GAILEARAÍ: Siansa 2015 – ‘Glór Mhaigh Eo’ na buaiteoirí

Tá Siansa 2015 buaite ag an ngrúpa 'Glór Mhaigh Eo' as Caisleán an Bharraigh i ndiaidh dóibh na moltóirí a mhealladh os comhar slua mór sa Cheoláras Náisiunta an Domhnach seo caite. Pictiúir le Seán Ó Mainnín

D’éirigh le ‘Glór Mhaigh Eo’ an gradam mór a bhuachan  agus iad san iomaíocht le seacht ngrúpa eile i gcraobh ceannais an cheoil thraidisiúnta sa Cheoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath os comhar slua 1,000 duine an Domhnach seo caite. Bronnadh Trófaí Gael Linn agus seic ar €2,500 ar an ngrúpa.

Ba iad ‘Na Rógairí’ as Coláiste Cois Life, Leamhchán, Co. Bhaile Átha Cliath a tháinig sa dara háit agus seic €1,250 buaite acu agus ba iad ‘Faoiseamh’ as Corafinne, Co. an Chláir a bhain an tríú háit agus duais airgid €750.

Bhí lucht an Cheolárais agus iad siúd a bhí ag éisteacht sa bhaile leis an gcraoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, faoi dhraíocht ag na ceoltóirí óga. Ba í an craoltóir Áine Hensey a chuir an cheolchoirm i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Dúirt Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn, gur léirigh Siansa an nasc láidir atá idir ár dteanga agus ár gceol traidisiúnta:

“Le linn Siansa léiríonn na céadta ceoltóirí óga a gcumas ceoil chomh maith lena gcumas sa Ghaeilge agus í mar theanga chumarsáide eatarthu féin agus sa phlé a bhíonn acu le lucht eagraithe an chomórtais.”

Chuir sé spéis ar leith i gcaighdeán ard na n-amhrán Gaeilge i mbliana, gné den chomórtas atá tar éis feabhsú go mór le blianta beaga anuas.

– Craolfar clár teilifíse de chuid Red Shoe Productions ar bhuaicphointí Siansa Gael Linn 2015 ar TG4 ar an gCéadaoin, 6 Bealtaine seo chugainn ag 8 i.n.

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Siansa 2015 – ‘Glór Mhaigh Eo’ na buaiteoirí'