GAILEARAÍ: Slua mór i láthair ag seoladh Phlean Teanga na Ceathrún Rua

Bhí na céadta i láthair sa gCrompán ar an gCeathrú Rua, Co na Gaillimhe Dé Sathairn, nuair a sheol Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne Plean Teanga an cheantair. Eagaraíodh os cionn 20 imeacht, idir thaispeántais, cheardlanna agus imeachtaí do ghasúir, le neart na teanga sa cheantar a léiriú. Pictiúir: Seán Ó Mainnín