Bhí bua gan choinne, 4-9 i gcoinne 2-11, ag fir Bhéal Feirste, Laochra Loch Lao, i gcoinne Lios Póil sa chomórtas sóisir maidin Dé Sathairn
Diarmuid Mac Pilibag agus cúl á scóráil aige. Ceithre cinn ar fad a fuair sé le linn an chluiche
Níor éirigh le Bearna na Gaillimhe dul níos faide sa chomórtas ach an oiread agu fuair Cill Chomáin as Maigh Eo an ceann is fearr orthu, 1-12 in aghaidh 1-8
Rinne cúl báire Bhéal an Mhuirthead, Scott Kilker, sábháil den scoth ina gcluiche in aghaidh Bhulf Tón na Mí
…is iad na Laighnigh a thug an lá leo áfach, 2-16 in aghaidh 1-11. Conán Barrett (Béal an Mhuirthead) agus Cillian Ó Briain (Bhulf Tón)
Rúnaí Choiste Náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta, Michéal Mac Donncha, ag faire ar an gcluiche idir An Rinn agus Naomh Columba Dé Sathairn
D’aimsigh Donie Breathnach cúl don Rinn sa chéad leath
Is iad na Conallaigh a tháinig tríd tar éis am breise. Tadhg Ó hUallacháin (An Rinn) ag iarraidh éalú ó Rian Mac Anearcáin (Naomh Columba)
Bhí coimhlint mhór ann i gcomórtas na sinsear Dé Sathairn idir curaidh na bliana seo caite, An Ghaeltacht, agus fir Chonamara, An Cheathrú Rua
Cillín de Paor (An Cheathrú Rua) ag iarraidh stop a chur le hÉanna Ó Conchúir (An Ghaeltacht)
Óigí Ó Sé ag tabhairt faoi scór agus Seán Enda Ó Flaithearta ag iarraidh é a stopadh
Ba é Stiofán Ó Briain a fuair an cúl cinniúnach don Cheathrú Rua, agus bua dhá phointe a bhí acu, 2-9 in aghaidh 1-10
Briseadh croí a bhí i ndán do Chathal Ó Fiannachta nuair a díbríodh fir na Gaeltachta luath as an gcómortas
Oisín Ó Gríofa na Ceathrún Rua ag ceiliúradh
Cúl báire Naomh Conaill, Stephen McGrath, in aghaidh Ghaoth Dobhair
Gavin Mac Giolla Bhríde (Gaoth Dobhair) ag coinneáíl na liathróide ó Jason Campbell (Naomh Conaill)
Cogadh na gcathracha. Na Gaeil Óga agus Laochra Loch Lao i gcluiche ceathrú ceannais sa sóisear
Fir Bhaile Átha Cliath a thug an lá leo, 1-12 in aghaidh 0-9. Aindí Hoileabard (Na Gaeil Óga) agus Fiachra Mac an Bhiocaire (Laochra Loch Lao)
Gaeil Fhánada a bhuaigh an cluiche leathcheannais eile i gcomórtas na sóisear, 0-22 in aghaidh 2-6
I gCraobh Shóisir na mBan, bhuaigh Na Dúnaibh ar Naomh Columba sa bhabhta leathcheannais
I gcraobh na sinsear, bhain Maigh Cuilinn áit amach sa chluiche ceannais i gcoinne Ghleann Fhinne tar éis dóibh An Tearmann a chloí
Imríodh an cluiche ceannais idirmheánach Dé Domhnaigh idir Leitir Móir agus Baile na nGallóglach
Bhí an bua ag mná Dhún na nGall ag deireadh na himeartha, 3-9 in aghaidh 1-7. Ba iad Baile na nGallóglach an chéad fhoireann a thug corn leo an deireadh seachtaine seo
I gcomórtas na bhfear, d’imir an fhoireann baile, Na Dúnaibh, i gcoinne Na Gaeil Óga. Micheál Ó Conaire (Na Gaeil Óga) ar an ionsaí agus súil an tseabhaic ag Bryan Mac Fhionnghaile (Na Dúnaibh) air
D’aimsigh Aindí Devery cúl d’fhir Átha Cliath sa chéad leath
Na Dúnaibh a thug an lá leo, áfach. D’aimsigh Eric Roberts roinnt scóranna dóibh. Seo é Eoin Ó Murchú ag iarraidh é a cheansú
Thug Oisín Ó Siadhail, Gaeil Fhánada, taispeántas den scoth uaidh in aghaidh Chill Chomáin sa chluiche leathcheannais eile i gcomórtas na sóisear
Thug Naomh Columba agus Bhulf Tón aghaidh ar a chéile sa chéad chluiche leathcheannais. Conor Sheppard (Bhulf Tón) anseo ag iarraidh iarracht Rian Mac Giolla Easpaig (Naomh Columba) a bhlocáil
Bhí cúil Fhiachra Ward cinniúnach sa chluiche. D’éirigh le fir na Mí áit a bhaint amach sa chluiche ceannais den chéad uair riamh tar éis dóibh bua 2-12 in aghaidh 1-13 a fháil ar an gCeathrú Rua
Ba iad Naomh Conaill ba láidre sa chéad leath ina gcluiche ceannais in aghaidh na Ceathrún Rua. Pól Mac Aonghusa ag scóráil cúilín dóibh anseo
Rinne an Cheathrú Rua teacht aniar áfach agus, mar a rinne sé in aghaidh na Gaeltachta an lá roimhe, d’aimsigh Stiofán Ó Briain cúl tábhachtach
Ba é Maitiú Ó Domhnaill a d’aimsigh an cúilín cinniúnach don Cheathrú Rua agus an t-am caite, Antaine Ó Conghaile. Colin Ó Domhnaill (uimh.5) agus imreoirí eile na Ceathrún Rua
Duine d’fhoireann bainistíochta na Ceathrún Rua, Connie Guidera, ag ceiliúradh ag deireadh an chluiche.
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Scoth na n-íomhánna ó Chomórtas Peile na Gaeltachta agus an Cheathrú Rua agus Bhulf Tón cáilithe'