GAILEARAÍ: Scéalta lucht 1916 á n-insint i Scoil Lorcáin ag a ngaolta

Deineadh comóradh speisialta ar 1916 i Scoil Lorcáin, Baile na Manach, Baile Átha Cliath, an tseachtain seo caite. Labhair cúigear a raibh gaol acu le mórphearsana na tréimhse sin ag an ócáid. Pictiúir: Seán Ó Mainnín

I measc na gcainteoirí bhí: Patrick McDermott, col seisear le Seán Mac Diarmada; Seán Holohan, mac le Patrick Hugh Holohan a bhí ina measc siú a thug gunnaí i dtír ag Binn Éadair agus a bhí páirteach chomh maith sa ruathar ar Dhún na hArmlainne i bPáirc an Fhionnuisce; Aingeal Ó Buachalla, neach le Con agus Diarmaid Ó Dubhshláine, ar mharaigh forsaí Shasana iad ina dteach féin i gCorcaigh an lá céanna le Loisceadh Chorcaí; Liadain Von der Decken, ar throid a sinseanuncail, an Rathailleach, in Ard Oifig an Phoist; agus Deirdre Stiobhairt, gariníon le Cathal Brugha agus le Traolach Mac Suibhne.

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Scéalta lucht 1916 á n-insint i Scoil Lorcáin ag a ngaolta'