Chaith Tom Gallagher trí mhí ar chúrsa Gaeilge ar an gCeathrú Rua i 1938. Tá na grianghraif a ghlac sé le linn na tréimhse sin le feiceáil sa taispeántas 'Trí Shúile an Ghaeilgeora' sa Chrompán ar an gCeathrú Rua faoi láthair agus an pobal ag cur an-spéis iontu. Pictiúir (dubh agus bán in ómós do Tom Gallagher): Seán Ó Mainnín
Gariníon agus gaolta an ghrianghrafadóra ag breathnú ar a shaothar
Spreagann pictiúr de phríomhoide scoile i 1939 comhrá
Pictiúir stairiúla eile den Cheathrú Rua in éineacht le taispeántas Tom Gallagher
Seán Ó Domhnaill, Bainisteoir Chomharchumann Mhic Dara, agus Mary Gallagher, bean mhic an ghrianghrafadóra Tom Gallagher
Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge
Ba í Majella Ní Chríocháin, Oireachtas na Gaeilge, sa lár, a d’eagraigh an taispeáintas
Mairéad Uí Bhroin ag éisteacht leis na hóráidí
Mary Gallagher ag caint faoin saothar
Gaolta agus lucht tacaíochta an taispeántais ag seasamh taobh le pictiúr den ghrianghrafadóir féin, Tom Gallagher. Ó chlé: Anna Gallagher (gariníon), Shane Masterson, Joan agus Michael Raftery, Seán Ó Domhnaill, Bainisteoir Comharchumann Mhic Dara; Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge, Tommy agus Marie Gallagher (mac agus iníon Tom) John Ditch, Denise Raftery agus Mary Gallagher.
Muintir na háite ag déanamh iontais den athrú atá tagtha ar an saol ó 1939
Pictiúir a bhainfeadh siar asat!
‘Meastú cé é fhéin?’
Na cuairteoirí deireanacha ar oíche an taispeáintais
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Pictiúir a bhainfidh siar asat! An-tóir ar thaispeántas ‘Trí Shúile an Ghaeilgeora’ ar an gCeathrú Rua'