Sheol Cathaoirleach Chomhairle Chontae na Gaillimhe Peter Roche Briogáid Dóiteáin na Ceathrún Rua ag a stáisiún nua sa Chrompán ar an mbaile. Seo an chéad seirbhís dá leithéid do Chonamara Theas. I ndiaidh na hoscailte thug an briogáid taispeántas grafach don pobal mór a bhí i láthair ar a chuid oibre le freastal ar thimpiste bréagach. Pictiúir do Tuairisc.ie le Seán Ó Mainnín
Ionadaithe poiblí agus pobail, Údarás na Gaeltachta agus Chomhairle Chontae na Gaillimhe in éineacht leis an Aire Stáit Seán Kyne sa stáisiún nua
Thóg Comhairle Chontae na Gaillimhe cinneadh ag deireadh 2014 Stáisiún Dóiteáin nua a bhunú i gConamara Theas. I mí Feabhra 2015 tógadh foirgneamh ar léas ar an gCeathrú Rua ó Údarás na Gaeltachta.
Earcaíodh an criú don stáisiún nua agus thosaigh an traenáil ar an 13 Aibreán 2015. Rinneadh an traenáil ar an gClochán, i mBré i gContae Chill Mhantáin, i gCathair na Gaillimhe agus ar an gCeathrú Rua.
Tar éis níos mó ná céad lá traenála a chur i gcrích chomh maith le ceathracha a hocht glaoch tástála a dhéanamh, tháinig Briogáid Dóiteáin na Ceathrún Rua i bhfeidhm i gceart ar an 21 Feabhra 2016. Tá criú naonúir ag an stáisiún, ina measc oifigeach stáisiúin, oifigeach fo-stáisiúin, beirt tiománaithe, meicneoir agus cúigear comhraiceoirí tine.
Bíonn an stáisiún dóiteáin ag freastal ar cheantar 550 ciliméadar cearnach ina bhfuil os cionn 9200 duine ina gcónaí. Chomh maith leis sin tá an stáisiún nua freagrach as riachtanais slándála Chalafort Ros an Mhíl, Aerfort Chonamara, TG4 agus Raidió na Gaeltachta.
Go dtí seo glaodh orthu go dtí 49 eachtra.
An stáisiún nua lán go doras
Nochtann Cathaoirleach Comhairle Chontae na Gaillimhe Peter Roche leac chomórtha ag oscailt stáisiún na Ceathrún Rua ar an gCrompán. In éindigh leis ó chlé tá: Michael Raftery, Príomhoifigeach Dóiteáin, Kevin Kelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne agus Tadhg Ó Conghaile, Údarás na Gaeltachta
Cathaoirleach Chomhairle Chontae na Gallimhe Peter Roche ag gearradh an ribín chun an stáisiún doiteáin a oscailt ar an gCrompán, An Cheathrú Rua. Tá Aire Stáit na Gaeltachta, Teachtaí Dála, ionadaithe pobail agus Údarás na Gaeltachta chomh maith le comhairleoirí contae ina theannta
An tseirbhís dóiteáin i mbun taispeántais ar láthair timpiste
Am chéad chéim. Déantar cuardach ar an láthair d’ábhar contúirteach
Tugtar aire don tiománaí
Déantar an duine atá gortaithe a shocrú agus a chlúdach ó smionagar na n-uirlísí gearrtha
Ag gearradh na fuinneoige
An slua ag déanamh a dtaifead féin den ócáid
Tógtar an tiománaí as an gcarr
Súil ghéar ag an bpobal ar obair an chriú ag an láthair timpiste
An obair déanta. Criú na seirbhíse dóiteáin ó chlé ar chúl: Dónal Mac Donncha, Edward Ó Sé, Seán Ó Domhnaill, Tomás Mac Donncha, Mikie Ó Flatharta. Chun tosaigh: Ronán Ó Sé, Aodán Ó Loideán, Mairtín Mac Donncha agus Pádraig Ó Loideán.
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo: