
Rinne cumann Shleacht Néill éacht in 2016 nuair a bhuaigh siad Craobhacha Uladh sa pheil, san iomáint agus sa chamógaíocht. Níor éirigh leis na fir Craobh na hÉireann a thabhairt leo ach d’éirigh leis na mná sin a dhéanamh agus Corn Uí Chearúil á chrochadh leo acu ag tús an Mhárta 2017.
Is in aghaidh na gCrócach a bhí foireann peile Shleacht Néill i gcluiche ceannais na hÉireann agus thug fir na Ríochta an lá leo. Colm Cooper a fuair cúl na cinniúna.
Ba iad Cuala Bhaile Átha Cliath a bhuaigh cluiche ceannais na hiomána nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Bhaile Uí Aodha.
Ba é an dul chun cinn a rinne Loch Garman faoi cheannas Davy Fitzgerald scéal mór thús an tséasúir CLG ach bhí drochthréithe Davy le feiceáil chomh maith nuair a thug sé faoi Jason Forde Thiobraid Árann i gcluiche leathcheannais na sraithe.
Sa tsraith peile, ba iad Ciarraí an chéad fhoireann a sháraigh Baile Átha Cliath ó 2014 nuair a bhuaigh foireann Éamonn Fitzmaurice ar fhir na príomhchathrach sa chluiche ceannais i bPáirc an Chrócaigh.
Tar éis dóibh an tsraith a thabhairt leo, choinnigh iománaithe na Gaillimhe orthu ag buachan agus fuair siad an ceann is fearr ar Loch Garman i gcluiche ceannais Laighean. Rinne captaen na Gaillimhe, David Burke, agus Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn beirt an bua a cheiliúradh.
Reáchtáladh Corn Domhanda Rugbaí na mBan in Éirinn ag deireadh an tsamhraidh agus bhí súil le gaisce ó mhná na hÉireann agus iad ar a dtairseach féin. Níor baineadh den dóchas sin nuair a fuair siad an ceann is fearr ar an Astráil.
D’imigh rudaí in olcas ina dhiaidh sin, áfach, agus is san ochtú háit a chríochnaigh na hÉireannaigh tar éis dóibh cluichí a chailleadh in aghaidh na Fraince, na hAstráile agus na Breataine Bige.
I ndiaidh na cainte uile, tharla an troid idir Conor McGregor agus Floyd Mayweather i Las Vegas mí Lúnasa. Cé gur chuir McGregor tús maith leis an troid, sheas an taithí atá ag Mayweather leis. Mar sin féin, thuill an tÉireannach an lab airgid a bhí uaidh.
Chuir Gaillimh deireadh le gorta 29 bliain nuair a bhuaigh siad Craobh Shinsir Iomána na hÉireann ag tús mhí Dheireadh Fómhair.
Níor bhuaigh Port Láirge an corn ó 1959, ach briseadh croí a bhí i ndán do Derek McGrath agus a fhoireann.
Bhí ceiliúradh mór ann i nGaillimh i ndiaidh chluiche ceannais na hÉireann. Léargas iontach ab ea an íomhá de bhainisteoir na Gaillimhe, Micheál Donoghue, agus a athair, Miko, ar an sásamh a bhain leis an mbua.
Níor imir captaen fhoireann Chorcaí, Rena Buckley, aon pheil i mbliana agus i dírithe ar an gcamógaíocht Chuaigh a cinneadh chun sochair di nuair a d’éirigh le Corcaigh díoltas a bhaint amach agus an ceann is fearr a fháil ar Chill Chainnigh i gcluiche ceannais na hÉireann.
Ba iad peileadóirí Bhaile Átha Cliath an chéad fhoireann ó lár na n-ochtóidí a bhuaigh Craobh na hÉireann trí bliana as a chéile nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Mhaigh Eo i gcluiche ceannais drámatúil.
Crá croí a bhí ann arís do na Connachtaigh agus cluiche ceannais eile caillte acu. Bhí bliain den scoth ag Andy Moran, a roghnaíodh mar Pheileadóir na Bliana, ach fós níor éirigh leis an aisling mhór a fhíorú.
Bhí muintir na príomhchathrach ag ceiliúradh arís an tseachtain dár gcionn nuair a thug mná an chontae Craobh na hÉireann leo. Bhí 46,286 duine, an slua is mó riamh a d’fhreastail ar an ócáid seo, i láthair ag an gcluiche ceannais chun bua Noelle Healy (thuas) agus a comrádaithe ar Mhaigh Eo a fheiceáil.
Ba é James McClean laoch na hÉireann nuair a d’aimsigh sé cúl thar a bheith tábhachtach in aghaidh na Breataine Bige chun áit sna babhtaí cáilithe do Chorn an Domhain a chinntiú d’Éirinn.
Is i gcoinne na Danmhairge a bhí Éire sna babhtaí cáilithe sin ach thit an tóin astu sa dara chluiche i mBaile Átha Cliath nuair a rinne Christian Eriksen scrios orthu. Bua 5-1 a bhí ag An Danmhairg agus is iad na Lochlannaigh seachas na Gaeil a bheidh ag triall ar an Rúis in 2018.
Ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair, bhuaigh Katie Taylor craobh an domhain den chéad uair ó thug sí faoin dornálaíocht ghairmiúil. Fuair Taylor an ceann is fearr ar Anahi Esther Sanchez in Caerdydd.
D’éirigh go maith le foireann rugbaí na hÉireann i gcluichí an fhómhair nuair a fuair siad an ceann is fearr ar an Afraic Theas, ar Fhidsí agus ar an Airgintín. D’imir Bundee Aki a chéad chluiche d’Éirinn in aghaidh na hAfraice Theas.
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Scéalta spóirt na bliana…'