Ar Ailbhe Ní Mhurchú a bronnadh le déanaí sparánacht bhliantúil PJ Mhuiceanach do Scoláire na Bliana 2023 Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua. Bunaíodh an sparánacht in onóir do PJ Mhuiceanach Mac Donncha, iarscoláire a bhásaigh go tragóideach blianta ó shin. Thuill a ndílseacht don Ghaeilge sparánachtaí d'Eoin Ó Lupáin agus d'Aoife Ní Chualáín. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
Niamh Nic Dhonncha, neacht le PJ Mac Donncha, ag bronnadh sparánacht a huncail, PJ Mhuiceanach, ar scoláire na bliana 2023 i Scoil Chuimsitheach Chiaráin, Ailbhe Ní Mhurchú
Slua breá cruinnithe le chéile ag an mbronnadh i Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua
Seán Mac Donncha, príomhoide Scoil Chuimsitheach Chiaráin, ag cur fáilte roimh gach duine
Lucht na ngradam: Ailbhe Ní Mhurchú, sparánacht PJ Mhuiceanach; Aoife Ní Chualáin, sparánacht Europus, agus Eoin Ó Lupáin, sparánacht na n-iarmhúinteoirí, ag éisteacht leis an moladh atá á fháil acu ina ‘seanscoil’ agus iad triúr ag freastal ar choláistí
Úna Seoighe, file, iarscoláire agus iar-rúnaí na scoile ag léamh ‘An Déagóir’, dán a scríobh sí féin
Damhsa ó Adhna Ní Fhátharta
An lucht féachana an-tógtha le steipeanna Adhna
Caoimhe Ní Thuathail, iarscoláire
Áine Uí Dhomhnaill, comhscoláire le PJ, ag caint faoina ghroíúlacht agus a chuid spraoi
Máthair PJ, Bridie Mac Donncha, sa lár, ag éisteacht le caint Áine Uí Dhomhnaill faoina mac
Iarscoláire, Isadora Ní Loingsigh, Europus, urraí sparánachta
Mairtín Ó Conghaile, iar-príomhoide SCC ag labhairt thar ceann iarmhúinteoirí na scoile
Gairmthreoraí na scoile, Gráinne Nic an Bhaird
Isadora Ní Loingsigh, Comhlacht Aistriúcháin Europus, urraí sparánacht na Gaeilge, á bronnadh ar Aoife Ní Chualáin as feabhas a cuid Gaeilge scríofa agus labhartha
Sparánacht iarmhúinteoirí SCC á bronnadh ag Mairtín Ó Conghaile ar Eoin Ó Lupáin
Ailbhe Ní Mhurchú, scoláire na bliana 2023, ag gabháil buíochais as a gradam agus a sparánacht
Ailbhe Ní Mhurchú ag casadh amhrán a chum sí féin
Ailbhe Ní Mhurchú ag casadh a hamhráin
Aoife Ní Chualáin
Eoin Ó Lupáin
Lucht na sparánachtaí Eoin Ó Lupáin, Ailbhe Ní Mhurchú agus Aoife Ní Chualáin ina suí chun tosaigh in aice le Bridie Mac Donncha, máthair PJ. Ar chlé tá Áine Uí Dhomhnaill, comhscoláire le PJ. Ar chúl ó chlé tá na hurraithe, Isadora Ní Loingsigh, Europus, Mairtín Ó Conghaile, Iarmhúinteoirí SCC agus Treasa Ní Fhátharta, Comhar Creidmheasa Cholm Cille.; Príomhoide na scoile, Seán Mac Donncha agus an múinteoir Gráinne Nic an Bhaird
Ailbhe Ní Mhurchú lena muintir. Ó chlé: Róise, a tuismitheoirí Aoife agus Brian agus a deartháir, Seán
Eoin Ó Lupáin lena mhuintir, Ó chlé: Martina, Coleman, Eoin agus Lorraine Ní Lupáin
Aoife Ní Chualáin lena máthair Bridie Ní Shúilleabháin, a deirfiúr Áine agus Isadora Ní Loingsigh a bhronn sparánacht Europus uirthi
Gaolta PJ Mhuiceanach agus a chomhscoláirí le foireann na scoile agus sparánaí PJ 2023. Ó chlé chun tosaigh: Teresa Delaney, Hayley Mhic Dhonnacha, Mark Mac Donnacha, Bridie Mhic Dhonnacha, Ailbhe Ní Mhurchú, Clíodhna Uí Fhátharta. Ar chúl ó chlé: Gerard Delaney, Áine Uí Dhomhnaill, Seán Mac Donncha, Niamh Nic Dhonnacha, Ríona Nic Dhonnacha, PJ Mac Donnacha , Rónán Mac Con Iomaire, Breandán Ó hEaghra agus Mairtín Ó Conghaile.
Scoláire na Bliana 2023 agus sparánaí PJ Mhuiceanach, Ailbhe Ní Mhurchú, ag cur a hainm leis an rolla onóra, liosta na sparánaithe eile
Ag an mbronnadh: Treasa Uí Fhátharta, Comhar Creidmheasa Cholm Cille Teo agus Gerard Delaney, Comhar Creidmheasa an Chlocháin
Bridie Ní Shúilleabháin agus Cormac Ó Confhaola
Clíodhna Uí Fhatharta, ar dheis, agus Máire Ní Mháille
Ann Marie Ní Churraoin agus Yvonne Ní Loideáin
Scoláírí Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Sparánacht PJ Mhuiceanach bronnta ar Ailbhe Ní Mhurchú ar an gCeathrú Rua'