Bhí paráid an-mhór ar an gCeathrú Rua inniu do Lá Fhéile Pádraig. Os cionn 40 flóta a bhí páirteach, an líon is mó riamh, síltear Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc
Scoil Mhic Dara ag ceiliúradh sheaimpíní na hÉireann, foireann shóisir na Ceathrún Rua
Cuireann an baile fáilte mhór arís roimh a laochra
Scoil Mhic Dara
Muintir na hÚcráine
Scoil Mhuire an Tuairín
Scoil Ros an Mhíl
Scoil Ros an Mhíl
Muintir na Banglaidéise
Scoil Leitir Mealláin
Múinteoir scoile?
An grúpa feachtais tithíochta Bánú
Ceol ar son na tithíochta
Máirtín Mac an Rí agus paisinéir
An Búrcach i ngéibheann ar feadh 500 lá
Ag aithris ar na Búrcaigh
Naomh Pádraig (nó Danny de Bhailís)
Meastar gurb iad Fóidín Mhara atá istigh sa veain seo
Tá an dochar a rinne Stoirm Éowyn i mbéal an phobail agus ar na flótanna
Feirmeoirí agus conraitheoirí ar an mbóthar
A dhroim leis an bparáid. Níl an madra seo tógtha leis an rí rá
Bealach iompair na bhfeirmeoirí
Tóg go mall é leis an rialacha luais nua
Na tumadóirí agus lucht tarrthála
Ceiliúradh na craoibhe
Craic mhaith ag an bhféile
Carr ag tabhairt an dá thaobh den bhóthar leis
Tá Rayan Yusuff an-mhaith ar an mbodhrán. Tá sí lena muintir: Aliyah agus Imran agus a tuismitheoirí Yusuff Saheed agus Adodoyin Yusuff
Ciara agus Áine Ní Chlochartaigh
Seán Lally, Cóilín Jimmy agus Dara Dudley
Chloe Nic an Rí lena buachaill beag Eoghan Flanagan atá cúig seachtaine d’aois
An cúpla Cian agus Nathan Ó Flatharta (10)
Fir Árainn maraithe le tart ag fanacht ar theacht i dtír bairille Guinness
g
Gineadóirí le díol. Praghas maith
“Cúig ard”, ón mbó seo
Tá Croí Ní Chuinn (2) ag cur níos mó suime in uachtar reoite a dearthár, Máirtín (6)
Tá an lá seo iontach ar fad.
Natalia agus a mac, Bohdan
Sallyann McDonagh, Noah agus Breda Lydon
An grúpa a ghlac páirt in aiséirí an fhógra Guinness ó na Seachtóidí “Tá siad ag teacht” sa pharáid. Ó chlé: Seán Ó Máille, Breandán Mac Donnacha, Aodán Mac Donnacha, Garda Anne Flaherty, Connie Guidera, Josie Ó Gríofa, Seán Pheitirín Mac Donncha, Cian Mac Donnacha, Feithín Ó Cualáin, Shaun Ó Cadhain, Jim O’Leary, Pádraic Ó Flatharta agus Micheál Ó Conghaile
Naomh Pádraig is Theresa Hickey, Sconsa, Leitir Móir
Tina agus a peata Chewy i nglas don lá
Orlaith Ní Ghríofa, Ríona Nic Dhonnacha, Córa Seoige agus Maebh Ní Chonfhaola
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Paráid mhór agus slua breá ar an gCeathrú Rua do Lá Fhéile Pádraig'