gach cluiche
Naomh Conaill ag teacht amach tar éis leath ama in aghaidh na Ceathrún Rua. Chuaigh an réiteoir á lorg mar gheall ar an bhfeitheamh fada a bhí orthu
Níl aon cheo le feiceáil! Gaoth Dobhair in aghaidh Naomh Conaill, tráthnóna Dé Sathairn
Córas iompair speisialta. Marion Ní Ghríofa, Naomh Anna Leitir Móir, á hiompar den pháirc agus í gortaithe
Na Gaeil Óga as Baile Átha Cliath agus Laochra Loch Lao Bhéal Feirste ag cur aithne ar a chéile
Níorbh fhios an ag tacú le Gaeil Fhánada nó na Dúnaibh a bhí sé
Cailín Gaelach Chomórtas Peile na Gaeltachta 2018, Clíona Ní Ghallachóir, Gaoth Dobhair, le bean an tí, Michelle Nic Grianna. Pictiúr: Cóilín Ó Dubhthaigh
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Togha na bpictiúr den slua a bhí ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2018'