Seo an dara gailearaí de dhá cheann speisialta ina dtugann Seán Ó Mainnín agus grianghrafadóirí eile Tuairisc.ie amharc ar shaol na Gaeilge agus na Gaeltachta le bliain anuas. Foilsíodh an chéad cheann inné...
Caitríona Coogan, Milagros Valdiviezo agus Ciarán Hogan ag an Traidphicnic ar an Spideál mí Iúil
Paddy agus Joe Griallais ag an Traidphicnic
Tommy Dorgan ag crú na bó ag Féile Lios Póil mí Lúnasa
Is fearr súil romhat ná péire i do dhiaidh! Eagraíodh i gConamara mí Línasa Rás an Mháistir, rás i gcuimhne ar an mbádóir aitheanta Johnny Bailey, nach maireann. Ba ag Johnny a bhíodh An Capall. Aniar ón gCuigéal i Leitir Mealláin go dtí Cuan an Fhir Mhóir a bhí an rás. Pictiúir le Seán Ó Mainnín a bhí ar bord an bháid mhóir, An Capall
Ag crochadh seolta
Bhí gliondar, gleo agus gáire go leor ag campa samhraidh na heagraíochta Gaeilge Feachtas i mBaile Munna i mBaile Átha Cliath ar a dturas lae go dtí Páirc Tayto i gContae na Mí
Bhí an saol bunoscionn don bheirt óg seo as Feachtas mí Lúnasa
Bhí slua breá i láthair ar an Tulaigh mí Lúnasa d’oscailt cheannáras nua Fíbín, an compántas amharclannaíochta, mar ar léiríodh a seó mór nua ‘Cath na Ceathrún Rua’
Na gasúir i lár an aicsin ag Cath na Ceathrún Rua’
Bhí páistí Chorca Dhuibhne i measc na bpáistí óga a chuir tús mí Lúnasa lena gcuid scolaíochta. Ar dhuine acu bhí Dylan Ó Ceallacháin, Scoil Naomh Eirc, Baile an Mhóraigh
Bhí an teach tábhairne, an Pipers Corner i mBaile Átha Cliath lán le lucht leanta Chiarraí agus Bhaile Átha Cliath roimh an gcluiche mór mí Mheán Fómhair agus ‘Reacaireacht’ RTÉ Radió na Gaeltachta á chraoladh beo. Bhí Micheál Ó Leidhin lena gheall €20 ar Chiarraí
Bhí scoth an cheoil agus na siamsaíochta ag na Gaeil sa bPuball Gaeilge ag an Electric Picnic sa Sráidbhail mí Mheán Fhómhair
Sheol Hector Ó hEochagáin, Doireann Ní Ghlacáin, Caitlín Nic Aoidh, Mairéad Ní Chuaig agus Fiona Ní Fhlaithearta sceideal an fhómhair ag TG4 mí Mheán Fómhair. Pictiúr: Clare Keogh
Ní túisce cluichí ceannais na hÉireann imeartha i bPáirc an Chrócaigh ná tháinig 600 páiste Gaeltachta agus Gaelscoile go dtí an ceannáras do GAAGaeilge Go Games. Rinne cúl báire Bhearna an-shábháil in aghaidh An Ghaeltacht
Bhí tír is talamh ag Lá na Mara a d’eagraigh Údarás na Gaeltachta i gCill Chiaráin ag Féile Chill Chiaráin mí Mheán Fómhair. Bhí Liam Seoige réidh le dul chun farraige!
An chéad ghlúin eile ag foghlaim na ceirde ag Lá na Mara
Chuir daltaí scoile ar fud na cruinne stailc aeráide ar bun i mí Mheán Fómhair chun aird a tharraingt ar an éigeandáil timpeallachta. Ina measc bhí daltaí Choláiste Chroí Mhuire an Spidéil i gConamara. Seo Muireann Ní Ghlainn agus Gráinne Bhreathnach lena n-achainí
Bhí maithe agus móruaisle shaol litríocht na Gaeilge i láthair sa Sugar Club i mBaile Átha Cliath mí Dheireadh Fómhair chun lá breithe 70 bliain Gabriel Rosenstock a cheiliúradh. Ina measc bhí a nia, Mario Rosenstock
Rinne Scoil Cholmcille, Ros an Mhíl, Conamara caoga blian a chomóradh le sraith imeachtaí mí Dheireadh Fómhair
Na craoltóirí aitheanta Gráinne agus Síle Seoige lena mamó Bidín, a bhí 100 bliain d’aois mí
B’iad Naomh Conaill seaimpíní Chraobh Shinsir Peile Dhún na nGall 2019 nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Ghaoth Dobhair r sa dara hathimirt ar an gcluiche ceannais mí Dheireadh Fómhair
Bhí Siún Ní Dhuinn, Áine Ní Bhreisleáin agus Doireann Ní Ghlacáin agus Tomás Ó Mainnín, ‘Iriseoir na Bliana’, ag na Gradaim Chumarsáide ag Oireachtas na Samhna
Íte Ní Chionnaith, Tessa Fleming agus Proinsias Ó Coinn ag na Gradaim Chumarsáid ag Oireachtas na Gaeilge i mBaile Átha Cliath
An chéad damhsóir ar an ardán ag STEIP ag an Oireachtas, Shóna Ní Bhródaigh, Cill Fhionnúrach, contae an Chláir
Is fánach an áit a ndéanfá néal!
Snas á chur ar Chorn Uí Riada roimh thús an chomórtais ag Oireachtas na Gaeilge
An bhean ghrinn Aideen McQueen ag GaelGÁIRÍ ag an Oireachtas
Daidí na Nollag agus an-tóir air le linn a chuairte ar an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara mí na Nollag
Bhí slua mór daoine agus an-chuid Éireann tarracóirí i láthair ag Mórchuaird na dTarracóirí i gCorca Dhuibhnemí na Nollag
Bhí Pat O’Connor ag cóisir 90 bliain an scríbhneora Brian Ó Baoill. Agus Pat O’Connor ina gharda, ba é a ghabh Brian agus a thug chun príosúin é nuair a dhiúltaigh sé ceadúnas teilifíse a cheannach mar agóid in aghaidh a laghad Gaeilge a bhí á chraoladh ar sheirbhísí teilifíse RTÉ. Ba é Brian Ó Baoill, a bhí ina fheidhmeannach de chuid Údarás na Gaeltachta ag an am, an chéad duine ón nGaeltacht a daoradh mar chuid den fheachtas sin
Dáithí Mac Gabhann, buachaill trí bliana d’aois atá ag feitheamh ar aistriú croí, lena athair Máirtín, agus iad ag cuidiú le Daidí na Nollag na soilse Nollag a lasadh ag Fleadh Feirste in iarthar Bhéal Feirste
Cath na cinniúna: Peter Pan (Diarmuid de Faoite) agus Hook (Mairéad Ní Chonghaile) i nGeamaireacht na Taibhdheirce
Leabhar spéisiúil, ‘Suaimhneas sa Stábla’ á léamh ag Eibhlín Ní Chonghaile agus Aodh Ó Raghallaigh ag seoladh de chuid An Gúm an mhí seo
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Súil siar ar shaol na Gaeilge agus na Gaeltachta in 2019 trí lionsa Tuairisc.ie… (Cuid 2)'