GAILEARAÍ: Scéal spóirt na hÉireann in 2016

Idir EURO 2016, na Cluichí Oilimpeacha agus Craobhacha na hÉireann, bhí neart scéalta a tharraing aird an phobail i rith 2016

San earrach, ba léir nach raibh foireann rugbaí na hÉireann tagtha chucu féin i ndiaidh drochthaispeántais ag Corn an Domhain, agus ba ar Albain agus ar an Iodáil amháin a bhuaigh foireann Joe Scmidt i gCraobh na Sé Náisiún.

D’éirigh le Na Piarsaigh Luimnigh Craobh Iomána na gClubanna a thabhairt leo Lá Fhéile Pádraig nuair a bhí bua slachtmhar acu ar chumann Aontroma, Ruairí Óg, Bun Abhann Dalla.

Sa chomórtas peile, bhuaigh Naomh Éanna, Baile Baodáin ar Mhistéalaigh Chaisleán an Bharraigh. B’in é an dara huair le trí bliana anuas gur chlis ar fhir Mhaigh Eo sa chluiche ceannais i gcoinne fhoireann ón bpríomhchathair.

Bhí bua stairiúil ag Cúige Chonnacht i gcluiche ceannais an PRO12 i mí na Bealtaine. Fuair foireann Pat Lam an ceann is fearr ar Chúige Laighean sa chluiche ceannais chun sméar mhullaigh a chur ar shéasúr dochreidte.

Cé gur chaill foireann na hÉireann an tsraith cluichí a bhí acu i gcoinne na hAfraice Theas sa samhradh, ba ábhar dóchais dóibh gur bhuaigh siad cluiche as baile in aghaidh na Springboks den chéad uair riamh.

Ba iad gaiscí fhoireann sacair na hÉireann is mó a tharraing aird an phobail i mí an Meithimh. Tar éis don Bheilg slad a dhéanamh ar Éirinn sa dara cluiche, bhí bua ag teastáil ó fhoireann Martin O’Neill in aghaidh na hIodáile. D’éirigh leo an beart a dhéanamh, a bhuíochas den chúl a fuair Robbie Brady agus gan ach cúpla nóiméad fágtha sa chluiche.

Ní raibh ach dhá nóiméad imeartha nuair a shlánaigh Brady cic éirice in aghaidh na Fraince sa chéad bhabhta eile den chomórtas, ach níor éirigh le foireann na hÉireann cur leis an méid sin. D’aimsigh Antoine Griezmann dhá chúl don Fhrainc sa dara leath, cuireadh Shane Duffy den pháirc agus bhí rás fhoireann na hÉireann sa chomórtas rite.

D’éirigh le foireann shinsir peile na Gaillimhe Craobh Chonnacht a bhuachan den chéad uair ó 2008 i mí Iúil. Tar éis dóibh Maigh Eo a shárú sa chluiche leathcheannais, thug siad aghaidh ar Ros Comáin. B’éigean an cluiche a athimirt agus rinne Danny Cummins agus a chomhghleacaithe scrios i gCaisleán an Bharraigh agus chroch leo an corn.

Bhuaigh muintir Dhonnabháin, Gary agus Paul, an chéad bhonn a bhuaigh Éire ag Cluichí Oilimpeacha Rio i mí Lúnasa. Tháinig an bheirt deartháireacha sa dara háit sa chomórtas rámhaíochta, Bád Éadrom Beirte.

Cuireadh fáilte ollmhór rompu nuair a tháinig siad abhaile agus an tír uile faoi gheasa acu.

Cúpla lá i ndiaidh bhua na gCorcaíoch, bhuaigh Annalise Murphy bonn eile sa tseoltóireacht. Cé gur chaill sí an deis a bhí aici bonn a bhuachan i Londain ceithre bliana ó shin thug sí tasipeántas iontach uaithi i mbliana.

Fear eile a chuaigh i gcion ar an bpobal ab ea an lúthchleasaí Thomas Barr. Ba bheag nár éirigh bhonn sa bhabhta ceannais leis an Déiseach. Chuir gortuithe as cuid mhaith dó san obair ullmhúcháin agus ba é a dhearcadh dearfach agus a ghealgháirí is a bhí Barr a mheall daoine.

Ní dea-scéala uile a bhí againn i Rio, áfach. Bhí gach duine ag súil go dtabharfadh Katie Taylor bonn óir léi, mar a rinne sí i Londain, ach chaill an bhean Bhré a céad troid agus d’éirigh sí as an dornálaíocht amaitéarach go luath ina dhiaidh.

Dornálaí eile a thosaigh ag troid go gairmiúil i ndiaidh na gCluichí Oilimpeacha é Michael Conlan, a chaill a sheans ar bhonn de bharr cinneadh scannalach moltóireachta ina throid i gcoinne Vladimir Nikitin na Rúise.

Gabhadh Uachtarán Chomhairle Oilimpeach na hÉireann Pat Hickey sa Bhrasaíl agus chuir póilíní na tíre sin ina leith gur thug sé cúnamh do dhream a bhí ag mangaireacht ticéad, rud a shéan sé féin.

Meabhraíodh do Chill Chainnigh nach leosan amháin Corn Mhic Cárthaigh nuair a fuair Tiobraid Árann an ceann is fearr orthu sa chluiche ceannais i mí Mheán Fómhair.

Ba é Séamus Callanan laoch Thiobraid Árann. Trí phointe dhéag a scóráil Callanan agus rinne sé féin agus a chomhghleacaithe scrios ar chosantóirí na gCat.

Cé gur éirigh Eamonn Ryan as bainisteoireacht na mban ag deireadh 2015, níor scaoil mná Chorcaí a ngreim ar chraobh na hÉireann. Uair amháin eile, chloígh siad mná Bhaile Átha Cliath sa chluiche ceannais, an t-aonú huair déag a ndeachaigh an corn go Corcaigh le dhá bhliain déag anuas.

Briseadh croí eile a bhí i ndán do Mhaigh Eo sa chluiche ceannais peile. I ndiaidh dhá chluiche a imirt, ní raibh ach pointe amháin idir iadsan agus Baile Átha Cliath ach ba iad foireann Jim Gavin a bhí ag ceiliúradh.

B’in í an ceathrú craobh atá buaite ag Baile Átha Cliath le cúig bliana anuas agus ba iad an chéad fhoireann ar éirigh leo Craobh Peile na hÉireann a bhuachan dhá bhliain as a chéile ó rinne Ciarraí an beart in 2006 agus in 2007.

Bhain bás tobann bainisteoir Chúige Mumhan, Anthony Foley, stangadh as pobal na hÉireann i mí Dheireadh Fómhair.

Mar chomhartha ómóis dá laoch ar lár, roimh a gcluiche i gcoinne na Nua-Shéalainne i Chicago, sheas imreoirí na hÉireann i gcruth uimhir a hocht, an uimhir a bhíodh ar gheansaí Foley agus é ag imirt.

Lá stairiúil a bhí ann i Soldier Field nuair a fuair foireann na hÉireann an ceann is fearr ar na All-Blacks den chéad uair riamh. Bhí ocht gcluiche dhéag i ndiaidh a chéile buaite ag an Nua-Shéalainn roimhe seo ach bhuaigh Éire orthu 40-29.

Chuir Conor McGregor drochthús le 2016 nuair a chaill sé i gcoinne Nate Diaz i mí Feabhra ach tháinig tÉireannach ar ais go láidir. Bhuaigh sé ar Diaz i mí Lúnasa agus nuair a fuair sé an ceann is fearr ar Eddie Alvarez cúpla mí ina dhiaidh sin, bhí sé ar an gcéad trodaí UFC a bhain criosanna amach in dhá mheáchan éagsúla ag an am céanna.

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Scéal spóirt na hÉireann in 2016'