GAILEARAÍ: Raidió scoile nua bunaithe ar lá ceirde i Scoil Chuimsitheach Chiaráin na Ceathrún Rua

D'eagraigh oifigigh Pleanála Teanga na Ceathrún Rua agus Cheantar na nOileán Lá Feasachta Ceirde do dhaltaí Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua mar chuid de chlár imeachtaí chun an chruthaitheacht a spreagadh. Eagraíodh ceardlanna drámaíochta, ealaíne agus ceoil. Cuireadh tús le Raidió Scoile faoi stiúir an chraoltóra, Máirín Nic Con Iomaire. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Ar chúl, ó chlé: Máirín Nic Con Iomaire, craoltóir agus ceann an chúrsa raidió; Eoin Ó Gríofa, Cathal Ó Lochlainn, Pádraig Ó Lochlainn agus Fion Ó Sealbhaigh, feidhmeannach cumarsáide. Chun tosaigh, ó chlé: Caoimhe Ní Fhátharta, Liam Ó Ceallaigh, Anna Maria Ní Chonghaile, Aoife McDonald, Áine Bairéad agus Aaron Ó Lionnáin

 

Fion Ó Sealbhaigh á chur faoi agallamh ag Aaron Ó Lionnáin

 

Sheona Ní Mháille ag cuidiú lena scoláirí sa cheardlann cheoil

 

Díograis foghlama an fhidléara

 

Ceol binn dhaltaí na ranganna ceoil faoi stiúir an mhúinteora Sheona Ní Mháille. Chum na scoláirí amhrán nua le linn na ceardlainne

 

Caitríona Ní Dhomhnaill, aisteoir le Ros na Rún, ag míniú scileanna drámaíochta do dhaltaí an tríú bliain 

 

Daltaí na céad bhliana ag cleachtadh saorléiriú na lámh sa cheardlann drámaíochta

 

Ceardlann drámaíochta agus an teagascóir, Caitríona Ní Dhomhnaill, tar éis na ceardlainne

 

Ealaíontóirí óga

 

Saothar mór ealaíne á chruthú ag buachaillí an tríú bliain

 

Cailíní an tríú bliain i mbun ealaíne

 

Is ait muid mar ealaíontóirí!

 

Máire Áine Ní Ailín, Oifigeach Pleanála Teanga Cheantar na nOileán, a d’eagraigh an Lá Feasachta, le Sinéad Nic Stiofán, leasphríomhoide, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Raidió scoile nua bunaithe ar lá ceirde i Scoil Chuimsitheach Chiaráin na Ceathrún Rua'