GAILEARAÍ: Preabchúl parfait i bPáras agus scoth na n-íomhánna eile ó dheireadh seachtaine mór spóirt…

Seo scoth na n-íomhánna ó dheireadh seachtaine mór spóirt sa rugbaí, sa pheil agus san iomáint. Pictiúir le INPHO.ie

GAILEARAÍ: Preabchúl parfait i bPáras agus scoth na n-íomhánna eile ó dheireadh seachtaine mór spóirt…

Níl aon amhras ach gurbh é scéal mór spóirt an deireadh seachtaine ná bua drámatúil na hÉireann in aghaidh na Fraince i gCraobh na Sé Náisiún.

 

Cé go raibh Éire chun cinn don chuid is mó den chluiche, bhreathnaigh sé go raibh an bua faighte ag na Francaigh tar éis do Teddy Thomas úd a scóráil agus deich nóiméad fágtha.

 

Ba é Johnny Sexton laoch na hÉireann, áfach. Tar éis d’fhoireann na hÉireann obair den scoth a dhéanamh chun an deis a chruthú, d’aimsigh Sexton preabchic iontach a d’fhág lúcháir ar fhoireann agus lucht leanúna na hÉireann.

 

Ní raibh an t-ádh céanna ar mhná na hÉireann faraor. Níor aimsigh Éire scór amháin féin agus bhí bua 24 pointe ag na Francaigh orthu Dé Sathairn.

 

Bhí cluichí den scoth sa tsraith peile Dé Sathairn chomh maith. I gCaisleán an Bharraigh, chríochnaigh foireann óg Chiarraí agus gan fágtha ar an bpáirc acu ach 13 imreoir. Mar sin féin rinne siad a ndóthain chun Maigh Eo a chloí…

Ar an Ómaigh, fuair Baile Átha Cliath an ceann is fearr ar Thír Eoghain i gcluiche teasaí eile. Bhí an fhoireann bhaile chun tosaigh ar feadh tréimhsí fada ach tháinig imreoirí Jim Gavin chucu féin chun an bua a thabhairt leo ar deireadh.

 

Ar an Domhnach, bhí bua tábhachtach ag peileadóirí na Gaillimhe ar Dhún na nGall. Ba é Seán Armstrong a d’aimsigh an scór cinniúnach tar éis d’Éamonn Brannigan cúl a scóráil do Gaillimh sa chéad leath.

 

Bhí laethanta móra ag foirne sóisir agus idirmheánacha peile agus iomána i bPáirc an Chrócaigh ag an deireadh seachtaine. Ar an Satharn, thug Cnoc na Graí (Corcaigh) agus An Maigh (Tír Eoghain) leo na coirn.

 

Na Muimhnigh a bhí ag ceiliúradh san iomáint inné, bhuaigh Aird Mhór (Port Láirge) an Chraobh Shóisir agus Ceann Toirc (Corcaigh) a thug leo an Chraobh Idirmheánach.

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Preabchúl parfait i bPáras agus scoth na n-íomhánna eile ó dheireadh seachtaine mór spóirt…'