GAILEARAÍ: Súil siar ar shaol na Gaeilge agus na Gaeltachta in 2018 trí lionsa Tuairisc.ie… (Cuid 1)

Seo an dara gailearaí de dhá cheann speisialta ina dtugann Seán Ó Mainnín agus grianghrafadóirí eile Tuairisc.ie amharc ar shaol na Gaeilge agus na Gaeltachta le bliain anuas. Foilsíodh an chéad cheann inné...

GAILEARAÍ: Súil siar ar shaol na Gaeilge agus na Gaeltachta in 2018 trí lionsa Tuairisc.ie… (Cuid 1)
Jimmy Mac Donnacha, An Maighdean Mhara, ag gáire mar gheall ar mhír faoi féin sa tsraith ‘Bádóirí’. Ar chlé tá a leathbhádóir Máírtín Pheadairín Ó Catháin (

 

Fios ag madraí an bhaile go raibh Halla na Cathrach ‘dearg le fearg’ d’Acht Gaeilge… (Eanáir)

 

An Dream Dearg, Eanáir

 

Bhí ardoíche ag KNEECAP ag Gradaim Cheoil Nós sa Sugar Club mí Eanáir

 

Tomaí Ó Conghaile, úinéir Nós agus bunaitheoir Ghradaim Cheoil Nós, ar chúl stáitse ag éisteacht le Rónán Mac Aodha Bhuí, mí Eanáir

 

Diarmuid de Faoite agus Catherine Denning ag máirseáil trí shráideanna na Gaillimhe i dtreo Ionad Siopadóireachta na Faiche Móire. Is ann a rinne An Taibhdhearc imeachtaí na Chéad Dála  a athchruthú mí 

 

“Cuisle’, Coláiste na Coiribe, Gaillimh ag Scléip Gael Linn, mí 

 

Noah Snyder ag canadh leis an ngrúpa ‘Anlann Pasta’ as Coláiste Pobail Osraí, Co Chill Cheannaigh

 

Dearbhail Nic Dhonncha, Ros a’ Mhíl (

 

Ceol na gcláirseach (

 

Pádraig Ó Mhuircheartaigh, Ruadhán Donovan, Francis O’Brien agus Seán Spillane as Scoil Bhreac-Chluain (

 

Pádraig Ó Sé a bhí ina fhear an tí agus Sharon Hickey ó Chomhar Creidmheasa Chorca Dhuibhne ag Tráth na gCeist

 

Pádraig Ó Mhuircheartaigh, Ruadhán Donovan, Francis O’Brien agus Seán Spillane as Scoil Bhreac-Chluain

 

Bhí neart ceoil agus siamsaíochta ar an gCeathrú Rua, mí Feabhra,  mar ar léirigh rang na hIdirbhliana i Scoil Chuimsitheach Chiaráin an ceoldráma ‘Nine to Five’

 

Ceiliúradh mór agus bláthanna á mbronnadh ag deireadh an cheoldráma

 

Breanndán Ó Beaglaoich agus na scoláirí ag Tionól na nÓg, Scoil Cheoil an Earraigh, Tigh Áine, Baile an Fheirtéaraigh, mí 

 

Ceoltóirí óga an chonsairtín ag Scoil Cheoil an Earraigh

 

An Bumbulance sna Mine mí Márta. Tom Fahy, tiománaí an Bumbulance, in éineacht le páistí an naíonra agus na múinteoirí, Nóra Nic Dhonncha, Barbara Uí Loideáin, Tina Ní Shúilleabháin agus Caroline Ní Chualáin, Comhar Naíonraí na Gaeltachta

 

Daltaí Ghaelscoil Riabhach, Aoife, Megan, Nóinín, Aoife agus Caoimhe agus iad ar an ardán i ‘Fuaim an Cheoil’ i Halla na Cathrach, Gaillimh ag Coirm Gael Linn i mí an

 

Micheál Ó Muircheartaigh réidh le tús a chur leis an rás Inis Iron Meáin. Ina theannta bhí Nicole Drought, Mairéad Ní Fhátharta, Coláiste Naomh Eoin, a d’eagraigh an rás; Mairéad Ní Bhraonáin agus Tracey Leonard, captaen fhoireann pheil na mban na Gaillimhe (

 

Foireann shinsir rugbaí Scoil Chuimsitheach Chiaráin, an Cheathrú Rua, curaidh Chraobh Shinsir Chonnacht do Scoileanna atá ag Forbairt 2019 (

 

Ceol agus craic in Anagaire do Lá Fhéile Pádraig

 

Craic agus ceiliúradh i mBéal Átha an Ghaorthaidh (
Lá Fhéile Pádraig

 

 

 

Na Glasaigh (Márta)

 

Daltaí Oidhreacht Chorca Dhuibhne sásta lena gcuairt ar Tech Féile sa Dubhlann i gcathair na Gaillimhe i mí an Mhárta

 

Féile Scannán an Daingin mí an Mhárta

 

Ryan Ó Raifeartaigh, Emma Ní Fhlannabhra agus Emily Ní Shíocháin, as Coláiste Pobail Átha Luain, buaiteoirí Chraobh na hÉireann sna Sóisir i gComórtas Díospóireachta an Phiarsaigh Gael Linn i mí 

 

Na stocairí Treasa Ní Cheannabháín, Orla Ní Chearra agus Sorcha Ní Chéide i Jingle Ban Jangle sa Taibhdhearc mí 

 

Radharc ar stáitse ag Siansa sa Cheoláras Náisiúnta mí Aibreáin

 

Colmcille, an bád athchóirithe á baisteadh le buidéal seaimpéin ag Ciarán Ó Mac Donncha mí 

 

Ghlac slua breá páirt  i siúlóid charthanachta idir an Daingean agus Ceann Trá i gCorca Dhuibhne mí 

 

Jim, Ciara agus Valerie Leehy réidh chun bóthair (

 

‘Grease’ le rang idirbhliana Ghaelcholáiste an Phiarsaigh, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath, mí 

 

Léiríodh dráma ‘Lugh, Lasair agus an Draoi Briste’ san ‘Amharclann Speisialta’ ar eastát tionsclaíochta na Ceathrún Rua i mí Aibreáin. Dráma nuascríofa ag Darach Mac Con Iomaire a bhí ann a choimisiúnaigh an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta. Suas le 75 gasúr a bhí páirteach ann rud a fhágann gur dócha gurb é seo an léiriú is mó dá leithéid sa Ghaeltacht riamh

 

Is maith liom do cheannsa freisin! Cleachtadh do ‘Lugh, Lasair agus an Draoi Briste’ 

 

Cleachtadh do ‘Lugh, Lasair agus an Draoi Briste’ 

 

Elaine Nic an tSíthigh go péacach sa mhórshiúl ag Féile na Bealtaine sa Daingean

 

Cleas Woodstock ag Mórshiúl Fhéile na Bealtaine

 

Bhí Scoil Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe, ina gcuraidh  tar éis dóibh an bua a fháil ar Ghaelscoil de hÍde, Ros Comáin ag Féile Peile Gael Linn ar an gCeathrú Rua mí Bealtaine

 

Seoladh Chomórtas Peile na Gaeltachta i bPáirc an Chrócaigh mí Bealtaine. Aodhán Mac Fhionnghaile, Cill Chartha, Dún na nGall; Sinéad Ní Cholmáin, Laochra Loch Lao, Aontroim; Colm Ó Muircheartaigh, An Ghaeltacht, Co. Chiarraí; Séamus Ó Muiraithe, Cill Chomáin, Co Mhaigh Eo; Ciarán Mac Fhearghusa, Na Gaeil Óga, Baile Átha Cliath, Donie Breathnach, An Rinn, Port Láirge, agus Conal Ó hIarnáin, CLG Oileáin Árann, Co na. Gaillimhe (Bealtaine)

 

Caitlín Nic Aoidh TG4 ag Ráschúrsa Bhaile na Lobhar, Baile Átha Cliath, mí Bealtaine, agus marcaigh gan chapaill ó Mheánscoil Naomh Pól, Cill Dara agus Gaelcholáiste Cheatharlach sna sodair 

 

I mí an Mheithimh, bhuaigh na Gaeil Óga as Baile Átha Cliath ar Ghaoth Dobhair i mbabhta ceathrú ceannais chomórtas na sóisear ar Pháirc nua na Gaeltachta 

 

An fhoireann baile a thug leo craobh shinsir na bhfear. Uachtarán CLG, John Horan, agus captaen na Gaeltachta, Pádraig Óg Ó Sé. Pictiúr: Manuela Dei Grandi 

 

Ghlac bries is 320 dalta ó Ghaelscoileanna i mBaile Átha Cliath agus i gCill Dara i gceardlann Lego as Gaeilge mí an Mheithimh, ina measc Kate Geraghty agus Sarah Moloney, Scoil Uí Dhálaigh. Pictiúr: Julien Behal 

 

Alannah Farnan agus Órna Nallen, Scoil Uí Dhálaigh 

 

Bhí slua mór iarscoláirí, iarmhúinteoirí, múinteoirí agus tuismitheoirí i láthair nuair a d’oscail an teachta Dála Éamon Ó Cuív Scoil Sailearna, Indreabhán go hoifigiúil mí an Mheithimh, ach bhí ar gach duine dul abhaile faoi dheireadh!

 

Áine, Bandia na Tine (Amy Banks) agus a bansclábhaithe (Seirce Mac Conghaíl agus Sadhbh McKinsky). D’éirigh go hiontach leis an seó ‘Lóchrann Chonamara’ ar an Teach Dóite mí an Mheithimh. Tionscadal de chuid Ghaillimh 2020, ‘Bailte Beaga Smaointe Móra’, a bhí san oíche siamsaíochta d’Fhéile Sin Seáin, a d’eagraigh Cumann Forbartha Chois Fharraige agus Coiste Pobail na Fairche

 

An gaiscíoch ag cosaint na  tine ó na sprideanna 

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Súil siar ar shaol na Gaeilge agus na Gaeltachta in 2018 trí lionsa Tuairisc.ie… (Cuid 1)'