GAILEARAÍ: Slua mór i dTeach Scríbe chun fáilte a chur roimh an irisleabhar ‘Camus 2019’

Bhí muintir Chamuis as éadan in Óstán Theach Scríbe, Conamara, le déanaí nuair a sheol úinéir Coláiste Chamuis Máire Denvir irisleabhar nua an pharóiste – ‘Camus 2019’. Gealltar idir scéalta gaisce agus staire san iris atá curtha in eagar ag an láithreoir teilifíse Fiona Ní Fhlaithearta agus coiste eagarthóireachta. Pictiúir: Seán Ó Mainnín