Gailearaí de na pictiúir is fearr a sheol ár léitheoirí chugainn an tseachtain seo…
Iarradh ar léitheoirí Tuairisc.ie a gcuid pictiúr féin a sheoladh chugainn ag nuacht@tuairisc.ie faoin téama ‘Droichead’.
Déan cinnte d’ainm a lua leis an bpictiúr chomh maith leis an áit ar tógadh é, agus d’ainm úsáideora Instagram má tá ceann agat. Féadfar na pictiúir a aimsiú ar Instagram faoin haischlib #picphobail.
An tseachtain seo, tá muid ag iarraidh oraibh bhur bpictiúir faoin téama ‘SnaG17’ (Seachtain na Gaeilge). Cuirigí chugainn pictiúir ó imeachtaí Sheachtain na Gaeilge in bhur gceantar féin.
‘Droichead Uí Bhriain, Contae an Chláir’. Thóg Toirdhealbhach Ó Briain, Iarla Thuamhan, droichead adhmaid anseo i 1506. Tógadh an ceann cloiche seo i 1750. Pictiúr: Lisa Ní Bhuachalla
‘Droichead na nDeor, Bealach na Mucaise. Ba ar an droichead seo a scaradh teaghlaigh uathu siúd a bhíodh ag dul ar imirce. Shiúladh siad ar aghaidh go Doire’. Pictiúr: Réamonn Ó Ciaráin
Droichead na Life, nó Droichead na Leathphingine mar a thugtar go coitianta air, i mBaile Átha Cliath. Pictiúr: Tara Benn
‘Puenta La Reina’ (Droichead na Banríona) i Gares i Navarre. Thóg an Bhanríon Muniadona an droichead ar an Río Arga d’oilithrigh ar an Camino de Santiago. Pictiúr: Áine Ní Bhreisleáin
‘Droichead an Spéirbhealaigh Gréine, nó an Sunshine Skyway Bridge, istoíche’, i gCuan Tampa, Mheiriceá. Pictiúr: Éirinn Ní Dhuibhfhinn
“Seandroichead Stari Most a théann thar an Abhainn Neretva in Mostar, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin. Scriosadh é le linn an Chogaidh sna 1990idí agus atógadh é ina dhiaidh. Is láithreán oidhreacha domhanda de chuid UNESCO é.” Pictiúr: Ciara Ní Bhroin
Droichead na Gairfeanaí, an Ghairfeanaigh, Corca Dhuibhne. Pictiúr: Pádraig Ó hAiniféin
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Pictiúir an Phobail – ‘Droichead’'