Eagraíodh i gConamara le déanaí Rás an Mháistir, rás i gcuimhne ar an mbádóir aitheanta Johnny Bailey, nach maireann. Ba ag Johnny a bhíodh An Capall. Aniar ón gCuigéal i Leitir Mealláin go dtí Cuan an Fhir Mhóir a bhí an rás. Pictiúir le Seán Ó Mainnín a bhí ar bord an bháid mhóir, An Capall
Is fearr súil romhat ná péire i do dhiaidh! An Capall ina ndiaidh aniar
Sos roimh thús an rása
A bhfeisteas sábháilteachta orthu agus iad réidh don rása
Ag crochadh seolta
Sáspan an tae ag fiuchadh ar an tine mhóna ar An Capall
Ní mór gach rud a bheith ina cheart ar an bhfarraige
Is deacair an muigín breá tae a bhualadh!
Ag fágáil Chéibh Barret, Cuigéal i gConamara
An Norah faoi lán seoil
An Truelight
Criú scannánaíochta ar bord An Capall
An Tónaí
Téad á geafáil
An Tónaí
An Colmcille , leathbhád, sa lár
An Colmcille ag treabhadh na dtonnta
Is fánach an ghaoth nach ndéanann leas do bhád éigin. An Truelight ag seoladh thart ar An ColmcilleAn Truelight bailithe chun cinn agus iad ag gabháil thar Thúr Lloyd i Leitir Mealláin
An Túr a tógadh le súil a choinneáil ar bháid Napoleon ag breathnú amach ar bháid seoil Chonamara
Dúshlán na farraige cáite
Dídean le fáil ón suaitheadh i gCuan an Fhir Mhóir agus an rás ag teacht chun deiridh
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Rás an Mháistir – radharc ar leith ar bháid agus ar bhádóirí Chonamara ar lá speisialta'