Déardaoin, Nollaig 31 2020 ag 7:07 am
Duine ag siúl thar oifigí chomhlacht earcaíochta Indeed i bhFaiche Stiabhna. Thosaigh fostaithe uile Indeed ag obair ón mbaile ar an 17 Feabhra 2020 nuair a tháinig scéala as Singeapór go raibh an coróinvíreas ar fhostaí dá gcuid ansin. Pictiúr: RollingNews.ie
Preasócáid faisnéise faoi ullmhúcháin na tíre don choróinvíreas in oifigí na Roinne Sláinte ar Shráid Bhagóid, an 26 Feabhra. Liam Woods, Stiúrthóir leis an HSE; an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Sláinte na Roinne Sláinte; agus an Dr Cillian De Gascun, Stiúrthóir na Seirbhíse Tagartha Náisiúnta maidir le Víris. Pictiúr: Leah Farrell / RollingNews.ie
An 28 Feabhra. Mascanna in Aerfort Bhaile Átha Cliath agus fógraí sláinte faoin Covid-19. Pictiúr: Sam Boal / RollingNews.ie
An Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Sláinte na Roinne Sláinte agus an Dr Ronan Glynn, an Leas-Phríomhoifigeach Sláinte. Pictiúr: Sasko Lazarov / RollingNews.ie
Na heitleáin díomhaoin agus imní ar aerlínte, an 14 Márta. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie
Barra an Teampaill ciúnaithe agus na tábhairní dúnta an 15 Márta. Pictiúr: RollingNews.ie
Sráid na Siopaí tréigthe Lá Fhéile Pádraig i nGaillimh. Pictiúr: Seán Ó Mainnín
Leo Varadkar ag fógairt srianta as Washington Lá Fhéile Phádraig
Scaradh sóisialta is scuainí ag Ardoifig an Phoist i mBaile Átha Cliath an 19 Márta. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie
Phil Lynott á chosaint ón víreas le masc. Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie
Foireann Cosanta Sibhialta ag obair ag ionad tástála coróinvíris ar long an chabhlaigh an LÉ Samuel Beckett ag Cé Sir John Rogerson sa bpríomhchathair. Pictiúr: RollingNews.ie
Fógra déanta ag Banc na hÉireann go ndúnfar go sealadach cuid mhór dá gcuid brainsí ós beag duine atá ag teacht isteach. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie
Pointe seiceála ag an nGarda Síochána i bPáirc an Fhionnuisce agus dianghlasáil i bhfeidhm, an 28 Márta. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie
An chéad lá den dianghlasáil agus na Gardaí ag iarraidh ar dhaoine fanacht ag baile más féidir. Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie
Binn Éadair beagnach tréigthe agus daoine ag cloí leis an dianghlasáil. Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie
Trí seachtaine eile dianghlasála i gCill Dara, Laois agus Uíbh Fhailí agus rabhadh crochta ar mhótarbhealach an N7/M7. Pictiúr: Sasko Lazarov/RollingNews.ie
An 16 Bealtaine, lá 51 den dianghlasáil agus an ghrian ag scaladh. Pictiúr: Sasko Lazarov/Rollingnews.ie
Jimmy Shéamais Beag Ó Tuathail agus a bhean Bríd ag cuibhriú i dTír an Fhia, an 19 Bealtaine. Pictiúr: Seán Ó Mainnín
Seán Pheadair Sheáin Ó Domhnaill, An Cheathrú Rua. Pictiúr: Seán Ó Mainnín
Lá 57 agus is cuid den saol an masc. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie
Heidi Gotthalmseder ag An Spailpín Fánach agus Ceardlann an Spidéil oscailte arís. Pictiúr: Lydia Hebras
Lá’l Peadar is Pól, an chéad lá de chéim 3 agus cead ag roinnt daoine freastal ar aifreann arís sa Leas-Ardeaglais. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie
An 13 Lúnasa, lá 109. Ag fanacht leis an Luas agus masc éigeantach ar an gcóras iompair poiblí ón lá inniu. Pictiúr: Sasko Lazarov/RollingNews.ie
An ealaíon faoin aer i gConamara. Pictiúr: Seán Ó Mainnín
Lá 156. Léirsiú i gcoinne mascanna agus rialacha eile ag ceannáras RTÉ i nDomhnach Broc. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie
Lá 176. Béile amuigh faoin aer agus srianta breise le fógairt amárach. Pictiúr: Sasko Lazarov/Rollingnews.ie
Siopaí ag oscailt amárach agus na soilse Nollag lasta. Pictiúr: Sasko Lazarov/RollingNews.ie
Tá sé fliuch gaofar ach daoine sásta a bheith sna siopaí arís. Pictiúr: Leah Farrell / RollingNews.ie
Siopadóireacht na Nollag faoi lán seoil. Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie
Tháinig a thuilleadh srianta dianghlasála i bhfeidhm ag deireadh na bliana nuair a tháinig ardú mór ar líon na gcásanna…
…ach bhí ábhar dóchais ann chomh maith agus tús á chur le cláir vacsaínithe ar fud an domhain.. Pictiúr: Marc O’Sullivan / RollingNews.ie
Annie Lynch, 79, as Baile Átha Cliath, an chéad duine sa stát a fuair an vacsaín Pfizer BioNTech COVID-19. Pictiúr: Marc O’Sullivan / RollingNews.ie
30/12/2020 An Taoiseach, Micheál Martin agus tréimhse eile dianghlasála, go dtí an 31 Eanáir ar a laghad, á fógairt aige. Dúirt an Taoiseach go raibh údar dóchais anois ann nach raibh ann sa bhfómhar nó san earrach – teacht na vacsaíní. ‘Mar a deir an seanfhocal, is é an dóchas lia gach anró,’ arsa Micheál Martin. Pictiúr: JULIEN BEHAL PHOTOGRAPHY/ Rollingnews.ie
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Súil siar ar bhliain uafar aisteach na paindéime…'