Nochtadh leac i gcuimhne Chath an Spidéil agus ath-ainmíodh droichead i ndiaidh laoch eile an bhaile, Timín Joe Tim Ó Curraighín, mar chuid d'imeachtaí Fhéile Chois Fharraige. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie
Gaolta chuid de na hÓglaigh a ghlac páirt sa luíochán a cuireadh ar bhaill an RIC 100 bliain ó shin agus ar dódh a gcuid tithe chun talún ag na Dubhchrónaigh. Ar chúl ó chlé: Maidhcín Dan Ó Droighneáin; Pádraig Ned Breathnach; Hughie Johnny Bán Ó Coistealbha agus a dheartháir Éamonn; Beartla Bhaba Ó Cúláin. Chun tosaigh tá Seáinín Ned Breathnach
Gaolta na dteaghlach ar dódh a gcuid tithe in éiric Chath an Spidéil agus an leac chuimhneacháin ar an mballa taobh thiar díobh
Kevin O’Hara, Seán Ó Coisdealbha, Máire Phetir Uí Dhroighneáin, Maidhcín Dan Ó Droighneáin, Pádraic a’ Tailliúra Ó Conghaile agus Gearóid Ó Fátharta
Ceacht staire dúinn. Seán (9) agus Saoirse Ní Chualáin (8) ar dhóigh na Dubhchrónaigh teach a sin-seanuncail, Pádraic Rua Ó Cúláin
Steve Sweeney, Cathaoirleach Chomhlacht Forbartha an Spidéil agus Gearóid Ó Fátharta, ar chlé chun tosaigh agus an t-iarfheisire Seán Ó Neachtain ar dheis, ina seasamh le gaolta na n-óglach
Láthair Chath an Spidéil 100 bliain ó shin
Cairde is gaolta le Timín Joe Tim Ó Curraidhín ag bualadh bos ina onóir ar Dhroichead Timín Joe Tim
Clodagh Ní Dhioráin, gariníon le Timín Joe Tim, ag ceann na siúlóide chun an droichid
Clodagh Ní Dhioráin, gariníon, a nocht an leac, lena mamó, Bairbre Uí Churraidhín, bean chéile Timín
Máire Phetir Uí Dhroighneáin, Jimí Jó Shéamuis Ó Fátharta agus Bairbre Uí Churraidhín
Meaití Jó Shéamuis Ó Fátharta agus a dhéartháir Pádraig Jó Shéamuis
Radharc deas ar an abhainn ó Dhroichead Timín. Luisne Ni Neachtain, Rachael Ní Bhriain agus Siobhán Ni Chualáin
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Searmanais i gcuimhne Chath an Spidéil agus laoch eile an bhaile, Timín Joe Tim'